Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Crainn agus na Fátaí

Title
Na Crainn agus na Fátaí
Author(s)
Géagán,
Pen Name
Géagán
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Na Crainn agus na Fátaí.



Ag léigheadh “Tairbhe na gCoillte”
dom ins an gCLAIDHEAMH SOLUIS
agus an iomad maitheasa a dhéanas siad
do thír, do cuireadh i gcuimhne dhom
litir a bhí i bpáipéar Gall-Éireannach
atá coicthighis ó shoin anois. Fear
darab ainm Uilliam Ó Conghaile do
sgríobh. Deir an Conghalach go bhfuil
a fhios aige cér'd is cionn-tsiocair le
duibheachán na bhfátaí agus cé an chaoi
is féidir a sheachaint feasta. Tá
súil le Dia agam go bhfuil an ceart
aige sa méid sin.



Dar leis an bhfear léigheannta
so 'sér'd a chuireas na fátaí ar
feodhadh measgadh breis-aibhligh agus
díth-aibhligh go híseal ins an aer
os cionn na bhfátaí nó ar an
talamh féin i n-a bhfuil na fátaí ag fás.



Gach uile áit a bhfuil iomad
aibhligh, má's breis-aibhleach nó díth-
aibhleach í, tarraingeann sé roinnt de'n
chineál aibhligh eile go dtí an taobh is
giorra de rud ar bith atá i n-aice
leis. Is mar sin do na néaltaibh agus an
talamh. Am ar bith a thagas néal lán
d'aibhligh os ár gcionn bíonn an talamh
fá n-ár gcosaibh lán d'aibhligh de'n
chineál eile. Bíonn an dá chineál i
gcomhnaidhe ag tarraing ar a chéile.
Má bhuaileann siad ar a chéile go
hobann bíonn solus agus fothram ann a
dtugtar teinntreach agus tóirneach ortha.
Má thagann an méad atá thuas anuas
go réidh mall i leabaidh a chéile go
dtí an méad atá ar an talamh, nó má
théidheann an méad atá thíos suas ar
an nós céadna, an méad teinntrighe
agus tóirnighe a bhíos ann, agus bíonn siad
ann i gcomhnaidhe, i n-aon nóimit fá
leith, bíonn sé chomh beag sin nach
bhfeictear agus nach gcluintear é. An áit
a mbíonn solus bíonn teas agus an áit a
mbíonn teas is féidir rud a dhóghadh nó
a loisgeadh nó a théidheadh de réir an
mhéid teasa a bhíos ann. Nuair a bhíos
an taobh thíos de'n néal cothrom agus an
talamh fá'n néal comhthrom is minic
a bhuaileas an dá mhéad ar a chéile de
phreib agus bíonn splanncaigh teinntrighe
agus a lán tóirnighe ann. Uaireannta
marbhthar daoine, capaill, agus ba, agus
sgoiltear crainn agus tighthe.



Nuair a bhíos beara ar an
taobh thíos de'n néal nó ar an
talamh faoi, bíonn siad mar
phuill bheaga leis an aibhligh a éalodh
uatha, mar a sileann aibhleach ó bhearaibh,
díreach mar sileann uisge trí pholl
i dtóin canna. Deir an Conghalach
gurab é rud badh cheart do talmhaidhthibh
na hÉireann a dhéanamh cuaillí árda a
chur i n-a seasamh ar fud na ngort,
ceirtlíní téide iarainn fá n-a mbun,
agus téad iarainn suas asta go dtí n-a
mbárr agus sé orlach os a gcionn. Bheadh
an aibhleach ag éalódh thuas go hárd
san aer annsin i bhfad ó n-a fataíbh agus
níorbh' fhéidir le teas na teinntrighe
iad a shroichint agus ní thagadh an duibh-
eachán ortha go deo arís. Síleann sé
go ndóigheann teas na teinntrighe
gais na bhfátaí agus tosuigheann siad ag
lobhadh annsin agus is gearr go sroicheann
an lobhadh na fátaí fá thalamh.



Badh furusta comhairle an Chonghalaigh
a chur i bhfeidhm agus má's léigheas ar an
duibheachán é is mór a bheadh an tír ar
fad thuas leis. Acht, a Dhia, nár
ghránda an radharc é! crainn mharbha
loma thart-timcheall ort gach uile áit
dá rachtha ar fud na hÉireann. “Do
réir méid coillte na tíre is amhlaidh
is aoibhne agus is áilne an tír.” Do
réir méid uimhreach cuaillí an Chonghal-
aigh is amhlaidh badh ghránda an tír!
Má's beara atá i n-easnamh le aibligh
na talmhan a leigint amach go hárd
agus go réidh mall, agus na fataí a shábháil,
nár bh'fhéidir na mílte bior a sholá-
thairt le cur aon chrainn bheo amháin
mar tá bior ar gach uile cipín ar an
gcrann beo agus téidheann siad i méad
leis an aimsir? An sugh a bhíos istigh i
gcrann beo ó n-a bhun go dtí n-a
bhárr dhéanfadh sé an gnó gach uile
phioc chomh maith leis an téid iarainn
ar chrann mharbh an Chonghalaigh, mar is
an-mhaith an treoraidhe aibhlighe an
fliuchán. Na crainn a sgoiltear anois
agus arís leis an teinntrigh, sean-chrainn
searga 'gan sugh a bhíos ionnta. Má's
fíor do'n Chonghalach go ndíonfadh a
chrainn mharbha na fataí ar an teinn-
trigh is fíor gur fearr a dhíonfadh
crainn bheodha iad. Is mó is fiú do
Ghaedhilgeoiríbh dian-sgrúdughadh agus
mion-sgrúdughadh ar an gceist seo a
dhéanamh. Is ortha is mó a luigheann
iarsma an uilc seo mar is iad is mó
atá i dtuilleamuigh na bhfataí. Deir
an Conghalach nach bhfaca sé riamh duibh-
eachán fataí i n-aice le cuaillibh na
gcian-ghrafán agus 'sé is fáth leis sin
an téad iarainn ó n-a mbun go dtí
n-a mbárr ortha. Is féidir dá gcuir-
feadh sé an oiread suime i gcrannaibh
beodha árda go bhfeicfeadh sé go
ndíonann siad-san na fataí freisin.



Dá sgríobhfadh Gaedhilgeoirí chuig
an gCLAIDHEAMH ag innsint dúinn
cér'd iad na páirtí de'n ghort is mó
a bhuailtear agus cér'd iad na rudaí
a chítear dhóibh is mó a dhíonas na
fataí ar an duibheachán agus cér'd is
cionn-tsiocair leis an ngalar, dar
leo, ní dhéanfadh sé aon díoghbháil agus cá
bhfios nach ndéanfadh sé a lán maith-
easa? Fuair Uilliam Ó Conghaile
leigheas ar an duibheachán, nó muna
bhfuair is ceart do gach uile Éireannach,
idir Gaedhilgeoiríbh agus Béarlóiribh, a
bheith buidheach dhe, agus cabhair ar bith is
féidir leo a thabhairt dó 'ghá chuardach,
nó 'ghá chur ag obair má's rud é go bhfuil
sé caithte aige. Maidir liom-sa, 'sé
mo thuairim go bhfuil a lán “Tairbhí
eile na gCoillte” ann nach n-áirmhigh-
thear sa gCLAIDHEAMH ná i n-áit ar
bith eile fós, agus is dócha go bhfuil
díbirt an duibheacháin ar na tairbhíbh is
fearr aca.



Géagán

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services