Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Páistí
Title
Na Páistí
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Meadhon Foghmhair 22, 1906. Na Páistí. Leag an Árd-Fheis de chúram ar an gCoiste Gnótha rud éigin do dhéanamh chum na páistí do mhealladh isteach i gConnradh na Gaedhilge. Is maith linn go bhfuil tosnuighthe ar an obair seo ag an gCoiste cheana féin. Tá sé i n-am agus, dá n-abramuis, thar am againn cuimhneamh ar an aos óg. Támuid ag gabháil do na sgoileannaibh le deich mbliadhnaibh, agus gan mórán againn dá bhárr. Ní hé amháin go bhfuil mór-chuid — an chuid is mó, go deimhin — de na sgoileannaibh amuigh uainn, fós, acht, rud is measa 'ná sin, an méid díobh atá ag cabhrughadh linn agus ag múineadh na Gaedhilge ar a ndícheall, is minic nach i dtaibhre do'n Gheadhilg théidheann a chuid oibre ar chor ar bith. Múintear beagán Gaedh- ilge do'n leanbh ar sgoil; i gceann cúpla bliadhan fágann sé an sgoil, agus — cad imthigheann air? Ní fheadar: ní fheadar éinne. Ní cloistear uaidh ag Feis ná ag Airidheacht ná ag sgrúdughadh; ní thagann sé isteach i gConnradh na Gaedhilge. Cailltear ar an gConnradh agus ar Éirinn é. Seo é an sgéal atá fá'n gConnradh a leigheas. Caithfear é leigheas, nó is beag an mhaith dhúinn bheith a d'iarraidh an Ghaedhilg do chur ar bun ins na sgoileannaibh. An t-aos óg do dhlúth- cheangal le Connradh na Gaedhilge agus le hÉirinn, — sin é atá uainn. Cionnus is féidir an méid sin do dhéanamh? Badh mhaith linn dá ndéanfadh gach duine dár léightheoiríbh machtnamh ar an gceist sin go ceann seachtmhaine.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services