Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fiacha Mac Aodha
Title
Fiacha Mac Aodha
Author(s)
An Seabhac,
Pen Name
An Seabhac
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fiacha Mac Aodha. An Seabhac, do sgríobh. Deirid scríbhneoiridhe annála go coitcheann gur 'san mbliadhain 1544, nó um an dtaca sin, do rugadh “Fiacha Mac Aodha.” Do shíolruigh sé go díreach ó Chathaoir Mhór a bhí 'na árd-rígh 'san dara haois. 1 Do threibh Mhic Aodha Ua Broin ar a dtugadh “An Gabhal-Raghnaill” do b'eadh Fiacha is a mhuinntear, agus, ba mhór le rádh i gConntae Chille Mhanntáin an sloinne sin le sinnsearaibh. Bhí a gcaisleán — an “Cian Corrath” 2 'na sheasamh i mBaile na gCurr ar bhruach sléibhe, agus ar an dtaobh thall Ghlinne Mhaoilúghra, agus ba leo an dúthaigh thart timcheall dar bh'ainm “Raghnall.” Tar éis bháis Dunlaing — an ceann deir- eannach dos na taoiseachaibh do tóghadh 'na “Árd-Fhlaith” ar mhuinntir an Bhranaigh, 'san mbliadhain 1580; fuair Fiacha an árd-fhlaitheas 'na dhiaidh, mar an fear ba chumhachtaighe agus an taoiseach b'uaisle de'n treibh. 3 Taoiseach mór- intinneach, fuinneamhail b'eadh é, ábalta ar shlíghthibh do ghearradh amach dó féin, agus gan amhras, an fear ceart i gcóir na hoibre cruaidhe a bhí roimhe — “vir strennus (et) Haereticorum hostis acerrimus.” 4 Ní thig linn 'shéanadh 'chaoi ar bith gur rugadh cuid mhaith dá chumhacht is dá thábhacht ó'n áit ghairbh chorraigh 'nar chomhnuidh sé i measg na gcnoc, agus fós mar gheall ar a chómhgaracht do'n phríomh-chathair. Níl cunntas cruinn againn ar a bheathaidh go dtí an bhliadhan 1569, nuair bhí sé timcheall cúig bliadhna is fiche d'aois. 'San mbliadhain seo tá an chéad trácht air mar gheall ar an gcongnamh thug sé d'Éamonn De Bhuitléir a theicheadh ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath. 5 Dhá bhliadhain 'na dhiaidh sin snadhmadh cáirdeas agus muinteardhas idir Fiacha agus Ruaidhrí Óg Ó Mórdha, taoiseach mór eile a chomhnuidh i Laoighis. Bhí an bheirt seo an-cheanamhail ar a chéile agus d'oibrigheadar le chéile ar son a dtíre dhúthchais go dtí a mbás. Is inchreidte gur thoghadh 'na cheann- urradh é ar arm Ghaedhealach Chonntae Chille Mhanntáin um an dtaca so; 6 mar i nAibreán de'n bhliadhain 1571 tugadh a sluaighte le chéile agus i n-aoinfheacht le Ruaidhrí Óg a tháinig chum cabhruighthe leis, dhírigh sé ar an bPála ar lorg éadála. Chreachadar rómpa agus annsin d'fhilleadar ar ais le mórán bótaireachta agus slaid. Léigh- imíd gur lean Fiacha do'n obair so diaidh ar ndiaidh beagnach ar feadh a shaoghail 'nus go raibh aimsear the ag lucht an Phála i bhfad is mhair sé. 7 Níor chuir eachtraidhe Fhiacha aon imnidhe ar an riaghaltas go dtí an bhliadhain 1572. Thárla i Meitheamh na bhliadhna so gur mharbhuigheadh fear dar bh'ainm Brún a chomhnuidh i Loch Garmain, agus gidh nach raibh lámh ag Fiacha 'san dúnmhar- bhadh, dubharthas gur