Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fiacha Mac Aodha II

Title
Fiacha Mac Aodha II
Author(s)
Mac Aodha, Pádraig,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fiacha Mac Aodha



Aiste do rug craobh an Oireachtais, 1906, lé
(Comórtas 8, Stair).



II.



Bhí dubhslán an riaghaltais tugtha
ós árd anois agus ní raibh aige
acht seasamh go fearamhail i n-aghaidh
ceilge is “lámhacht” ghunnaí tréan na
n-allmhurach.” Bhí éirghe amach na
nGearaltach ar dhearg-lasadh ar fud
na Mumhan um an dtaca so. Chuir
na Gaedhil a bhí dílis misneamhail i
gCúige Laighean cóir ortha féin faoi
an dtaoiseach mhór, Tighearna Mhainistir
an Bhealaigh, fá sheasamh i n-aghaidh na
Sasanach; agus chaith Fiacha a chuid isteach
leo go mbrisfidís na slabhraí a bhí ag
ceangailt a dtíre le Sasana. Ní
bréag a rádh go raibh siad ag teastáil
an tan so mar ba brónach an scéal do
bhí le n-aithris ag clainn na nGaedheal
i gCúige Laighean. Bhí an tír scriosta
ag na Sasanaighibh, mharbhuigheadar gach
aoinne a ghabhadar i gcruth 's go ndíbh-
reochaidís agus go gcuirfidís as an
mbealach na hÉireannaigh. Theastuigh an
talamh uatha féin, na gadaidhthe, agus chuir-
eadar rómpa gan íseal ná uasal a
fhágáil ann gan díbirt. I dtaca an ama
so, ar an 25adh lá de'n Lughnasadh,
chinn ar fear-ionaid ar iarracht eile
níos déine 'ná an méid a bhí déanta
aige go dtí siúd, do dhéanamh, le súil
go gcisfidhe ar Fhiacha agus go múchfaidhe
go deoidh splannc Ghlinne Mhaoil-
úghra; acht mo choinsias! bhí an
Iupus montis go ró-ghlic dhó mar
chífimid sara fada. Nuair airigh
Fiacha go raibh na Gaill ag cóiriughadh
i mBaile Átha Cliath chum é d'ionn-
suidhe, níor dhearmad seisean bheith
gléasta chum brisligh do chur ar na


L. 06


Sasanaighibh, agus leis an intinn sin dhírigh
sé ar an mball a chuid chleasaidheachta
cogaidh do cur i bhfeidhm. Ar dtús
chaith sé a champa ag béal Ghlinne
Mhaoilúghra agus léighimíd gur sheas
Séamus Ustas, na Caomhánaigh, na
Cinnsealaigh, agus na Tuathalaigh faoi
bhratach an Bhranaigh an tan sin. 15 Is
oirdhearc an t-ainm Ghleann Mhaoil-
úghra agus is fíor-áluinn an áit í. Atá
gleann mór leathan ag síneadh ar nós
nathrach i measc cnoc mór atá ag
árdughadh a gceann go bródamhail ós
cionn neirt sliabh eile atá 'n-a dtim-
cheall i n-a ritheann go spóirteamhail
an girrfhiadh is an broc. Tá sruth
áluinn aoibhinn ag lighe cois na
gcnoc. 16 Go deimhin is mórdhachtach
an radharc atá le fagháil ann, agus
chreidfeá go raibh an talamh leagtha
amach ag Dia le haghaidh síl an fheill
do ghabháil mar girrfhiadh i bpaintéar.
Daingean láidir do b'eadh é, agus isteach
san ngleann so dhruid Fiacha agus a
shluagh Gaedhealach nuair mhothuigheadar
an fear-ionaid agus a scriosadóirí de
Shasanaighibh ag teacht:—



“Danair i méinn, i gcéill, is i gcealg,
Réicí is gaigí ó Lonndain.”



Chuaidh na Gaill ar aghaidh ó Bhaile Átha
Cliath acht ní rabhadar i n-ann aon
nídh a thabhairt fá ndeara ar an tslighe
acht na crainn árda mar a thángadar
le chéile ós cionn an bhóthair ag
déanamh “tigh gréine;” agus i n-áiteann-
aibh eile mar ar chaitheadar a scáil
treasna an chasáin chun cosca mar
dh'eadh a chur leo. Nuair tháinig siad
go dtí béal an ghleanna d'fhéachadar
thart-timcheall acht níor chuir aon'ne
aon chor de. Ar a n-aghaidh isteach
bhí Gleann Mhaoilúghra go haonrach
uaigneach mar ba ghnáth leis — ghlaca-
dar an boighte agus isteach leo go
bhfiadhóchadaois amach an leomhan.
Ba chumhang achrannach an bealach
i n-a ndeacha siad acht mar sin féin
rinne siad ar aghaidh go dtángadar
go dtí an sruth. Anois bhí sceacha agus
tomacha ag fás ar gach taoibh de'n
tslighe agus ar a gcúlaibh chuir Fiacha
cuid dá arm ionnas nach mbeadh
dul ar ais ag na Sasanaighibh dá
gcisfidhe ortha. Níos fuide isteach
san ngleann bhí corr-choill annso 's
annsúd, agus foscuighthe ó'n námhaid
a bhí anois ag teannadh isteach bhí
foireann Gaedheal i ngach coill aca.
Bhí Fiacha, Ustas, agus an chuid eile de'n
arm sáidhte i scailpreachaibh agus i
n-áiteachaibh a bhfuighidís dídean ag
fanacht le haghaidh teachta na Sac-
sanach.



