Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fiacha Mac Aodha IV

Title
Fiacha Mac Aodha IV
Author(s)
Mac Aodha, Pádraig,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fiacha Mac Aodha



Aiste do rug craobh an Oireachtais, 1906, lé
(Comórtas 8, Stair).



IV.



Leis an intinn sin do chur i bhfeidhm,
d'fhág sé Baile Átha Cliath i nduibheacht
na hoidhche ar an 25adh lá de'n
Eanair, 1595, agus rinne sé fuathar ar
Bhaile na gCorr. Níor shaoil Fiacha
go dtiocfadh na Gaill isteach chomh
hobann sin air agus níor áirigh sé go raibh
an Ruiséalach agus díorma saighdiúirí
timcheall an tighe ag amhastrach nós
scata gadhar. Ní raibh aon am le
spáráil. D'éaluigh Fiacha, a bhean, a dhá
mhac agus trí duine déag is fiche dá
mhuinntir tré bhealach dhiamhair bhí ar an
dtaoibh thiar de'n tigh. Gabhadh Baile
na gCorr agus socruigheadh buidhean chos-
antach ann. Rinne an Ruiséalach a lán-
dícheall chum Fiacha do ruagairt amach
acht bhí sé ró-fhuadrach dhó agus chlis air é
do ghabháil. Thairg an Riaghaltas anois
céad go leith punnt d'éinne a gheobhadh
é agus céad punnt do'n té a bhéarfadh
isteach a cheann. I nAibreán, an
bhliadhain chéadna so, tógadh dún ag
Monaigh agus chuir an fear-ionaid agus foir-
eann allmhurach fútha ann. Bhí Fiacha
bocht anois 'n-a dheoraidhe 'n-a thír féin
gan talamh gan treo, — sliocht na colna
ag truailliughadh a ionadachta agus ag
déanamh díothraimh dá fhearann. As so
amach is léir go raibh an obair ag dul
'n-a choinnibh agus do réir cunntais níor
chabhruigh Gabhail Raghnaill leis, mar
shaoileadar go raibh sé ag éirghe ró-
chúmhachtach; 26 agus mo bhrón! ní raibh sé
féin láidir a dhóthain do'n námhaid.
Níor bh'fhada gur gabhadh bean Fhiacha 27
agus cuid dá cháirdíbh gaoil acht gidh go
rabhadar go dian ar a thóir féin, chlis,


L. 04


sé ar “lucht na gcasóg ndearg” a
theacht suas leis, agus lean Fiacha air gan
spleadhachas dá thóraidhtheoiríbh, — ag
crochadh 'chuile Sasanaigh ar a bhfuigh-
eadh sé greim, agus ag déanamh a gcreach
'chuile bhealach dá raibh 'n-a chumas.