ghríos sé na marbh- thóiridhe chum na feill-bheirte do dhéanamh, agus dá bhrígh sin, cuireadh an dlighe go dian air ar feadh an tsamhraidh. Bhí Sir Uilliam Fitzwilliam 'na Fhear- ionad agus d'órduigh sé d'árd-fheadh- mannach Chille Mhanntain, an Captaoin Próinnséis Agard, Fiacha do leana- mhaint le buidhean-tsluagh saighdiúiridhe agus é do ghabháil dá bhféadfadh sé. D'éirigh le Agard, dearbhráthair dho Fhiacha agus beirt dá lucht leanamhna do ghabháil, acht mo choinsias theip sé air 'theacht i n-aice Fiacha. Tháinig eagla anois ar an bhFear-ionaid an dlighe do theannadh ró-dhian leis mar gheall ar an gcuma chorruighthe 'na raibh an tír; agus ghlaodh sé ar ais ar an árd- fheadhmannach. Bhí fáth eile aige le é so a dhéanamh ar chaoi ar bith. Cheap sé go dtabharfaidhe ar Fhiacha dún- marbhthóiridhe an Bhrúnaigh do thabhairt suas do'n dlighe dá scuirfidhe de'n tóireacht 'na dhiaidh féin. Leis an intinn sin cuireadh Agard agus Iarla Chille Dara fá a dhéin le rádh go maith- fidhe dhó dá dtabharfadh sé suas iad. Bhí sé i dán dá cheapughadh a bheith neamh-thairbheach ar chaoi ar bith mar gheall ar dhúthracht oifigeamhail sheineas- cail Loch Garmain. Thosguigh an gad- uidhe so is a mhuinntear orra ag mionn- ughadh agus ag tóirniughadh ar fud na tíre nach dtabharfaidhe scíth ná trócaire do'n té a chuidigh le marbhthóiridhibh an Bhrúnaigh. Níl amhras ar bith gur chuireadh 'n-a leith an dúnmharbhadh seo ionnas go rachadh a ghábhadh — dá n-éir- eóchthaoi leo, i dtairbhe dá náimhdibh saobh-chráibhtheacha. Nuair nach bhféad- fadh an fear-ionaid ceartughadh a dhéanamh, ní raibh aon leigheas air, dar leis, acht buidhean eile do chur ar a thí. 8 Tháinig cuthach feirge ar Fhiacha anois agus d'fheistigh sé ar tí sásamh do bhaint amach. Thug sé leis gach ar fhéad sé d'fhearaibh agus chreach is réab sé Loch Garmain agus an Pála, ag sladadh na námhaid 'chuile deis a gheobhadh sé. Is léir nach raibh sé sásta leis an méid so díoghbhála mar sealad beag 'n-a dhiaidh sin, ar an 26adh lá de'n Lughnasadh, léighimíd gur phléasc sé asteach ar an bPála arís ag ceann ceithre mhíle fear armtha a bhí lán de neart agus de ghaisce mar é féin. Tar éis mór-choda do sna sráid- bhailtíbh do chur ar lasadh, shaoil sé go raibh a sháith trom-dhíoghaltais aige agus bhí sé ag filleadh a bhaile nuair casadh árd-fheadhmannach Loch Garmain agus gas- radh mór saighdiúiridhe air. Do dhírigh- eadar ar a chéile agus throid an dá bhuidhin go dian is go fraochta go ceann tamaill acht sara fada d'éirigh le Fiacha a bhuidhean Gaedheal. D'ath- bhuail sé ar chúl an námhaid agus níorbh' fhada go raibh sé 'na dearg-ruaig, agus bhí cead ag Fiacha agus a lucht leanamhna d'fhilleadh go socair réidh ar a ndaing- nibh fó ghuailnibh garbha corracha Ghlinne Mhaoilúghra. 