Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fiacha Mac Aodha II
Title
Fiacha Mac Aodha II
Author(s)
Mac Aodha, Pádraig,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fiacha Mac Aodha Aiste do rug craobh an Oireachtais, 1906, lé (Comórtas 8, Stair). II. Bhí dubhslán an riaghaltais tugtha ós árd anois agus ní raibh aige acht seasamh go fearamhail i n-aghaidh ceilge is “lámhacht” ghunnaí tréan na n-allmhurach.” Bhí éirghe amach na nGearaltach ar dhearg-lasadh ar fud na Mumhan um an dtaca so. Chuir na Gaedhil a bhí dílis misneamhail i gCúige Laighean cóir ortha féin faoi an dtaoiseach mhór, Tighearna Mhainistir an Bhealaigh, fá sheasamh i n-aghaidh na Sasanach; agus chaith Fiacha a chuid isteach leo go mbrisfidís na slabhraí a bhí ag ceangailt a dtíre le Sasana. Ní bréag a rádh go raibh siad ag teastáil an tan so mar ba brónach an scéal do bhí le n-aithris ag clainn na nGaedheal i gCúige Laighean. Bhí an tír scriosta ag na Sasanaighibh, mharbhuigheadar gach aoinne a ghabhadar i gcruth 's go ndíbh- reochaidís agus go gcuirfidís as an mbealach na hÉireannaigh. Theastuigh an talamh uatha féin, na gadaidhthe, agus chuir- eadar rómpa gan íseal ná uasal a fhágáil ann gan díbirt. I dtaca an ama so, ar an 25adh lá de'n Lughnasadh, chinn ar fear-ionaid ar iarracht eile níos déine 'ná an méid a bhí déanta aige go dtí siúd, do dhéanamh, le súil go gcisfidhe ar Fhiacha agus go múchfaidhe go deoidh splannc Ghlinne Mhaoil- úghra; acht mo choinsias! bhí an Iupus montis go ró-ghlic dhó mar chífimid sara fada. Nuair airigh Fiacha go raibh na Gaill ag cóiriughadh i mBaile Átha Cliath chum é d'ionn- suidhe, níor dhearmad seisean bheith gléasta chum brisligh do chur ar na
Sasanaighibh, agus leis an intinn sin dhírigh sé ar an mball a chuid chleasaidheachta cogaidh do cur i bhfeidhm. Ar dtús chaith sé a champa ag béal Ghlinne Mhaoilúghra agus léighimíd gur sheas Séamus Ustas, na Caomhánaigh, na Cinnsealaigh, agus na Tuathalaigh faoi bhratach an Bhranaigh an tan sin. 15 Is oirdhearc an t-ainm Ghleann Mhaoil- úghra agus is fíor-áluinn an áit í. Atá gleann mór leathan ag síneadh ar nós nathrach i measc cnoc mór atá ag árdughadh a gceann go bródamhail ós cionn neirt sliabh eile atá 'n-a dtim- cheall i n-a ritheann go spóirteamhail an girrfhiadh is an broc. Tá sruth áluinn aoibhinn ag lighe cois na gcnoc. 16 Go deimhin is mórdhachtach an radharc atá le fagháil ann, agus chreidfeá go raibh an talamh leagtha amach ag Dia le haghaidh síl an fheill do ghabháil mar girrfhiadh i bpaintéar. Daingean láidir do b'eadh é, agus isteach san ngleann so dhruid Fiacha agus a shluagh Gaedhealach nuair mhothuigheadar an fear-ionaid agus a scriosadóirí de Shasanaighibh ag teacht:— “Danair i méinn, i gcéill, is i gcealg, Réicí is gaigí ó Lonndain.” Chuaidh na Gaill ar aghaidh ó Bhaile Átha Cliath acht ní rabhadar i n-ann aon nídh a thabhairt fá ndeara ar an tslighe acht na crainn árda mar a thángadar le chéile ós cionn an bhóthair ag déanamh “tigh gréine;” agus i n-áiteann- aibh eile mar ar chaitheadar a scáil treasna an chasáin chun cosca mar dh'eadh a chur leo. Nuair tháinig siad go dtí béal an ghleanna d'fhéachadar thart-timcheall acht níor chuir aon'ne aon chor de. Ar a n-aghaidh isteach bhí Gleann Mhaoilúghra go haonrach uaigneach mar ba ghnáth leis — ghlaca- dar an boighte agus isteach leo go bhfiadhóchadaois amach an leomhan. Ba chumhang achrannach an bealach i n-a ndeacha siad acht mar sin féin rinne siad ar aghaidh go dtángadar go dtí an sruth. Anois bhí sceacha agus tomacha ag fás ar gach taoibh de'n tslighe agus ar a gcúlaibh chuir Fiacha