Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fiacha Mac Aodha IV
Title
Fiacha Mac Aodha IV
Author(s)
Mac Aodha, Pádraig,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fiacha Mac Aodha Aiste do rug craobh an Oireachtais, 1906, lé (Comórtas 8, Stair). IV. Leis an intinn sin do chur i bhfeidhm, d'fhág sé Baile Átha Cliath i nduibheacht na hoidhche ar an 25adh lá de'n Eanair, 1595, agus rinne sé fuathar ar Bhaile na gCorr. Níor shaoil Fiacha go dtiocfadh na Gaill isteach chomh hobann sin air agus níor áirigh sé go raibh an Ruiséalach agus díorma saighdiúirí timcheall an tighe ag amhastrach nós scata gadhar. Ní raibh aon am le spáráil. D'éaluigh Fiacha, a bhean, a dhá mhac agus trí duine déag is fiche dá mhuinntir tré bhealach dhiamhair bhí ar an dtaoibh thiar de'n tigh. Gabhadh Baile na gCorr agus socruigheadh buidhean chos- antach ann. Rinne an Ruiséalach a lán- dícheall chum Fiacha do ruagairt amach acht bhí sé ró-fhuadrach dhó agus chlis air é do ghabháil. Thairg an Riaghaltas anois céad go leith punnt d'éinne a gheobhadh é agus céad punnt do'n té a bhéarfadh isteach a cheann. I nAibreán, an bhliadhain chéadna so, tógadh dún ag Monaigh agus chuir an fear-ionaid agus foir- eann allmhurach fútha ann. Bhí Fiacha bocht anois 'n-a dheoraidhe 'n-a thír féin gan talamh gan treo, — sliocht na colna ag truailliughadh a ionadachta agus ag déanamh díothraimh dá fhearann. As so amach is léir go raibh an obair ag dul 'n-a choinnibh agus do réir cunntais níor chabhruigh Gabhail Raghnaill leis, mar shaoileadar go raibh sé ag éirghe ró- chúmhachtach; 26 agus mo bhrón! ní raibh sé féin láidir a dhóthain do'n námhaid. Níor bh'fhada gur gabhadh bean Fhiacha 27 agus cuid dá cháirdíbh gaoil acht gidh go rabhadar go dian ar a thóir féin, chlis,
sé ar “lucht na gcasóg ndearg” a theacht suas leis, agus lean Fiacha air gan spleadhachas dá thóraidhtheoiríbh, — ag crochadh 'chuile Sasanaigh ar a bhfuigh- eadh sé greim, agus ag déanamh a gcreach 'chuile bhealach dá raibh 'n-a chumas. Ar an 30adh de'n Bhealtaine, 1595, thárla gur tháinig cuallacht saighdiúirí i ngan-fhios air acht, cé go raibh sé go faon-lag tar éis a throda cródha, agus cé go raibh sé i gcríonnacht agus i ndroch-shláinte le fada d'aimsir, theip sé ortha é do ghabháil. 28 Anois go dearbhtha shamhluigh sé go gcinnfidhe ortha greim d'fhágháil air agus gur obair i n-aistear é do leanamhaint níos mó. Is cinnte san am chéadna gur chuaidh an an-bhruid gnótha ró-dhian ar Fiacha. Bhí sé sáruighthe amach agus shaoil sé áitiughadh 'dhéanamh, — ag gealladh go mbeadh sé dílis do'n bhainríoghain dá dtabharfaidhe cead dó dul ar ais cuig a shean-áit féin arís agus dá n-ad- mhóchadh an Riaghaltas a fhlaitheamhnas ós cionn a threibhe. Bhí an fear-ionaid ar chaoi ar bith go failligheach fallsa ag leigint do'n aimsir sleamhnughadh; agus bhí Fiacha ag tabhairt lom-bhuille do na Sasanaighibh nuair d'fhéadfadh ag infhiuchadh ins na spéarthaibh ag feitheamh le fáinne an lae ghil gan tada dhá dhéanamh aige. I mí an Aibreáin, 1596, réidhtigheadh a chás i Lonndain agus tugadh cead dó a theacht ar ais go Baile na gCorr. Go doilbh dubhach, ag macht- namh ar dhaor-bhruid na nGaedheal shroich Fiacha a chaisleán, agus níl amhras ann nach raibh sé ag iarraidh acht am 'fhágháil le cur faoi go daingean. Bhí rún aige buille eile a bhualadh ar son a thíre agus ar an ádhbhar sin, atá 'fhios againn cad chuige nár nocht sé níos luaithe na smaointe árd-aigeantacha agus na miana mórdhálacha a bhí aige. Ní luaithe bhí sé socruighthe san tsean-áit nár snaidh- meadh dlúth-chonnradh idir é féin is Aodh Ó Néill, Iarla Thíre Eoghain. Léighimíd gur scríobh sé chuig an Iarla ag iarraidh gléas cogaidh agus go dtiubhradh sé 'chuile congnamh d'fhéadfadh sé dhó san éirghe amach i n-aghaidh na n-all- mhurach. 