9 'San mbliadhain 1573 do pósadh deirbhshiúir Fhiacha le Ruaidhrí óg Ó Mórdha agus thug seisean a bhean nuadh-phósta leis go dtí Laoighis, a áit-chomhnuidhthe. Bhí Fiacha agus a ghaolta ag an mbainis agus ar fhilleamhaint a bhaile dhóibh tré Chill Dara d'ionnsuidh sirriamh na tíre sin iad le sluagh mór chuibheasach. Shaoil sé Fiacha is a mhuinntear do ghabháil acht “ní mar síltear bítear” do réir an tsean- fhocail. Bhí Fiacha i nguais anois nach raibh dul as aige muna mbeadh an fhoireann bheag saighdiúiridhe a thug sé leis mar ghárda. Léim Fiacha agus a fhir i gcoinne na námhaid chomh láidir le leomhain agus níor bh'fhada gur chuireadh an ruaig orra. Rinne an sirraimh a dhícheall chun misnigh do thabhairt dá bhuidhean féin acht níorbh' aon mhaith ann; theicheadar mar lóchan roimh an ngaoith agus do mharbhuigheadh a lán aca ar a dteicheadh. Gabhadh an ceann- urraidh agus rugadar leo isteach go dtí daingnibh Ghlinne Mhaoilúghra é. Ar dtús diúltuigh Fiacha a shaoirse a thabhairt dó muna ngeallfaidhe go dtabharfaidhe ocht gcéad púnt ar son a shaoirse agus fós nach ndéanfaidhe iarr- acht ar sásamh do bhaint amach mar gheall ar a bhraighdeanas. Is cinnte nach ngeallfaidhe an oiread seo 'chaoi ar bith, agus faoi dheireadh sul a mbeadh sé ar a lámhaibh níos fuide aige, shoc- ruigh Fiacha le Agard é do scaoileadh ar éiric d'íoc. 10 Do réir cunntais na n-ughdar is cneasta againn níor thug Fiacha níos mó trioblóide go dtí an bhliadhain 1578 — muna dtugtar faoi ndeara turas anois is arís is- teach ar an bPála chum éadála do thógbháil. 'San mbliadhain so gabhadh a chliamhain, Ruaidhrí óg, agus tugadh go Baile Átha Cliath é fé ghasra shaigh- diúirí. Do tréaladh agus nígádh a rádh dúnmharbhadh go h-éagcórach agus go feall-
tach air. Ar chloistint so, thug Fiacha a mhóid go mbainfeadh sé sásamh amach do'n té ba chionntach le bás Ruaidhrí. Thuig na Gaill anois nach dtiocfadh aon mhaitheas as an bhfeill-ghníomh do rinneadar, agus bhí imnidhe orra ar eagla go dtabharfadh Fiacha cuairt ar an gCaisleán ar shiubhal na hoidhche. Dá bhrígh sin d'fhuagradar síothcháin agus maitheamhnas dó; agus cheap Fiacha go mb'fheárr dhó an réidhteach a ghlacadh leis an intinn sin thriall sé ar Bhaile Átha Cliath an 21adh lá de Mheadhon- Fhóghmhair agus ar gheallamhaint go maith- fidhe dó, dhearbhuigh seisean go mbéidh- eadh sé díleas don riaghaltas agus ghabh sé leithscéal nach mbéidheadh sé chomh dána agus chomh neamh-shuimeamhail mar dh'eadh do'n dlighe acht gur thiománadh i gcúrsaidhibh ceannairce é le fóir-neart a chomharsan do mharbhuigh a dhearbhráthair athar agus a bhí ar a lorg féin anois. 11 Chuaidh Fiacha a bhaile agus ní'l amhras ann gur chongbhuigh sé a gheallamhain go gceann tamaill. Mar sin féin bhí amhras a cómhlíonta ag muinntir an Chaisleáin do réir mar léighimíd i litir scríobh an Tighearna Drury go Burghley in a thaobh:— “gur bh'é an fear b'amhrasaighe i gCúige Laighean é d'éis bháis Ruaidhrí Óg Ó Mórdha.” 