Ar an 30adh de'n Bhealtaine, 1595,
thárla gur tháinig cuallacht saighdiúirí
i ngan-fhios air acht, cé go raibh sé go
faon-lag tar éis a throda cródha,
agus cé go raibh sé i gcríonnacht agus i
ndroch-shláinte le fada d'aimsir, theip
sé ortha é do ghabháil. 28 Anois go
dearbhtha shamhluigh sé go gcinnfidhe
ortha greim d'fhágháil air agus gur obair i
n-aistear é do leanamhaint níos mó.
Is cinnte san am chéadna gur chuaidh
an an-bhruid gnótha ró-dhian ar Fiacha.
Bhí sé sáruighthe amach agus shaoil sé
áitiughadh 'dhéanamh, — ag gealladh go
mbeadh sé dílis do'n bhainríoghain
dá dtabharfaidhe cead dó dul ar ais
cuig a shean-áit féin arís agus dá n-ad-
mhóchadh an Riaghaltas a fhlaitheamhnas
ós cionn a threibhe. Bhí an fear-ionaid
ar chaoi ar bith go failligheach fallsa
ag leigint do'n aimsir sleamhnughadh;
agus bhí Fiacha ag tabhairt lom-bhuille do
na Sasanaighibh nuair d'fhéadfadh ag
infhiuchadh ins na spéarthaibh ag feitheamh
le fáinne an lae ghil gan tada dhá
dhéanamh aige. I mí an Aibreáin, 1596,
réidhtigheadh a chás i Lonndain agus tugadh
cead dó a theacht ar ais go Baile na
gCorr. Go doilbh dubhach, ag macht-
namh ar dhaor-bhruid na nGaedheal shroich
Fiacha a chaisleán, agus níl amhras ann
nach raibh sé ag iarraidh acht am 'fhágháil
le cur faoi go daingean. Bhí rún aige
buille eile a bhualadh ar son a thíre agus
ar an ádhbhar sin, atá 'fhios againn cad
chuige nár nocht sé níos luaithe na
smaointe árd-aigeantacha agus na miana
mórdhálacha a bhí aige. Ní luaithe bhí sé
socruighthe san tsean-áit nár snaidh-
meadh dlúth-chonnradh idir é féin is
Aodh Ó Néill, Iarla Thíre Eoghain.
Léighimíd gur scríobh sé chuig an Iarla
ag iarraidh gléas cogaidh agus go dtiubhradh
sé 'chuile congnamh d'fhéadfadh sé dhó
san éirghe amach i n-aghaidh na n-all-
mhurach. 29 Tháinig faitchíos anois ar an
bhfear-ionaid go ngríosfadh an tIarla
é chun iarrachta a dhéanamh ar Chaisleán
Bhaile Átha Cliath do thógáil; agus bhí rún
aige go mbrisfeadh sé a chumhacht sul a
n-éireochadh Fiacha níos láidre. Thóg
an Ruiséalach dún nuadh i Ráth-
droma agus chuir sé féin agus buidhean saigh-
diúrí fútha ann i dtreo go gcuirfidhe
teora le himeachtaibh Fhiacha. Ar feadh
an gheimhridh bhí na Gaill ar a lorg, gidh
gur scríobh Aodh Ó Néill chuig an bhfear-
ionaid dá chur i n-iúl dó gur thug Sir
Seaghan Norris a fhocal gur maitheadh
dó; acht bhí an Ruiséalach 'n-a thíoránach
cheann-dána, agus bhí súil aige go gclis-
fidhe ar Fhiacha an tan so; agus, mo léan
géar! ní raibh sé i bhfad amudha 'n-a
thuairim mar chífear go luath.



Bhí an ruaig anois ar Fhiacha agus
b'éigean dó aistriughadh ó áit go háit —
anois, sáidhte le-na bhuidhin bhig
i scailpeachaibh agus i n-áiteachaibh a
bhfuighidís foscadh ó'n doininn agus ó'n
ghairbh-shíon; arís, ar a theicheadh thar
cnocaibh is gleanntaibh ó mhadaibh
Shasana. San mbliadhain 1597 bhí
bunáilte a chu* agus bhíodar
'n-a dhiaidh fé* bheidís i
ndiaidh beithidhigh éagcialldha agus eisean
ag dul i bhfolach uatha agus ag fágháil
fothna i n-áiteannaibh nach bhféadfadh
madraí an Riaghaltais theacht air
gan duadh. I ndeireadh na dála
d'éirigh leo é do ghabháil, agus, is follus,
do réir mar léighimíd, go mba náireach
agus fealltach an gníomh é. 30 Roimh éirghe
gréine, maidin Domhnaigh, an t-ochtmhadh
lá de'n Bhealtaine, an bhliadhain 1597,
marbhuigheadh an gaiscidheach tréanmhar
tré dhubh-smacht na nGall mbrúideach.
Tháinig i ngan-fhios air i bpluais cnuic
suas le dhá chéad saighdiúir faoi
oifigeach airm dar b'ainm Milborne.
Tharraing Fiacha a chlaidheamh agus throid
sé go dian chomh fada is d'fhan neart a
ghéag aige, acht bhí an námhaid ró-láidir
dhó an tan so, agus fá dheireadh buaidheadh
air. Bhí an sean-laoch treascartha ar
lár agus gan éinne 'n-a aice chum cabh-
ruighthe leis. Chomh luath is chonnaic na
saighdiúirí a sean-námhaid sínte
d'éirigheadar chomh fraochmhar gur
bh'éigean do'n oifigeach an ceann do
scathadh de. 31 Thugadar leo ceann an
thaoisigh gaus cuireadh ar spíle ós cionn
geata Chaisleáin Bhaile Átha Cliath é.
Fágadh annso go ceann tamaill fhada
é agus annsin léighimíd gur chuireadh
anonn go Lonndain é ionnas go sás-
óchadh Eibhlís a súile go raibh an fíor-
Éireannach marbh. 32 Mar so cuireadh
deireadh leis an sáir-fhear, “Fiacha
Mac Aodha,” nach bhféadfadh éinne
aon nídh do chur 'n-a leith acht gur
ghrádhuigh sé saoirse agus a thír dhúthchais
féin.



