Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Ceanntracha Gaedhilge
Title
Na Ceanntracha Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Meadhon Foghmhair 15, 1906. Na Ceanntracha Gaedhilge. Ní haon díogbháil a chur i n-umhail arís gur chun na Gaedhilge a choimeád beo 'n-a gnáith-theangaidh do cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun. Ní féidir an nídh sin do shárughadh ná púicín a chur ar ár súilibh le n-a mhalairt de thuairiscíbh. Tá's ag fiadh aon chabhair dúinn bheith a d'iarraidh an Ghaedhilg a leathadh ar fuid na hÉireann mara dtosnuigh- tar uirthi in sna háiteanna 'n-a bhfuil gá húsáid i measc daoine mar ghnáth- chainnt. Féachaimís timcheall orainn, agus cia gheóbhaidh ann féin a rádh gur ag bor- radh is ag dul chun cinn atá sí i n-aon cheann de sna ceanntrachaibh Gaedh- ilge? Is beag duine go mbeadh sé de dhánaidheacht ann agus á rádh gur mar sin atá aici. Scéal meathluighthe, agus tuairiscí díscithe a gheibhmíd ó gach ball. Is dona an scéal é seo, acht is í an fhírinne í; agus cár chóir dhúinn a bheith á cheilt? Tá obair na bliadhna nua ag tos- nughadh fé láthair. Nár cheart dúinn go léir tamall éigin a chaitheamh anois ag smaoineadh ar an gceist seo. Do sna daoinibh atá 'n-a gcomhnuidhe in sna ceanntraibh Gaedhilge do thiubh- raimís uainn mar chomhairle an bhréid a chaitheamh dhíobh agus a innsint dúinn cad é an congnamh a theastuigheann uatha. Mara ndéanfar rud éigin gan moill, chun cosc a chur leis an ndísceadh seo ar an nGaedhilg in sna ceanntraibh 'n-a bhfuil sí fé réim fós, is gearr go mbéarfaidh orainn an tráth 'n-a mbeifar ag “cur a lia os a leacht agus ag scríobhadh a hainme i nOgham Craobh.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services