Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Crainn agus na Fátaí
Title
Na Crainn agus na Fátaí
Author(s)
Géagán,
Pen Name
Géagán
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Na Crainn agus na Fátaí. Ag léigheadh “Tairbhe na gCoillte” dom ins an gCLAIDHEAMH SOLUIS agus an iomad maitheasa a dhéanas siad do thír, do cuireadh i gcuimhne dhom litir a bhí i bpáipéar Gall-Éireannach atá coicthighis ó shoin anois. Fear darab ainm Uilliam Ó Conghaile do sgríobh. Deir an Conghalach go bhfuil a fhios aige cér'd is cionn-tsiocair le duibheachán na bhfátaí agus cé an chaoi is féidir a sheachaint feasta. Tá súil le Dia agam go bhfuil an ceart aige sa méid sin. Dar leis an bhfear léigheannta so 'sér'd a chuireas na fátaí ar feodhadh measgadh breis-aibhligh agus díth-aibhligh go híseal ins an aer os cionn na bhfátaí nó ar an talamh féin i n-a bhfuil na fátaí ag fás. Gach uile áit a bhfuil iomad aibhligh, má's breis-aibhleach nó díth- aibhleach í, tarraingeann sé roinnt de'n chineál aibhligh eile go dtí an taobh is giorra de rud ar bith atá i n-aice leis. Is mar sin do na néaltaibh agus an talamh. Am ar bith a thagas néal lán d'aibhligh os ár gcionn bíonn an talamh fá n-ár gcosaibh lán d'aibhligh de'n chineál eile. Bíonn an dá chineál i gcomhnaidhe ag tarraing ar a chéile. Má bhuaileann siad ar a chéile go hobann bíonn solus agus fothram ann a dtugtar teinntreach agus tóirneach ortha. Má thagann an méad atá thuas anuas go réidh mall i leabaidh a chéile go dtí an méad atá ar an talamh, nó má théidheann an méad atá thíos suas ar an nós céadna, an méad teinntrighe agus tóirnighe a bhíos ann, agus bíonn siad ann i gcomhnaidhe, i n-aon nóimit fá leith, bíonn sé chomh beag sin nach bhfeictear agus nach gcluintear é. An áit a mbíonn solus bíonn teas agus an áit a mbíonn teas is féidir rud a dhóghadh nó a loisgeadh nó a théidheadh de réir an mhéid teasa a bhíos ann. Nuair a bhíos an taobh thíos de'n néal cothrom agus an talamh fá'n néal comhthrom is minic a bhuaileas an dá mhéad ar a chéile de phreib agus bíonn splanncaigh teinntrighe agus a lán tóirnighe ann. Uaireannta marbhthar daoine, capaill, agus ba, agus sgoiltear crainn agus tighthe. Nuair a bhíos beara ar an taobh thíos de'n néal nó ar an talamh faoi, bíonn siad mar phuill bheaga leis an aibhligh a éalodh uatha, mar a sileann aibhleach ó bhearaibh, díreach mar sileann uisge trí pholl i dtóin canna. Deir an Conghalach gurab é rud badh cheart do talmhaidhthibh na hÉireann a dhéanamh cuaillí árda a chur i n-a seasamh ar fud na ngort, ceirtlíní téide iarainn fá n-a mbun, agus téad iarainn suas asta go dtí n-a mbárr agus sé orlach os a gcionn. Bheadh an aibhleach ag éalódh thuas go hárd san aer annsin i bhfad ó n-a fataíbh agus níorbh' fhéidir le teas na teinntrighe iad a shroichint agus ní thagadh an duibh- eachán ortha go deo arís. Síleann sé go ndóigheann teas na teinntrighe gais na bhfátaí agus tosuigheann siad ag lobhadh annsin agus is gearr go sroicheann an lobhadh na fátaí fá thalamh. Badh furusta comhairle an Chonghalaigh a chur i bhfeidhm agus má's léigheas ar an duibheachán é is mór a bheadh an tír ar fad thuas leis. Acht, a Dhia, nár ghránda an radharc é! crainn mharbha loma thart-timcheall ort gach uile áit dá rachtha ar fud na hÉireann. “Do réir méid coillte na tíre is amhlaidh is aoibhne agus is áilne an tír.” Do réir méid uimhreach cuaillí an Chonghal- aigh is amhlaidh badh ghránda an tír! Má's beara atá i n-easnamh le aibligh na talmhan a leigint amach go hárd agus go réidh mall, agus na fataí a shábháil, nár bh'fhéidir na mílte bior a sholá- thairt le cur aon chrainn bheo amháin mar tá bior ar gach uile cipín ar an gcrann beo agus téidheann siad i méad leis an aimsir? An sugh a bhíos istigh i gcrann beo ó n-a bhun go dtí n-a bhárr dhéanfadh sé an gnó gach uile phioc chomh maith leis an téid iarainn ar chrann mharbh an Chonghalaigh, mar is an-mhaith an treoraidhe aibhlighe an fliuchán. Na crainn a sgoiltear anois agus arís leis an teinntrigh, sean-chrainn searga 'gan sugh a bhíos ionnta. Má's fíor do'n Chonghalach go ndíonfadh a chrainn mharbha na fataí ar an teinn- trigh is fíor gur fearr a dhíonfadh crainn bheodha iad. Is mó is fiú do Ghaedhilgeoiríbh dian-sgrúdughadh agus mion-sgrúdughadh ar an gceist seo a dhéanamh. Is ortha is mó a luigheann iarsma an uilc seo mar is iad is mó atá i dtuilleamuigh na bhfataí. Deir an Conghalach nach bhfaca sé riamh duibh- eachán fataí i n-aice le cuaillibh na gcian-ghrafán agus 'sé is fáth leis sin an téad iarainn ó n-a mbun go dtí n-a mbárr ortha. Is féidir dá gcuir- feadh sé an oiread suime i gcrannaibh beodha árda go bhfeicfeadh sé go ndíonann siad-san na fataí freisin. Dá sgríobhfadh Gaedhilgeoirí chuig an gCLAIDHEAMH ag innsint dúinn cér'd iad na páirtí de'n ghort is mó a bhuailtear agus cér'd iad na rudaí a chítear dhóibh is mó a dhíonas na fataí ar an duibheachán agus cér'd is cionn-tsiocair leis an ngalar, dar leo, ní dhéanfadh sé aon díoghbháil agus cá bhfios nach ndéanfadh sé a lán maith- easa? Fuair Uilliam Ó Conghaile leigheas ar an duibheachán, nó muna bhfuair is ceart do gach uile Éireannach, idir Gaedhilgeoiríbh agus Béarlóiribh, a bheith buidheach dhe, agus cabhair ar bith is féidir leo a thabhairt dó 'ghá chuardach, nó 'ghá chur ag obair má's rud é go bhfuil sé caithte aige. Maidir liom-sa, 'sé mo thuairim go bhfuil a lán “Tairbhí eile na gCoillte” ann nach n-áirmhigh- thear sa gCLAIDHEAMH ná i n-áit ar bith eile fós, agus is dócha go bhfuil díbirt an duibheacháin ar na tairbhíbh is fearr aca. Géagán
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services