Bhí aigneadh chomh dian, chomh tréan
aige is chuir Dia riamh i nduine. Bhí
sé 'n-a thaoiseach acfuinneach, agus 'n-a
laoch thír-ghrádhach fíor-neamh-eaglach a
mhair is d'éag ar son a thíre:—



“Gaedheal gan chealg, Gaedheal gan
mhairg,
Gaedheal gan chamadh gan spléadh-
chas.”



Is léir go raibh brón ar an ndúthaigh
ar fad 'n-a dhiaidh agus go mór-mhór ar a
threibh féin. Bhí an “buidheannach”
imthighthe anois — an gaiscidheach do
chosain iad go dána ar a náimhdibh an
fhaid is mhair sé. 33



Deirtear go minic go raibh Fiacha
cionntach de mhórán urchóide agus díogh-
bhála ar feadh a shaoghail. Iarraim ar
an gcúl chainnteoir ar éirigh Sasanach
riamh i gcumas nó i réim nach raibh
cionntach de thíoránacht agus de fheill-
bheart? Ní mar so d'Fhiacha — níor
theasbeáin seisean gur cladhaire ná
bodach é acht fíor-laoch agus fíor-uasal;
gidh go raibh calaois is cealg dá
n-imirt air ó thús deireadh.



Is 'mdó laoch tréan do chabhruigh le
cúis na hÉireann ins an aimsir dhubh-
rónaigh úd; acht ní raibh éinne aca
d'oibrigh níos cruaidhe agus níos dílse
'ná Fiacha Mac Aodha. Bhí a chroidhe
leagtha ar shaoirseacht a thíre, agus
ba chuma leis cad d'imtheochadh air
féin dá bhféadfadh sé an chúis ghlór-
mhar sin a thabhairt chun cinn. Thug sé
grádh mór dá thír agus do réir na Sas-
anach ní fhéadfadh sé coir níos mó a
dhéanamh — ní raibh aon díol 'n-a chomhair
acht an chroch; go deimhin ba dheacair
d'aon tír-ghrádhuightheoir maireachtaint
i nÉirinn um an dtaca sin.



Ag féachaint siar ar a bheathaidh is
maith tairbheach an ceacht a mhúineann
sí dúinn. Cuireann sí i gcuimhne cad
ar a shon gur éag an taoiseach so; agus
gur cheart dúinne oibriughadh ar son
na cúise céadna. Níl aon Éireannach
a dhéanfadh machtnamh ar a obair is ar
a bhás nach n-abróchadh leis féin gur
cheart rud éigin do dhéanamh ar son
na hÉireann. Chomh fada is bhí “Fiacha
Mac Aodha” faoi réim i gConntae
Chille Mhanntáin chuir se cosc leis na
bodachaibh saidbhre a bhí san tír, — lucht
aineolach an Bhéarla, a bhí ag cruinn-
iughadh isteach amhail ál lóchuiste. Go
deimhin, mhair cumhacht na nGaedheal
chomh fada is mhair na taoisigh agus “na
fir mhór calma”; acht nuair chuaidh
cumhacht na nGaedheal síos ba doiligh
d'Éirinn slighe bheathadh d'fhágháil:—



“Bhí a habhlach dá stracadh as a chéile
Ag madraibh Sacsan go cealgach
d'aon-toisc.”



