An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Meadhon Foghmhair 15, 1906.
Na Ceanntracha Gaedhilge.
Ní haon díogbháil a chur i n-umhail
arís gur chun na Gaedhilge a choimeád
beo 'n-a gnáith-theangaidh do cuireadh
Connradh na Gaedhilge ar bun. Ní
féidir an nídh sin do shárughadh ná
púicín a chur ar ár súilibh le n-a
mhalairt de thuairiscíbh.
Tá's ag fiadh aon chabhair dúinn
bheith a d'iarraidh an Ghaedhilg a leathadh
ar fuid na hÉireann mara dtosnuigh-
tar uirthi in sna háiteanna 'n-a bhfuil
gá húsáid i measc daoine mar ghnáth-
chainnt.
Féachaimís timcheall orainn, agus cia
gheóbhaidh ann féin a rádh gur ag bor-
radh is ag dul chun cinn atá sí i n-aon
cheann de sna ceanntrachaibh Gaedh-
ilge? Is beag duine go mbeadh sé
de dhánaidheacht ann agus á rádh gur mar
sin atá aici. Scéal meathluighthe, agus
tuairiscí díscithe a gheibhmíd ó gach
ball. Is dona an scéal é seo, acht is
í an fhírinne í; agus cár chóir dhúinn a
bheith á cheilt?
Tá obair na bliadhna nua ag tos-
nughadh fé láthair. Nár cheart dúinn
go léir tamall éigin a chaitheamh anois
ag smaoineadh ar an gceist seo. Do
sna daoinibh atá 'n-a gcomhnuidhe in
sna ceanntraibh Gaedhilge do thiubh-
raimís uainn mar chomhairle an bhréid
a chaitheamh dhíobh agus a innsint dúinn
cad é an congnamh a theastuigheann
uatha. Mara ndéanfar rud éigin
gan moill, chun cosc a chur leis an
ndísceadh seo ar an nGaedhilg in sna
ceanntraibh 'n-a bhfuil sí fé réim fós,
is gearr go mbéarfaidh orainn an
tráth 'n-a mbeifar ag “cur a lia os a
leacht agus ag scríobhadh a hainme i nOgham
Craobh.”