Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fiacha Mac Aodha

Title
Fiacha Mac Aodha
Author(s)
An Seabhac,
Pen Name
An Seabhac
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fiacha Mac Aodha.



An Seabhac, do sgríobh.



Deirid scríbhneoiridhe annála go
coitcheann gur 'san mbliadhain 1544,
nó um an dtaca sin, do rugadh
“Fiacha Mac Aodha.” Do shíolruigh
sé go díreach ó Chathaoir Mhór a bhí 'na
árd-rígh 'san dara haois. 1 Do threibh
Mhic Aodha Ua Broin ar a dtugadh
“An Gabhal-Raghnaill” do b'eadh
Fiacha is a mhuinntear, agus, ba mhór le
rádh i gConntae Chille Mhanntáin an
sloinne sin le sinnsearaibh. Bhí a
gcaisleán — an “Cian Corrath” 2 'na
sheasamh i mBaile na gCurr ar bhruach
sléibhe, agus ar an dtaobh thall Ghlinne
Mhaoilúghra, agus ba leo an dúthaigh thart
timcheall dar bh'ainm “Raghnall.” Tar
éis bháis Dunlaing — an ceann deir-
eannach dos na taoiseachaibh do tóghadh
'na “Árd-Fhlaith” ar mhuinntir an
Bhranaigh, 'san mbliadhain 1580; fuair
Fiacha an árd-fhlaitheas 'na dhiaidh, mar
an fear ba chumhachtaighe agus an taoiseach
b'uaisle de'n treibh. 3 Taoiseach mór-
intinneach, fuinneamhail b'eadh é,
ábalta ar shlíghthibh do ghearradh amach
dó féin, agus gan amhras, an fear ceart
i gcóir na hoibre cruaidhe a bhí roimhe
— “vir strennus (et) Haereticorum
hostis acerrimus.” 4 Ní thig linn
'shéanadh 'chaoi ar bith gur rugadh cuid
mhaith dá chumhacht is dá thábhacht ó'n áit
ghairbh chorraigh 'nar chomhnuidh sé i
measg na gcnoc, agus fós mar gheall ar
a chómhgaracht do'n phríomh-chathair. Níl
cunntas cruinn againn ar a bheathaidh
go dtí an bhliadhan 1569, nuair bhí sé
timcheall cúig bliadhna is fiche d'aois.
'San mbliadhain seo tá an chéad trácht
air mar gheall ar an gcongnamh thug
sé d'Éamonn De Bhuitléir a theicheadh
ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath. 5 Dhá
bhliadhain 'na dhiaidh sin snadhmadh
cáirdeas agus muinteardhas idir Fiacha
agus Ruaidhrí Óg Ó Mórdha, taoiseach
mór eile a chomhnuidh i Laoighis. Bhí an
bheirt seo an-cheanamhail ar a chéile
agus d'oibrigheadar le chéile ar son a
dtíre dhúthchais go dtí a mbás. Is
inchreidte gur thoghadh 'na cheann-
urradh é ar arm Ghaedhealach Chonntae
Chille Mhanntáin um an dtaca so; 6
mar i nAibreán de'n bhliadhain 1571
tugadh a sluaighte le chéile agus i
n-aoinfheacht le Ruaidhrí Óg a tháinig
chum cabhruighthe leis, dhírigh sé ar an
bPála ar lorg éadála. Chreachadar
rómpa agus annsin d'fhilleadar ar ais
le mórán bótaireachta agus slaid. Léigh-
imíd gur lean Fiacha do'n obair so
diaidh ar ndiaidh beagnach ar feadh a
shaoghail 'nus go raibh aimsear the ag
lucht an Phála i bhfad is mhair sé. 7



