Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fiacha Mac Aodha III

Title
Fiacha Mac Aodha III
Author(s)
Mac Aodha, Pádraig,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fiacha Mac Aodha



Aiste do rug craobh an Oireachtais, 1906, lé
(Comórtas 8, Stair).



III.



Ar an gceathramhadh lá de'n
Aibreán, an bhliadhain seo, chuir
Stanley scata saighdiúirí ag triall
ar ionad chomhnaidhthe Fhiacha i mBaile
na gCorr; bhí sé d'intinn aca
theacht ar Fhiacha i ngan fhios agus é do
ghabháil gan aireachtáil dá bhféadfaidhe.
Nuar shroicheadar an áit, ámh, mhothuigh-
eadar go raibh dearmad déanta aca
agus is gearr gur theilg siad cunntas an
chostais. Ní raibh an sionnach 'n-a
chodladh agus ag éalughadh amach le
buidhin bhig Ghaedheal, bhuail sé buille
tréan tachtmhar ar na Gallaibh. Níor
fhéadadar puinn a dhéanamh acht a theach
do dhóigheadh agus bhí d'fhiachaibh ortha
filleadh a bhaile go bréan díobh féin
is dá máighistríbh. 18



Ba bhrónach an scéal a bhí le n-aithris
ag Clainn na nGaedheal an tan so.
Go deimhin bhí Éire bhocht i gcruth an
bháis — marbhuigheadh fir, mná, is páistí
ionnas go mbeadh a dtalamh ag
lorgairíbh Luther loitbheartaigh. B'é
Fiacha an fear is mó chuir imnidhe ar
mhuinntir Shasana i gCúige Laighean —
níor bh'iongnadh soin, mar bhí rún ag
na Sasanaibh an mhaoin agus an creideamh
sin a bhaint de. Nuair a chlis sé ar
Stanley aon díoghbháil do dhéanamh air,
cheap an fear-ionaid go rachadh sé
féin arís go Gleann Mhaoilúghra go
ndéanfadh sé iarracht eile chun é do
ghabháil. Leis an intinn so, shroich sé
Gleann Mhaoilúghra i mí an Mheithimh,
an bhliadhain chéadna so. Shocruigh sé
buidheanta Gallda annso is annsúd
agus bhí sé féin is a lorgairí nós scata
gadhar ag béicigh 'chuile lá ar thí Fiacha
i measc na gcnoc. Bhí an namhaid
anois ag teannadh chomh dian air
gur bh'éigean dó síothcháin d'éiliughadh,
acht thaisbeáin a litreacha do'n fhear-
ionaid an oiread sin uaillmhéine is
uaibhreachta, — ag iarraidh go mbeadh
Iarlacht na Deas-Mhumhan aige, agus fós
cead aon chreideamh ba mhaith leis do


L. 06


chleachtadh — gur dhiúltuigh Grae d'éist-
eacht leis. Bhí an iomarca dúile aige i
bhfuil do dhortadh, agus lean sé ar an
mion-chogadh 'gur chuir easbaidh bídh
iachall air an fiadhach a chaitheamh i
n-áirde agus filleadh go Baile Átha
Cliath. 19



Nuair thuig an fear-ionaid nach dtioc-
fadh aon mhór-mhaitheas as an ngéir-
leanmhaint seo, thairg sé a phárdún
d'Fhiacha dá ngeallfadh nach dtiubhradh
sé aon chongnamh níos mó do Thighearna
Mhainistir an Bhealaigh. Gheall Fiacha,
acht is léir nach raibh sé acht ag fanacht
le n-a am féin mar is gearr 'n-a dhiaidh
sin gur chroch sé brathadóir d'áirithe
dar bh'ainm Captaoin Garrat mar
gheall ar thuairisc thug an cluanaidhe
so do'n Riaghaltas ar an gcaoi
d'iomchair Iarla Chille Dara é féin ar
feadh éirghe amach Thighearna Mhainistir
an Bhealaigh. 20 Bhí fonn anois ar mhuinn-
tir an Chaisleáin na geallta a chrochadh
chuir Fiacha isteach roimhe sin ar a
dhílseacht, acht ar an ndara smaoineadh
thángadar ar atharrughadh intinne. Bhí
'fhios aca go maith go n-ath-chúiteochadh
Fiacha é féin i gcaoi éigin, agus ar an
ádhbhar soin leig siad ortha go rabhadar
lán-sásta le n-a shlighe bheathadh.
D'éis seo níor thug sé aon trioblóid
do'n Riaghaltas go ceann tamaill
fhada. 21