29 Tháinig faitchíos anois ar an bhfear-ionaid go ngríosfadh an tIarla é chun iarrachta a dhéanamh ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath do thógáil; agus bhí rún aige go mbrisfeadh sé a chumhacht sul a n-éireochadh Fiacha níos láidre. Thóg an Ruiséalach dún nuadh i Ráth- droma agus chuir sé féin agus buidhean saigh- diúrí fútha ann i dtreo go gcuirfidhe teora le himeachtaibh Fhiacha. Ar feadh an gheimhridh bhí na Gaill ar a lorg, gidh gur scríobh Aodh Ó Néill chuig an bhfear- ionaid dá chur i n-iúl dó gur thug Sir Seaghan Norris a fhocal gur maitheadh dó; acht bhí an Ruiséalach 'n-a thíoránach cheann-dána, agus bhí súil aige go gclis- fidhe ar Fhiacha an tan so; agus, mo léan géar! ní raibh sé i bhfad amudha 'n-a thuairim mar chífear go luath. Bhí an ruaig anois ar Fhiacha agus b'éigean dó aistriughadh ó áit go háit — anois, sáidhte le-na bhuidhin bhig i scailpeachaibh agus i n-áiteachaibh a bhfuighidís foscadh ó'n doininn agus ó'n ghairbh-shíon; arís, ar a theicheadh thar cnocaibh is gleanntaibh ó mhadaibh Shasana. San mbliadhain 1597 bhí bunáilte a chu* agus bhíodar 'n-a dhiaidh fé* bheidís i ndiaidh beithidhigh éagcialldha agus eisean ag dul i bhfolach uatha agus ag fágháil fothna i n-áiteannaibh nach bhféadfadh madraí an Riaghaltais theacht air gan duadh. I ndeireadh na dála d'éirigh leo é do ghabháil, agus, is follus, do réir mar léighimíd, go mba náireach agus fealltach an gníomh é. 30 Roimh éirghe gréine, maidin Domhnaigh, an t-ochtmhadh lá de'n Bhealtaine, an bhliadhain 1597, marbhuigheadh an gaiscidheach tréanmhar tré dhubh-smacht na nGall mbrúideach. Tháinig i ngan-fhios air i bpluais cnuic suas le dhá chéad saighdiúir faoi oifigeach airm dar b'ainm Milborne. Tharraing Fiacha a chlaidheamh agus throid sé go dian chomh fada is d'fhan neart a ghéag aige, acht bhí an námhaid ró-láidir dhó an tan so, agus fá dheireadh buaidheadh air. Bhí an sean-laoch treascartha ar lár agus gan éinne 'n-a aice chum cabh- ruighthe leis. Chomh luath is chonnaic na saighdiúirí a sean-námhaid sínte d'éirigheadar chomh fraochmhar gur bh'éigean do'n oifigeach an ceann do scathadh de. 31 Thugadar leo ceann an thaoisigh gaus cuireadh ar spíle ós cionn geata Chaisleáin Bhaile Átha Cliath é. Fágadh annso go ceann tamaill fhada é agus annsin léighimíd gur chuireadh anonn go Lonndain é ionnas go sás- óchadh Eibhlís a súile go raibh an fíor- Éireannach marbh. 32 Mar so cuireadh deireadh leis an sáir-fhear, “Fiacha Mac Aodha,” nach bhféadfadh éinne aon nídh do chur 'n-a leith acht gur ghrádhuigh sé saoirse agus a thír dhúthchais féin. Bhí aigneadh chomh dian, chomh tréan aige is chuir Dia riamh i nduine. Bhí sé 'n-a thaoiseach acfuinneach, agus 'n-a laoch thír-ghrádhach fíor-neamh-eaglach a mhair is d'éag ar son a thíre:— “Gaedheal gan chealg, Gaedheal gan mhairg, Gaedheal gan chamadh gan spléadh- chas.” Is léir go raibh brón ar an ndúthaigh ar fad 'n-a dhiaidh agus go mór-mhór ar a threibh féin. Bhí an “buidheannach” imthighthe anois — an gaiscidheach do chosain iad go dána ar a náimhdibh an fhaid is mhair sé. 33 Deirtear go minic go raibh Fiacha cionntach de mhórán urchóide agus díogh- bhála ar feadh a shaoghail. Iarraim ar an gcúl chainnteoir ar éirigh Sasanach riamh i gcumas nó i réim nach raibh cionntach de thíoránacht agus de fheill- bheart? Ní mar so d'Fhiacha — níor theasbeáin seisean gur cladhaire ná bodach é acht fíor-laoch agus fíor-uasal; gidh go raibh calaois is cealg dá n-imirt air ó thús deireadh. Is 'mdó laoch tréan do chabhruigh le cúis na hÉireann ins an aimsir dhubh- rónaigh úd; acht ní raibh éinne aca d'oibrigh níos cruaidhe agus níos dílse 'ná Fiacha Mac Aodha. Bhí a chroidhe leagtha ar shaoirseacht a thíre, agus ba chuma leis cad d'imtheochadh air féin dá bhféadfadh sé an chúis ghlór- mhar