12 Ní gan fáth shnaidhm Fiacha connradh agus cáirdeas leis an námhaid ba mheasa bhí aige mar chífear go goirid, ní raibh uaidh acht caoi a fhagháil chun catha a briseadh ar na Sasannaibh i bpáirc an bhuailte, agus ar feadh an ama so bhí sé ag oibriughadh go dian is go díthcheallach 'na chóir. Do cuireadh i leith go hÉirinn an Tighearna Graií 'n-a fhear-ionaid 'san mbliadhain 1580. Do luigh sé chum oibre ar súil go bhfuigheadh sé faill ar na Catoilicighibh do ghlanadh amach as an tír. Bhí a ghadhair chogaidh ag taisteal na tíre ag smachtughadh agus ag marbhugheadh na ndaoine mbocht. I mí an Aibreáin, an bhliadhain so thárla gur mharbhuigheadh go héagcórach cuid de mhuinntir Chaomhanaigh a bhí muinnt- teardha d'Fhiacha agus mhóidigh seisean go ndíolfadh na díolamhnaigh bradacha as dá bhfágadh Dia neart a lámh aige. Snaidhmeadh connradh idir é féin agus Eoghan Ua Broin a bhí 'na námhaid ársa aige go dtí sin, agus mhóidigheadar “dar an mbachaill” go gcúiteófaidhe leis na Sasannaibh é. 13 Leis an intinn so, do dhírigheadar le dá fhoirinn marcach ar Chonntae Loch Garmain — an conntae ba ghallda an tan sin ó Dhún na nGall go Corcaigh, agus mhill- eadar is chreachadar é ó bhun go bárr. 14 Chuir an fear-ionaid fios air anois 'theacht chuige go Baile Átha Cliath go nglanfadh sé é féin ós comhair coiste Ghallda. Bhí níos mó céille ag Fiacha 'chaoi ar bith gan a mhuinéal do chur 'san bpaintéar a bhí feistighthe le n-a haghaidh; acht d'fhreagair sé gur bh'é fáth a éirghe amach ná an fuath a bhí aige leis na Sasannaibh agus dubhairt nach dtiubhradh sé suas do'n bhanríoghan nó go gcinnfeadh sé air. (Tuilleadh). 1 Vide Annála na gCeithre Mháighistirí, Ó Donnabháin, faoi na bliadhnaibh, 1578, 1580, 1597. Vide Dictionary of National Biography, edited by Sidney Lee, vol. XLI., p. 341. 2 Vide “The Pale and the Septs,” Emelobic de Celtis, p. 154, 160. 3 Vide Compendium of Irish Biography, Alfred Webb. Vide Annals. O'Donovan, 1580. 4 Vide Hist. Cathol. Iber.; P. O'Sullivan Beare. tom 3, liber 3, c. x. fol. 145. 5 Vide Dictionary of National Biography. Sydney Lee. Vol. XLI. p. 342. 6 Bhí “éirghe amach na nGearlatach” anois ar losadh ar fuid na Mumhan agus is cinnte nach raibh Fiacha ar an gclaidhe go díomhaoin ag féachaint orra. Vide Duffy's Hiberican Magazine, edited by Martin Haverty. Vol. I. p. 29. 7 Vide Calendar State Papers, Aug. 11th, 1586. Ibid. May and 1587. Ibid. May 1596 8 Vide Dictionary of National Biography, Lee. Vide C.S.P., May, 1572. 9 Vide Duffy's Hibernian Magazine, Haverty, vol. I., p. 32. 10 Vide Dictionary of National Biography, Lee, vol. XLI., p. 342. Vide C.S.P., May 1573. 11 Vide C.S.P. 21st Sept., 1578, Vide Duffy's Hibernian Magazine, p. 32, vol. I. 12 Vide C.S.P., 23rd Sep., 1578. 13 Vide Hist. Cathol. Iber., P. O'Sullivan Beara, tom. 3, lebers, c. x., fol. 145. 14 Vide C.S.P., April, 1580.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services