cuid dá arm ionnas nach mbeadh dul ar ais ag na Sasanaighibh dá gcisfidhe ortha. Níos fuide isteach san ngleann bhí corr-choill annso 's annsúd, agus foscuighthe ó'n námhaid a bhí anois ag teannadh isteach bhí foireann Gaedheal i ngach coill aca. Bhí Fiacha, Ustas, agus an chuid eile de'n arm sáidhte i scailpreachaibh agus i n-áiteachaibh a bhfuighidís dídean ag fanacht le haghaidh teachta na Sac- sanach. Chomh luath riamh is shroich an chéad díorma d'arm na n-allmhurach an áit a raibh Fiacha is a fhir i bhfolach, phléasc na hÉireannaigh amach ortha — anuas ó mhullach an chnuic, ó leath-taoibh an bhóthair, nó amach ó lár na coille cnómhaire phreabadar ar aicme an Bhéarla chaoil dá ruagadh 'gus dá stracadh, “dá mbascadh 'gus dá gclaoidhe” agus thuit na Gaill 'n-a sraitheannaibh:— “Acht de gheit do chrith an talamh, Is lasadh suas an choill, Is leagadh sreath breagh Sasanach; Mo ghraidhn thú, a Fhiacha chroidhe!“ Tháinig na Gaedhil chomh hobann soin ortha go raibh sé i n-a dhearg-raic ar an bpoinnte boise. Leagadh agus marbhuigh- eadh iad ó gach taoibh; do ghabh na hÉir- eannaigh tríotha fá mar do gheobhadh creabhar trí scata min-éan lá gaoithe agus measctha go dlúith mar bhíodar thuit na Sacsanaigh:— “Bhí leagadh 'gus gearradh 'gus brúth, Bhí scaipeadh 'gus scannradh 'gus uireasbhaidh.“ Ghabh na Gaedhil de thuaithibh agus de chlaidhmhthibh i n-a námhaidh go rabhadar i n-uachtar. Nuair chonnaic an fear- ionaidh, Grae, an t-éirleach agus an t-ath- chumadh a bhí ar a fhearaibh d'órduigh sé dhá mharc-shluagh fear capaill do dhíriughadh ar na hÉireannaighibh. Thos- nuigh an troid anois dá ríribh, acht bhí na buanaidhthe san ngort agus thuit an t-athfhás rómpa go dtí nach raibh le feiceál acht rian na scrabanna, agus dar fiadh, ba throm an buille é — bhí an féar 'n-a thulchaibh 'n-a ndiaidh. Bhí an ruaig ortha anois go léir. Theich na Gaill ar ais agus fir Fiacha ag rith 'n-a ndiaidh mar leomhain ar buile. Nuair tháinig siad go béal an ghleanna d'ionnsuigh an fhoireann Ghaedhealach d'fhág Fiacha annsin iad agus marbhuigheadh a lán aca. Thárla go bhfuair an fear- ionaid agus buidhean bheag a mbealach amach thar an cnocaibh acht d'fhág sé ós cionn ocht gcéad dá gcuid fear marbh de bhárr an chatha sin. 17 Bhí gáirdeachas is ríméad mór ar chlainn an Bhranaigh anois agus sul a bhféadfadh an fear-ionaid a riocht do cheartughadh agus arm eile do chur le chéile, phléasc Fiacha isteach ar an bPála agus loisc sé na bailte a bhí i seilbh na Sasanach. Ag teacht ar ais 'chaoi ar bith, casadh sluagh Sasanach air agus san achrann bhí eatorra marbhuigheadh cuid dá fhearaibh. Thug Fiacha a aghaidh anois ar Bhaile Átha Cliath agus i ndeireadh na bliadhna so, 1580, dhóigh sé sráid-bhaile sonasta Gallda dar bh'ainm Rathgual a bhí timcheall deich míle ó'n bhaile mhór, agus bhí muinntear na cathrach ar bhaille- chrith le faitchíos go ndíreochthaidhe ortha fhéin an chéad uair eile. Ar feadh an gheimhridh bhí gárda socruighthe i gConn- tae Chille Mhanntáin faoi na dtighearna Stanley agus dá bhrígh sin ní raibh cead a choise ag Fiacha mar bhí cheana. Níor thaithnigh leis-sean an bhuidhean Ghallda so a bheith chomh gar sin dó, agus ar an dara lá déag de'n Eanair, 1581, d'fhéach sé le n-a ruagadh acht chlis sé air. Níor stop sé ag gabháilt dóibh 'chaoi ar bith 'chuile dheis a gheobhadh sé agus níor bh'fhada go bhfuaireadar amach gur mío-mhaiseach an obair dhóbhtha cur chuige ar an tslighe sin. (Tuilleadh) Pádraig Mac Aodha (Tuaim), Connradh Chuilm Chille i Muigh Nuadhat, (An Seabhac).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services