An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Meadhon Foghmhair 22, 1906.
Na Páistí.
Leag an Árd-Fheis de chúram ar an
gCoiste Gnótha rud éigin do dhéanamh
chum na páistí do mhealladh isteach i
gConnradh na Gaedhilge. Is maith
linn go bhfuil tosnuighthe ar an obair
seo ag an gCoiste cheana féin. Tá
sé i n-am agus, dá n-abramuis, thar am
againn cuimhneamh ar an aos óg.
Támuid ag gabháil do na sgoileannaibh
le deich mbliadhnaibh, agus gan mórán
againn dá bhárr. Ní hé amháin go
bhfuil mór-chuid — an chuid is mó, go
deimhin — de na sgoileannaibh amuigh
uainn, fós, acht, rud is measa 'ná sin,
an méid díobh atá ag cabhrughadh linn agus
ag múineadh na Gaedhilge ar a
ndícheall, is minic nach i dtaibhre do'n
Gheadhilg théidheann a chuid oibre ar
chor ar bith. Múintear beagán Gaedh-
ilge do'n leanbh ar sgoil; i gceann
cúpla bliadhan fágann sé an sgoil, agus
— cad imthigheann air? Ní fheadar:
ní fheadar éinne. Ní cloistear uaidh
ag Feis ná ag Airidheacht ná ag
sgrúdughadh; ní thagann sé isteach i
gConnradh na Gaedhilge. Cailltear
ar an gConnradh agus ar Éirinn é. Seo
é an sgéal atá fá'n gConnradh a
leigheas. Caithfear é leigheas, nó is
beag an mhaith dhúinn bheith a d'iarraidh
an Ghaedhilg do chur ar bun ins na
sgoileannaibh. An t-aos óg do dhlúth-
cheangal le Connradh na Gaedhilge agus le
hÉirinn, — sin é atá uainn. Cionnus
is féidir an méid sin do dhéanamh?
Badh mhaith linn dá ndéanfadh gach
duine dár léightheoiríbh machtnamh ar an
gceist sin go ceann seachtmhaine.