Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fiacha Mac Aodha III
Title
Fiacha Mac Aodha III
Author(s)
Mac Aodha, Pádraig,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fiacha Mac Aodha Aiste do rug craobh an Oireachtais, 1906, lé (Comórtas 8, Stair). III. Ar an gceathramhadh lá de'n Aibreán, an bhliadhain seo, chuir Stanley scata saighdiúirí ag triall ar ionad chomhnaidhthe Fhiacha i mBaile na gCorr; bhí sé d'intinn aca theacht ar Fhiacha i ngan fhios agus é do ghabháil gan aireachtáil dá bhféadfaidhe. Nuar shroicheadar an áit, ámh, mhothuigh- eadar go raibh dearmad déanta aca agus is gearr gur theilg siad cunntas an chostais. Ní raibh an sionnach 'n-a chodladh agus ag éalughadh amach le buidhin bhig Ghaedheal, bhuail sé buille tréan tachtmhar ar na Gallaibh. Níor fhéadadar puinn a dhéanamh acht a theach do dhóigheadh agus bhí d'fhiachaibh ortha filleadh a bhaile go bréan díobh féin is dá máighistríbh. 18 Ba bhrónach an scéal a bhí le n-aithris ag Clainn na nGaedheal an tan so. Go deimhin bhí Éire bhocht i gcruth an bháis — marbhuigheadh fir, mná, is páistí ionnas go mbeadh a dtalamh ag lorgairíbh Luther loitbheartaigh. B'é Fiacha an fear is mó chuir imnidhe ar mhuinntir Shasana i gCúige Laighean — níor bh'iongnadh soin, mar bhí rún ag na Sasanaibh an mhaoin agus an creideamh sin a bhaint de. Nuair a chlis sé ar Stanley aon díoghbháil do dhéanamh air, cheap an fear-ionaid go rachadh sé féin arís go Gleann Mhaoilúghra go ndéanfadh sé iarracht eile chun é do ghabháil. Leis an intinn so, shroich sé Gleann Mhaoilúghra i mí an Mheithimh, an bhliadhain chéadna so. Shocruigh sé buidheanta Gallda annso is annsúd agus bhí sé féin is a lorgairí nós scata gadhar ag béicigh 'chuile lá ar thí Fiacha i measc na gcnoc. Bhí an namhaid anois ag teannadh chomh dian air gur bh'éigean dó síothcháin d'éiliughadh, acht thaisbeáin a litreacha do'n fhear- ionaid an oiread sin uaillmhéine is uaibhreachta, — ag iarraidh go mbeadh Iarlacht na Deas-Mhumhan aige, agus fós cead aon chreideamh ba mhaith leis do
chleachtadh — gur dhiúltuigh Grae d'éist- eacht leis. Bhí an iomarca dúile aige i bhfuil do dhortadh, agus lean sé ar an mion-chogadh 'gur chuir easbaidh bídh iachall air an fiadhach a chaitheamh i n-áirde agus filleadh go Baile Átha Cliath. 19 Nuair thuig an fear-ionaid nach dtioc- fadh aon mhór-mhaitheas as an ngéir- leanmhaint seo, thairg sé a phárdún d'Fhiacha dá ngeallfadh nach dtiubhradh sé aon chongnamh níos mó do Thighearna Mhainistir an Bhealaigh. Gheall Fiacha, acht is léir nach raibh sé acht ag fanacht le n-a am féin mar is gearr 'n-a dhiaidh sin gur chroch sé brathadóir d'áirithe dar bh'ainm Captaoin Garrat mar gheall ar thuairisc thug an cluanaidhe so do'n Riaghaltas ar an gcaoi d'iomchair Iarla Chille Dara é féin ar feadh éirghe amach Thighearna Mhainistir an Bhealaigh. 20 Bhí fonn anois ar mhuinn- tir an Chaisleáin na geallta a chrochadh chuir Fiacha isteach roimhe sin ar a dhílseacht, acht ar an ndara smaoineadh thángadar ar atharrughadh intinne. Bhí 'fhios aca go maith go n-ath-chúiteochadh Fiacha é féin i gcaoi éigin, agus ar an ádhbhar soin leig siad ortha go rabhadar lán-sásta le n-a shlighe bheathadh. D'éis seo níor thug sé aon trioblóid do'n Riaghaltas go ceann tamaill fhada. 21 Cuireadh i leith go hÉirinn, Seaghán Perrott 'na fhear-ionaid san mbliadh- ain 1584. Cú mhí-thrócaireach do b'eadh é agus chreidfeá gurab é fuath na nÉireannach an chéad bhallán a tharr- aing sé, — is 'mdhó fealltóir bhí ag imtheacht ar fuid na hÉireann an tan sin acht ní raibh aoinne aca chomh holc chomh diabhlaidhe le Perrott. San mbliadhain 1586, léighimíd gur tháinig Fiacha ós a chomhair i mBaile Átha Cliath agus le n-a thoil féin cuireadh fá bhannaibh an síothchána é. Mar sin féin, is cinnte go raibh Fiacha ag imirt a chárdaí go ríogh-mhaith leis na Sasanaibh agus nach raibh ag teastáil uaidh acht go bhfuigheadh sé lom-bhuille ortha nuair bheadh deis aige. Do réir na litreach scríobh Wallop, árd-fheadhmannach Chille Mhann- táin, chuig Burghley um an dtaca so, is léir freisin go raibh an Riaghaltas ag tabhairt aire mhaith d'Fhiacha, agus go raibh seisean ag clúdadh a bhréig- riochta go gaosmhar faoi scáth na maitheasa. 