B'fhearacht sin i nÉirinn uair é, acht
buidheachas mór do Dhia, ní mar sin atá
anois agus ní fhanann an feara-chú ann
níos mó. Go deimhin, i bfoclaibh an
fhilidh, féadamaoid a rádh:—



“Ba mhó 'na abairt i ngach ré
Comhairle Dé frí Éirinn uill.”



Acht, a léightheoir, gidh gur imthigh na
taoisigh is gur imthigh a ghníomhartha
mar cheo dhá scapadh as na gleanntaibh
le héirghe na gréine, nach bhfuil a
fíor-spiorad fós go teann 'n-ár
gcroidhthibh acht é do chorrughadh suas?
Nach bhfuil i nÉirinn indiu taoisigh
chomh dílis dóchasach dícheallach is bhí ann
san aimsir i n-allód? Ta go cinnte, tá
intinne is géaga ann a bhrisfidh fós
cumhacht na n-allmhurach agus a árdóchaidh
arís an mheirge ghlas ós cionn sliabh ár
dtíre. B'fhada dár sean-mháthair 'n-a
trom-shuan — 'seadh, beagnach ó bhás
Fiacha Mac Aodha go dtí ceithre bliadhna
déag ó shoin nuair cuireadh ar bun
Connradh na Gaedhilge; agus d'aimhdheoin
a bheith ar leathtrom go síorraidhe tá a
sean-shliocht i láthair go fóill. Tá go
dearbhtha, agus maireann go fóill i
gcroidhthibh na nGaedheal agus mairfidh an
fhaid a bhéidh Éireannach ar fhód ghlas na
hÉireann, cáil agus clú na sáir-fhear do
choimhéad a mháthair dílis ó'n mbás i
n-allód, agus do chuir a mbeatha féin i
gcontabhairt ar son go bhfeicfeadh siad
an t-oileán beag 'n-a raibh pór Mhíleadh
feadh na gcianta saor ó mhaslughadh agus
ó tharcuisne na nGall. Ná tréigimís-ne
an casán ar shiubhal siad; leanamaois
air go dlúith ar son saoirseachta. Ní
chun bheith ceangailte do Shasana chuir
Dia na Glóire an t-oileán so ar
bhrághaid na mara. Ná stadamaois-ne
chun go mbéidh ár dtír fé riaghlughadh
a mhuinntire arís. Annsin is eadh
féadfamaoid a rádh gur fíoradh
tairngearacht an Bhranaigh, agus taisbeán-
far do'n Sasanach nár éag seisean agus a
chómhlucht gan tairbhe:—



“Dia go deo le Clainn na
nGaedheal!
Dia go deo le comhacht a láimh!
Dia dhár seoladh, i gcomhair an lae
'Mun Bhranach cródha ar Éirinn
bháin!”



Pádraig Mac Aodha (Tuaim),
Connradh Chuilm Chille i Muigh Nuadhat.



(Críoch)




33 Ar bhás Fhiacha shaoil na Gaill go raibh an
bealach réidh le foireann nuadh do chur isteach
ar thalamh an Bhranaigh, acht mo choinsias bhí
malairt ar an scéal. Lean a mhac, Féidhlim i
coiscéimibh a athar. Throid sé go tréan i n-agh-
aidh na n-allmhurach agus gidh gur briseadh maidhm
go minic air, chongbhuigh sé greim ar an tsean-
oighreacht agus d'fhan Baile na gCorr i lámhaibh na
mBranach go dtí an bhliadhain 1641, nuair léigh-
imíd go raibh “Seaghán Mac Bhriain Ua Broin”
'n-a oifigeach i n-arm na gCatoiliceacha n-Aon-
tuighthe. D'éis sin níl trácht ar ainm Uí Bhroin
i stair ár dtíre.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services