Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cloch Chinn Fhaolaigh
Title
Cloch Chinn Fhaolaigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Deireadh Foghmhair 6, 1906. Cloch Chinn Fhaolaigh. Támuid tar éis filleadh ó Árd- Sgoil Choluim Chille agus bród ar ár gcroidhe. Ní hé amháin go rabhamar lán-tsásta le n-a bhfacamar agus le n-a gcualamar ins an gColáiste, acht dearbhuigheadh dúinn le linn ár gcuairte ann go bhfuil an Ghaedhilg beo biodgamhail san ngiota so de Thír Chonaill go háirithe. Taobh amuigh de na bailtíbh móra ní labhartar acht í. Is í atá ag na sean-daoinibh ag innsin sgéalta cois teineadh. Is í atá ag na daoinibh meadhon-aosta ag obair dóibh ins an ngarrdha nó ag díol is ag ceannach ar an aonach. Is í atá ag na páistíbh is óige agus iad ag siubhal bóthair na sgoile nó ag cleasaidhe- acht dóibh féin ar an tsráid nó i measg na mbláth. Tá an dúthaigh beag nach chomh Gaedhealach le hIar-Chonnachtaibh. Dalta Iar-Chonnacht freisin, níl aon náire ar na daoinibh fá'n nGaedhilg, acht is amhlaidh tá siad bródamhail aisti. 'Sí an truagh-Mhuire í gan níos mó de na buachaillíbh agus de na cailíníbh óga bheith ábalta ar an teanga do léigheamh agus do sgríobhadh. Dá mbeadh, ní bheadh aon bhaoghal báis ar an nGaedhilg sa gceanntar so go deo na ndeor. Do réir mar mhothuigheamar tá sgoileanna an pharáiste ag déanamh go maith. Ó thárla go bhfuil seo amhlaidh, agus go bhfuil an Coláiste ar bun san áit freisin, níor mhór dhúinn bheith ag súil le n-a thuilleadh léightheoirí agus sgríbhneóirí ó Chloich Chinn Fhaolaigh feasta. I dtaobh na Coláiste, má tá Col- áiste na Mumhan agus Coláiste Chonnacht go maith, ní náire do Chúige Uladh Árd-Sgoil Choluim Chille. Tá suas le leath-chéad sgoláire ann fá láthair, agus bhí cúig dhuine déag is trí fichid ann i lár an tseiseoin. Ní labhartar ar feadh an lae acht Gaedhilg. Tá an teagasg thugtar ann ar fheabhas agus ní bréag a rádh go bhfuil na mic léighinn sásta leis. Caithtear an lá trian le foghluim, trian le ceol agus sgéalaidh- eacht, agus trian le siubhal agus spáisteoir- eacht. Is fada go n-imtheochaidh uainn cuimhne na dtrí lá chuireamar dhínn ar Árd-Sgoil Choluim Chille. Go dtugaidh Dia go gcasfar sinne agus na múinteoirí agus na mic léighinn chéadna — agus tuilleadh le n-ár gcois — ar a chéile arís ar an gcnocán aerach úd!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services