Níor chuir eachtraidhe Fhiacha aon imnidhe
ar an riaghaltas go dtí an bhliadhain
1572. Thárla i Meitheamh na bhliadhna
so gur mharbhuigheadh fear dar bh'ainm
Brún a chomhnuidh i Loch Garmain, agus gidh
nach raibh lámh ag Fiacha 'san dúnmhar-
bhadh, dubharthas gur ghríos sé na marbh-
thóiridhe chum na feill-bheirte do
dhéanamh, agus dá bhrígh sin, cuireadh an
dlighe go dian air ar feadh an tsamhraidh.
Bhí Sir Uilliam Fitzwilliam 'na Fhear-
ionad agus d'órduigh sé d'árd-fheadh-
mannach Chille Mhanntain, an Captaoin
Próinnséis Agard, Fiacha do leana-
mhaint le buidhean-tsluagh saighdiúiridhe
agus é do ghabháil dá bhféadfadh sé.
D'éirigh le Agard, dearbhráthair dho
Fhiacha agus beirt dá lucht leanamhna do
ghabháil, acht mo choinsias theip sé air
'theacht i n-aice Fiacha. Tháinig eagla
anois ar an bhFear-ionaid an dlighe
do theannadh ró-dhian leis mar gheall
ar an gcuma chorruighthe 'na raibh an
tír; agus ghlaodh sé ar ais ar an árd-
fheadhmannach. Bhí fáth eile aige le é
so a dhéanamh ar chaoi ar bith. Cheap
sé go dtabharfaidhe ar Fhiacha dún-
marbhthóiridhe an Bhrúnaigh do thabhairt
suas do'n dlighe dá scuirfidhe de'n
tóireacht 'na dhiaidh féin. Leis an
intinn sin cuireadh Agard agus Iarla
Chille Dara fá a dhéin le rádh go maith-
fidhe dhó dá dtabharfadh sé suas iad.
Bhí sé i dán dá cheapughadh a bheith
neamh-thairbheach ar chaoi ar bith mar
gheall ar dhúthracht oifigeamhail sheineas-
cail Loch Garmain. Thosguigh an gad-
uidhe so is a mhuinntear orra ag mionn-
ughadh agus ag tóirniughadh ar fud na tíre
nach dtabharfaidhe scíth ná trócaire
do'n té a chuidigh le marbhthóiridhibh an
Bhrúnaigh. Níl amhras ar bith gur
chuireadh 'n-a leith an dúnmharbhadh seo
ionnas go rachadh a ghábhadh — dá n-éir-
eóchthaoi leo, i dtairbhe dá náimhdibh
saobh-chráibhtheacha. Nuair nach bhféad-
fadh an fear-ionaid ceartughadh a
dhéanamh, ní raibh aon leigheas air, dar
leis, acht buidhean eile do chur ar
a thí. 8 Tháinig cuthach feirge ar Fhiacha
anois agus d'fheistigh sé ar tí sásamh do
bhaint amach. Thug sé leis gach ar
fhéad sé d'fhearaibh agus chreach is réab sé
Loch Garmain agus an Pála, ag sladadh
na námhaid 'chuile deis a gheobhadh
sé. Is léir nach raibh sé sásta leis an
méid so díoghbhála mar sealad beag
'n-a dhiaidh sin, ar an 26adh lá de'n
Lughnasadh, léighimíd gur phléasc sé
asteach ar an bPála arís ag ceann
ceithre mhíle fear armtha a bhí lán de