22 Thuig Perrott 'chaoi ar bith a chleas agus bhí sé buailte isteach 'n-a aigne gan an tír d'fhágáil chun go mbeadh greim daingean aige air. Bhí Wallop — fear a thug fuath do na hÉireannachaibh gan leitheachas — ar an intinn chéadna. Dob' é a bharamhail-sean gur bh'é an rud do b'fhearr le déanamh 'ná é do ghearradh amach ó na cnocaibh agus a ruagadh as Laighnibh. Is amhlaidh atá scríobhtha i litir Perrott chuig Burgh- ley um an dtaca so ag iarraidh gléas cogaidh, — “dá gcuirfidhe anall céad eile saighdiúir chuige go mbeadh cloigeann Fhiacha i gceann sé seachtmhainí aige nó go dtiomán- faidhe isteach san bhfairrge é; agus go socróchadh sé a dhúthaigh i gcuma nach mbeadh sí níos fuide 'n-a domblas Laighean.” 23 Ní raibh ann 'chaoi ar bith acht cainnt gan bárr mar glaodhadh ar ais ar Perrott go Sasana san mbliadhain 1588, sul a raibh sé i n-ann a rún do chur i bhfeidhm. Cuireadh i leith anois Sir Uilliam Fitzwilliam agus do réir cunntais thairg Fiacha géill- eadh dó. Glacadh a fhocal acht gidh gur glacadh, níl amhras ann go raibh Fiacha is a ál mar bhiorán i dtaoibh an Riaghaltais. Bhí sé annsin ós a gcionn le feiceál ó gheataibh Bhaile Átha Cliath ag bagairt ortha ó n-a nead i measc na gcnoc agus gan 'fhios aca an tan glacfadh fonn é 'theacht anuas agus 'bhriseadh ortha chum sásaimh a bhaint díobh ar a ndroch-bheartaibh. Níor buaidheadh riamh ar Fhiacha ar flaitheamhlacht nó ar fhéile ar son na nGaedheal mbocht gcráidhte a bhí faoi smacht agus géar-bhruid na n-allmhurach, agus dearbhuigheadh fírinne na ráidhte so go soiléir san gcongnamh thug sé do'n fhlaith bhocht, Aodh Ruadh Ó Domhnaill, san mbliadhain 1590, agus é ar a theicheadh ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath. 24 Ar feadh na bliana so, 1590, chongbhuigh muinntear na bainríoghna súil cíocrach ar Fhiacha agus is cinnte nach raibh uatha acht leithscéal ar chor go ndéanfaidhe dian-iarracht eile chum “na haithinne do mhúchadh.” Thug Fiacha an leithscéal so dóibh san mbliadhain 1594. Ar an ochtmhadh lá déag de'n Eanair, an bhliadhain seo, d'ionnsuigh a thriúir mhac agus a chliamhain Riabhach Mac Gearailt, 25 teach árd-shirriaim Chille Dara, mar gheall ar fheall-bheart éigin rinne sé ar mhuinntir Bhroin. Chuir siad a theach ar lasadh agus dá bhárr so loisceadh an sirriaim, a bhean, a dhá dheirbhshiúr, a inghean agus bean uasal eile. Ba náireach an bheart í go deimhin agus is inchreidte nach raibh Fiacha cionntach ann acht gur ar a dtoil féin d'ionnsuigh siad an teach agus nach raibh uatha acht an sirriam do scannrughadh. Leagadh an milleán ar Fhiacha 'chaoi ar bith. Scríobh seisean do'n fhear-ionaid ag séanadh go raibh a chead nó a chomhairle aca ag déanamh na héagcóra sin; agus d'athchuing sé air go dtabharfaidhe párdún dóibh. Ghlaoidh an fear-ionaid chuige ar a chomh- airlightheoiríbh go bhfeicfidís céard do b'feárr a dhéanamh, acht sul a bhféad- fadh siad aon rún a ghlacadh cuireadh fios ar an bhfear-ionaid agus b'éigin dó filleadh go Sasana. Tháinig an Ruiséalach anall 'n-a fhear-ionaid 'n-a áit. Bhí sean-aithne aige ar Fhiacha agus a chleasaibh; agus b'é a bharamhail-sean mara dtógfaidhe Baile na gCorr, áit chomh- naidhthe Fhiacha, nach mbeadh aon mhaith i gcainnt ná i ngníomh níos fuide. (Tuilleadh) Pádraig Mac Aodha (Tuaim), Connradh Chuilm Chille i Muigh Nuadhat, (An Seabhac). 25 Sealadh beag 'n-a dhiaidh sin, 1595, gabhadh Riabhach agus daoradh chum báis é, annsin céasadh agus crochadh i mBaile Átha Cliath é.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services