sin a thabhairt chun cinn. Thug sé grádh mór dá thír agus do réir na Sas- anach ní fhéadfadh sé coir níos mó a dhéanamh — ní raibh aon díol 'n-a chomhair acht an chroch; go deimhin ba dheacair d'aon tír-ghrádhuightheoir maireachtaint i nÉirinn um an dtaca sin. Ag féachaint siar ar a bheathaidh is maith tairbheach an ceacht a mhúineann sí dúinn. Cuireann sí i gcuimhne cad ar a shon gur éag an taoiseach so; agus gur cheart dúinne oibriughadh ar son na cúise céadna. Níl aon Éireannach a dhéanfadh machtnamh ar a obair is ar a bhás nach n-abróchadh leis féin gur cheart rud éigin do dhéanamh ar son na hÉireann. Chomh fada is bhí “Fiacha Mac Aodha” faoi réim i gConntae Chille Mhanntáin chuir se cosc leis na bodachaibh saidbhre a bhí san tír, — lucht aineolach an Bhéarla, a bhí ag cruinn- iughadh isteach amhail ál lóchuiste. Go deimhin, mhair cumhacht na nGaedheal chomh fada is mhair na taoisigh agus “na fir mhór calma”; acht nuair chuaidh cumhacht na nGaedheal síos ba doiligh d'Éirinn slighe bheathadh d'fhágháil:— “Bhí a habhlach dá stracadh as a chéile Ag madraibh Sacsan go cealgach d'aon-toisc.” B'fhearacht sin i nÉirinn uair é, acht buidheachas mór do Dhia, ní mar sin atá anois agus ní fhanann an feara-chú ann níos mó. Go deimhin, i bfoclaibh an fhilidh, féadamaoid a rádh:— “Ba mhó 'na abairt i ngach ré Comhairle Dé frí Éirinn uill.” Acht, a léightheoir, gidh gur imthigh na taoisigh is gur imthigh a ghníomhartha mar cheo dhá scapadh as na gleanntaibh le héirghe na gréine, nach bhfuil a fíor-spiorad fós go teann 'n-ár gcroidhthibh acht é do chorrughadh suas? Nach bhfuil i nÉirinn indiu taoisigh chomh dílis dóchasach dícheallach is bhí ann san aimsir i n-allód? Ta go cinnte, tá intinne is géaga ann a bhrisfidh fós cumhacht na n-allmhurach agus a árdóchaidh arís an mheirge ghlas ós cionn sliabh ár dtíre. B'fhada dár sean-mháthair 'n-a trom-shuan — 'seadh, beagnach ó bhás Fiacha Mac Aodha go dtí ceithre bliadhna déag ó shoin nuair cuireadh ar bun Connradh na Gaedhilge; agus d'aimhdheoin a bheith ar leathtrom go síorraidhe tá a sean-shliocht i láthair go fóill. Tá go dearbhtha, agus maireann go fóill i gcroidhthibh na nGaedheal agus mairfidh an fhaid a bhéidh Éireannach ar fhód ghlas na hÉireann, cáil agus clú na sáir-fhear do choimhéad a mháthair dílis ó'n mbás i n-allód, agus do chuir a mbeatha féin i gcontabhairt ar son go bhfeicfeadh siad an t-oileán beag 'n-a raibh pór Mhíleadh feadh na gcianta saor ó mhaslughadh agus ó tharcuisne na nGall. Ná tréigimís-ne an casán ar shiubhal siad; leanamaois air go dlúith ar son saoirseachta. Ní chun bheith ceangailte do Shasana chuir Dia na Glóire an t-oileán so ar bhrághaid na mara. Ná stadamaois-ne chun go mbéidh ár dtír fé riaghlughadh a mhuinntire arís. Annsin is eadh féadfamaoid a rádh gur fíoradh tairngearacht an Bhranaigh, agus taisbeán- far do'n Sasanach nár éag seisean agus a chómhlucht gan tairbhe:— “Dia go deo le Clainn na nGaedheal! Dia go deo le comhacht a láimh! Dia dhár seoladh, i gcomhair an lae 'Mun Bhranach cródha ar Éirinn bháin!” Pádraig Mac Aodha (Tuaim), Connradh Chuilm Chille i Muigh Nuadhat. (Críoch) 33 Ar bhás Fhiacha shaoil na Gaill go raibh an bealach réidh le foireann nuadh do chur isteach ar thalamh an Bhranaigh, acht mo choinsias bhí malairt ar an scéal. Lean a mhac, Féidhlim i coiscéimibh a athar. Throid sé go tréan i n-agh- aidh na n-allmhurach agus gidh gur briseadh maidhm go minic air, chongbhuigh sé greim ar an tsean- oighreacht agus d'fhan Baile na gCorr i lámhaibh na mBranach go dtí an bhliadhain 1641, nuair léigh- imíd go raibh “Seaghán Mac Bhriain Ua Broin” 'n-a oifigeach i n-arm na gCatoiliceacha n-Aon- tuighthe. D'éis sin níl trácht ar ainm Uí Bhroin i stair ár dtíre.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services