Chomh luath riamh is shroich an chéad
díorma d'arm na n-allmhurach an áit a
raibh Fiacha is a fhir i bhfolach, phléasc na
hÉireannaigh amach ortha — anuas ó
mhullach an chnuic, ó leath-taoibh an
bhóthair, nó amach ó lár na coille
cnómhaire phreabadar ar aicme an
Bhéarla chaoil dá ruagadh 'gus dá
stracadh, “dá mbascadh 'gus dá
gclaoidhe” agus thuit na Gaill 'n-a
sraitheannaibh:—



“Acht de gheit do chrith an talamh,
Is lasadh suas an choill,
Is leagadh sreath breagh Sasanach;
Mo ghraidhn thú, a Fhiacha chroidhe!“



Tháinig na Gaedhil chomh hobann soin
ortha go raibh sé i n-a dhearg-raic ar an
bpoinnte boise. Leagadh agus marbhuigh-
eadh iad ó gach taoibh; do ghabh na hÉir-
eannaigh tríotha fá mar do gheobhadh
creabhar trí scata min-éan lá gaoithe
agus measctha go dlúith mar bhíodar thuit
na Sacsanaigh:—



“Bhí leagadh 'gus gearradh 'gus
brúth,
Bhí scaipeadh 'gus scannradh 'gus
uireasbhaidh.“



Ghabh na Gaedhil de thuaithibh agus de
chlaidhmhthibh i n-a námhaidh go rabhadar i
n-uachtar. Nuair chonnaic an fear-
ionaidh, Grae, an t-éirleach agus an t-ath-
chumadh a bhí ar a fhearaibh d'órduigh
sé dhá mharc-shluagh fear capaill do
dhíriughadh ar na hÉireannaighibh. Thos-
nuigh an troid anois dá ríribh, acht bhí
na buanaidhthe san ngort agus thuit an
t-athfhás rómpa go dtí nach raibh le
feiceál acht rian na scrabanna, agus dar
fiadh, ba throm an buille é — bhí an
féar 'n-a thulchaibh 'n-a ndiaidh. Bhí
an ruaig ortha anois go léir. Theich na
Gaill ar ais agus fir Fiacha ag rith 'n-a
ndiaidh mar leomhain ar buile. Nuair
tháinig siad go béal an ghleanna
d'ionnsuigh an fhoireann Ghaedhealach
d'fhág Fiacha annsin iad agus marbhuigheadh
a lán aca. Thárla go bhfuair an fear-
ionaid agus buidhean bheag a mbealach
amach thar an cnocaibh acht d'fhág sé ós
cionn ocht gcéad dá gcuid fear marbh
de bhárr an chatha sin. 17



Bhí gáirdeachas is ríméad mór ar
chlainn an Bhranaigh anois agus sul a
bhféadfadh an fear-ionaid a riocht do
cheartughadh agus arm eile do chur le
chéile, phléasc Fiacha isteach ar an
bPála agus loisc sé na bailte a bhí i seilbh
na Sasanach. Ag teacht ar ais 'chaoi
ar bith, casadh sluagh Sasanach air agus san
achrann bhí eatorra marbhuigheadh cuid
dá fhearaibh. Thug Fiacha a aghaidh anois
ar Bhaile Átha Cliath agus i ndeireadh na
bliadhna so, 1580, dhóigh sé sráid-bhaile
sonasta Gallda dar bh'ainm Rathgual
a bhí timcheall deich míle ó'n bhaile mhór,
agus bhí muinntear na cathrach ar bhaille-
chrith le faitchíos go ndíreochthaidhe ortha
fhéin an chéad uair eile. Ar feadh an
gheimhridh bhí gárda socruighthe i gConn-
tae Chille Mhanntáin faoi na dtighearna
Stanley agus dá bhrígh sin ní raibh cead a
choise ag Fiacha mar bhí cheana. Níor
thaithnigh leis-sean an bhuidhean Ghallda
so a bheith chomh gar sin dó, agus ar an
dara lá déag de'n Eanair, 1581,
d'fhéach sé le n-a ruagadh acht chlis sé
air. Níor stop sé ag gabháilt dóibh
'chaoi ar bith 'chuile dheis a gheobhadh sé
agus níor bh'fhada go bhfuaireadar amach
gur mío-mhaiseach an obair dhóbhtha cur
chuige ar an tslighe sin.



(Tuilleadh)



Pádraig Mac Aodha (Tuaim),



Connradh Chuilm Chille i Muigh Nuadhat,
(An Seabhac).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services