Cuireadh i leith go hÉirinn, Seaghán
Perrott 'na fhear-ionaid san mbliadh-
ain 1584. Cú mhí-thrócaireach do
b'eadh é agus chreidfeá gurab é fuath na
nÉireannach an chéad bhallán a tharr-
aing sé, — is 'mdhó fealltóir bhí ag
imtheacht ar fuid na hÉireann an tan
sin acht ní raibh aoinne aca chomh holc
chomh diabhlaidhe le Perrott. San
mbliadhain 1586, léighimíd gur tháinig
Fiacha ós a chomhair i mBaile Átha
Cliath agus le n-a thoil féin cuireadh fá
bhannaibh an síothchána é. Mar sin
féin, is cinnte go raibh Fiacha ag
imirt a chárdaí go ríogh-mhaith
leis na Sasanaibh agus nach raibh
ag teastáil uaidh acht go bhfuigheadh sé
lom-bhuille ortha nuair bheadh deis
aige. Do réir na litreach scríobh
Wallop, árd-fheadhmannach Chille Mhann-
táin, chuig Burghley um an dtaca so,
is léir freisin go raibh an Riaghaltas
ag tabhairt aire mhaith d'Fhiacha, agus go
raibh seisean ag clúdadh a bhréig-
riochta go gaosmhar faoi scáth na
maitheasa. 22 Thuig Perrott 'chaoi ar
bith a chleas agus bhí sé buailte isteach
'n-a aigne gan an tír d'fhágáil chun go
mbeadh greim daingean aige air.
Bhí Wallop — fear a thug fuath do na
hÉireannachaibh gan leitheachas — ar an
intinn chéadna. Dob' é a bharamhail-sean
gur bh'é an rud do b'fhearr le déanamh
'ná é do ghearradh amach ó na cnocaibh
agus a ruagadh as Laighnibh. Is amhlaidh atá
scríobhtha i litir Perrott chuig Burgh-
ley um an dtaca so ag iarraidh
gléas cogaidh, — “dá gcuirfidhe anall
céad eile saighdiúir chuige go
mbeadh cloigeann Fhiacha i gceann sé
seachtmhainí aige nó go dtiomán-
faidhe isteach san bhfairrge é; agus go
socróchadh sé a dhúthaigh i gcuma nach
mbeadh sí níos fuide 'n-a domblas
Laighean.” 23 Ní raibh ann 'chaoi ar bith
acht cainnt gan bárr mar glaodhadh ar
ais ar Perrott go Sasana san
mbliadhain 1588, sul a raibh sé i n-ann
a rún do chur i bhfeidhm. Cuireadh i
leith anois Sir Uilliam Fitzwilliam agus
do réir cunntais thairg Fiacha géill-
eadh dó. Glacadh a fhocal acht gidh
gur glacadh, níl amhras ann go raibh
Fiacha is a ál mar bhiorán i dtaoibh an
Riaghaltais. Bhí sé annsin ós a gcionn
le feiceál ó gheataibh Bhaile Átha
Cliath ag bagairt ortha ó n-a nead i
measc na gcnoc agus gan 'fhios aca an
tan glacfadh fonn é 'theacht anuas agus
'bhriseadh ortha chum sásaimh a bhaint
díobh ar a ndroch-bheartaibh.



Níor buaidheadh riamh ar Fhiacha ar
flaitheamhlacht nó ar fhéile ar son na
nGaedheal mbocht gcráidhte a bhí faoi
smacht agus géar-bhruid na n-allmhurach, agus
dearbhuigheadh fírinne na ráidhte so
go soiléir san gcongnamh thug sé do'n
fhlaith bhocht, Aodh Ruadh Ó Domhnaill,
san mbliadhain 1590, agus é ar a theicheadh
ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath. 24



Ar feadh na bliana so, 1590,
chongbhuigh muinntear na bainríoghna
súil cíocrach ar Fhiacha agus is cinnte nach
raibh uatha acht leithscéal ar chor go
ndéanfaidhe dian-iarracht eile chum
“na haithinne do mhúchadh.” Thug Fiacha
an leithscéal so dóibh san mbliadhain
1594. Ar an ochtmhadh lá déag de'n
Eanair, an bhliadhain seo, d'ionnsuigh
a thriúir mhac agus a chliamhain Riabhach Mac
Gearailt, 25 teach árd-shirriaim Chille
Dara, mar gheall ar fheall-bheart
éigin rinne sé ar mhuinntir Bhroin.
Chuir siad a theach ar lasadh agus dá bhárr
so loisceadh an sirriaim, a bhean, a dhá
dheirbhshiúr, a inghean agus bean uasal eile.
Ba náireach an bheart í go deimhin agus is
inchreidte nach raibh Fiacha cionntach ann
acht gur ar a dtoil féin d'ionnsuigh
siad an teach agus nach raibh uatha acht an
sirriam do scannrughadh. Leagadh an
milleán ar Fhiacha 'chaoi ar bith. Scríobh
seisean do'n fhear-ionaid ag séanadh
go raibh a chead nó a chomhairle aca ag
déanamh na héagcóra sin; agus d'athchuing
sé air go dtabharfaidhe párdún dóibh.
Ghlaoidh an fear-ionaid chuige ar a chomh-
airlightheoiríbh go bhfeicfidís céard do
b'feárr a dhéanamh, acht sul a bhféad-
fadh siad aon rún a ghlacadh cuireadh
fios ar an bhfear-ionaid agus b'éigin
dó filleadh go Sasana. Tháinig an
Ruiséalach anall 'n-a fhear-ionaid 'n-a
áit. Bhí sean-aithne aige ar Fhiacha agus a
chleasaibh; agus b'é a bharamhail-sean mara
dtógfaidhe Baile na gCorr, áit chomh-
naidhthe Fhiacha, nach mbeadh aon mhaith
i gcainnt ná i ngníomh níos fuide.



(Tuilleadh)



Pádraig Mac Aodha (Tuaim),
Connradh Chuilm Chille i Muigh Nuadhat,



(An Seabhac).



25 Sealadh beag 'n-a dhiaidh sin, 1595, gabhadh
Riabhach agus daoradh chum báis é, annsin céasadh agus
crochadh i mBaile Átha Cliath é.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services