neart agus de ghaisce mar é féin.
Tar éis mór-choda do sna sráid-
bhailtíbh do chur ar lasadh, shaoil sé go
raibh a sháith trom-dhíoghaltais aige agus
bhí sé ag filleadh a bhaile nuair casadh
árd-fheadhmannach Loch Garmain agus gas-
radh mór saighdiúiridhe air. Do dhírigh-
eadar ar a chéile agus throid an dá
bhuidhin go dian is go fraochta go
ceann tamaill acht sara fada d'éirigh
le Fiacha a bhuidhean Gaedheal. D'ath-
bhuail sé ar chúl an námhaid agus níorbh'
fhada go raibh sé 'na dearg-ruaig, agus bhí
cead ag Fiacha agus a lucht leanamhna
d'fhilleadh go socair réidh ar a ndaing-
nibh fó ghuailnibh garbha corracha Ghlinne
Mhaoilúghra. 9 'San mbliadhain 1573
do pósadh deirbhshiúir Fhiacha le Ruaidhrí
óg Ó Mórdha agus thug seisean a bhean
nuadh-phósta leis go dtí Laoighis, a
áit-chomhnuidhthe. Bhí Fiacha agus a ghaolta
ag an mbainis agus ar fhilleamhaint a
bhaile dhóibh tré Chill Dara d'ionnsuidh
sirriamh na tíre sin iad le sluagh mór
chuibheasach. Shaoil sé Fiacha is a
mhuinntear do ghabháil acht “ní mar
síltear bítear” do réir an tsean-
fhocail. Bhí Fiacha i nguais anois nach
raibh dul as aige muna mbeadh an
fhoireann bheag saighdiúiridhe a thug sé
leis mar ghárda. Léim Fiacha agus a fhir
i gcoinne na námhaid chomh láidir le
leomhain agus níor bh'fhada gur chuireadh
an ruaig orra. Rinne an sirraimh
a dhícheall chun misnigh do thabhairt dá
bhuidhean féin acht níorbh' aon mhaith
ann; theicheadar mar lóchan roimh an
ngaoith agus do mharbhuigheadh a lán aca
ar a dteicheadh. Gabhadh an ceann-
urraidh agus rugadar leo isteach go dtí
daingnibh Ghlinne Mhaoilúghra é. Ar
dtús diúltuigh Fiacha a shaoirse a
thabhairt dó muna ngeallfaidhe go
dtabharfaidhe ocht gcéad púnt ar son
a shaoirse agus fós nach ndéanfaidhe iarr-
acht ar sásamh do bhaint amach mar
gheall ar a bhraighdeanas. Is cinnte
nach ngeallfaidhe an oiread seo 'chaoi
ar bith, agus faoi dheireadh sul a mbeadh
sé ar a lámhaibh níos fuide aige, shoc-
ruigh Fiacha le Agard é do scaoileadh
ar éiric d'íoc. 10 Do réir cunntais
na n-ughdar is cneasta againn níor
thug Fiacha níos mó trioblóide go dtí
an bhliadhain 1578 — muna dtugtar
faoi ndeara turas anois is arís is-
teach ar an bPála chum éadála do
thógbháil. 'San mbliadhain so gabhadh a
chliamhain, Ruaidhrí óg, agus tugadh go
Baile Átha Cliath é fé ghasra shaigh-
diúirí. Do tréaladh agus nígádh a rádh
dúnmharbhadh go h-éagcórach agus go feall-


