An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Deireadh Foghmhair 6, 1906.
Cloch Chinn Fhaolaigh.
Támuid tar éis filleadh ó Árd-
Sgoil Choluim Chille agus bród ar ár
gcroidhe. Ní hé amháin go rabhamar
lán-tsásta le n-a bhfacamar agus le n-a
gcualamar ins an gColáiste, acht
dearbhuigheadh dúinn le linn ár
gcuairte ann go bhfuil an Ghaedhilg
beo biodgamhail san ngiota so de
Thír Chonaill go háirithe. Taobh amuigh
de na bailtíbh móra ní labhartar acht
í. Is í atá ag na sean-daoinibh ag
innsin sgéalta cois teineadh. Is í
atá ag na daoinibh meadhon-aosta ag
obair dóibh ins an ngarrdha nó ag díol
is ag ceannach ar an aonach. Is í atá
ag na páistíbh is óige agus iad ag siubhal
bóthair na sgoile nó ag cleasaidhe-
acht dóibh féin ar an tsráid nó i measg
na mbláth. Tá an dúthaigh beag nach
chomh Gaedhealach le hIar-Chonnachtaibh.
Dalta Iar-Chonnacht freisin, níl aon
náire ar na daoinibh fá'n nGaedhilg,
acht is amhlaidh tá siad bródamhail
aisti. 'Sí an truagh-Mhuire í gan níos
mó de na buachaillíbh agus de na cailíníbh
óga bheith ábalta ar an teanga do
léigheamh agus do sgríobhadh. Dá mbeadh,
ní bheadh aon bhaoghal báis ar an
nGaedhilg sa gceanntar so go deo
na ndeor. Do réir mar mhothuigheamar
tá sgoileanna an pharáiste ag
déanamh go maith. Ó thárla go bhfuil
seo amhlaidh, agus go bhfuil an Coláiste
ar bun san áit freisin, níor mhór
dhúinn bheith ag súil le n-a thuilleadh
léightheoirí agus sgríbhneóirí ó Chloich Chinn
Fhaolaigh feasta.
I dtaobh na Coláiste, má tá Col-
áiste na Mumhan agus Coláiste Chonnacht
go maith, ní náire do Chúige Uladh
Árd-Sgoil Choluim Chille. Tá suas le
leath-chéad sgoláire ann fá láthair, agus
bhí cúig dhuine déag is trí fichid ann i
lár an tseiseoin. Ní labhartar ar
feadh an lae acht Gaedhilg. Tá an
teagasg thugtar ann ar fheabhas agus ní
bréag a rádh go bhfuil na mic léighinn
sásta leis. Caithtear an lá trian le
foghluim, trian le ceol agus sgéalaidh-
eacht, agus trian le siubhal agus spáisteoir-
eacht.
Is fada go n-imtheochaidh uainn
cuimhne na dtrí lá chuireamar dhínn ar
Árd-Sgoil Choluim Chille. Go dtugaidh
Dia go gcasfar sinne agus na múinteoirí
agus na mic léighinn chéadna — agus tuilleadh
le n-ár gcois — ar a chéile arís ar an
gcnocán aerach úd!