L. 06


tach air. Ar chloistint so, thug Fiacha
a mhóid go mbainfeadh sé sásamh amach
do'n té ba chionntach le bás Ruaidhrí.
Thuig na Gaill anois nach dtiocfadh
aon mhaitheas as an bhfeill-ghníomh do
rinneadar, agus bhí imnidhe orra ar eagla
go dtabharfadh Fiacha cuairt ar an
gCaisleán ar shiubhal na hoidhche. Dá
bhrígh sin d'fhuagradar síothcháin agus
maitheamhnas dó; agus cheap Fiacha go
mb'fheárr dhó an réidhteach a ghlacadh
leis an intinn sin thriall sé ar Bhaile
Átha Cliath an 21adh lá de Mheadhon-
Fhóghmhair agus ar gheallamhaint go maith-
fidhe dó, dhearbhuigh seisean go mbéidh-
eadh sé díleas don riaghaltas agus ghabh
sé leithscéal nach mbéidheadh sé
chomh dána agus chomh neamh-shuimeamhail
mar dh'eadh do'n dlighe acht gur
thiománadh i gcúrsaidhibh ceannairce é
le fóir-neart a chomharsan do mharbhuigh
a dhearbhráthair athar agus a bhí ar a lorg
féin anois. 11 Chuaidh Fiacha a bhaile agus
ní'l amhras ann gur chongbhuigh sé a
gheallamhain go gceann tamaill. Mar
sin féin bhí amhras a cómhlíonta ag
muinntir an Chaisleáin do réir mar
léighimíd i litir scríobh an Tighearna
Drury go Burghley in a thaobh:— “gur
bh'é an fear b'amhrasaighe i gCúige
Laighean é d'éis bháis Ruaidhrí Óg
Ó Mórdha.” 12 Ní gan fáth shnaidhm Fiacha
connradh agus cáirdeas leis an námhaid ba
mheasa bhí aige mar chífear go goirid, ní
raibh uaidh acht caoi a fhagháil chun catha a
briseadh ar na Sasannaibh i bpáirc an
bhuailte, agus ar feadh an ama so bhí sé
ag oibriughadh go dian is go díthcheallach
'na chóir. Do cuireadh i leith go
hÉirinn an Tighearna Graií 'n-a
fhear-ionaid 'san mbliadhain 1580. Do
luigh sé chum oibre ar súil go bhfuigheadh
sé faill ar na Catoilicighibh do ghlanadh
amach as an tír. Bhí a ghadhair chogaidh
ag taisteal na tíre ag smachtughadh agus
ag marbhugheadh na ndaoine mbocht. I
mí an Aibreáin, an bhliadhain so thárla
gur mharbhuigheadh go héagcórach cuid
de mhuinntir Chaomhanaigh a bhí muinnt-
teardha d'Fhiacha agus mhóidigh seisean go
ndíolfadh na díolamhnaigh bradacha as
dá bhfágadh Dia neart a lámh aige.
Snaidhmeadh connradh idir é féin agus
Eoghan Ua Broin a bhí 'na námhaid ársa
aige go dtí sin, agus mhóidigheadar “dar
an mbachaill” go gcúiteófaidhe leis
na Sasannaibh é. 13 Leis an intinn
so, do dhírigheadar le dá fhoirinn
marcach ar Chonntae Loch Garmain —
an conntae ba ghallda an tan sin ó
Dhún na nGall go Corcaigh, agus mhill-
eadar is chreachadar é ó bhun go bárr. 14
Chuir an fear-ionaid fios air anois
'theacht chuige go Baile Átha Cliath go
nglanfadh sé é féin ós comhair coiste
Ghallda. Bhí níos mó céille ag Fiacha
'chaoi ar bith gan a mhuinéal do chur
'san bpaintéar a bhí feistighthe le n-a
haghaidh; acht d'fhreagair sé gur bh'é
fáth a éirghe amach ná an fuath a bhí
aige leis na Sasannaibh agus dubhairt
nach dtiubhradh sé suas do'n bhanríoghan
nó go gcinnfeadh sé air.



(Tuilleadh).



1 Vide Annála na gCeithre Mháighistirí, Ó
Donnabháin, faoi na bliadhnaibh, 1578, 1580,
1597. Vide Dictionary of National Biography,
edited by Sidney Lee, vol. XLI., p. 341.



2 Vide “The Pale and the Septs,” Emelobic
de Celtis, p. 154, 160.



3 Vide Compendium of Irish Biography,
Alfred Webb. Vide Annals. O'Donovan, 1580.



4 Vide Hist. Cathol. Iber.; P. O'Sullivan
Beare. tom 3, liber 3, c. x. fol. 145.



5 Vide Dictionary of National Biography.
Sydney Lee. Vol. XLI. p. 342.



6 Bhí “éirghe amach na nGearlatach” anois ar
losadh ar fuid na Mumhan agus is cinnte nach raibh
Fiacha ar an gclaidhe go díomhaoin ag féachaint
orra. Vide Duffy's Hiberican Magazine, edited
by Martin Haverty. Vol. I. p. 29.



7 Vide Calendar State Papers, Aug. 11th,
1586. Ibid. May and 1587. Ibid. May 1596



8 Vide Dictionary of National Biography,
Lee. Vide C.S.P., May, 1572.



9 Vide Duffy's Hibernian Magazine,
Haverty, vol. I., p. 32.



10 Vide Dictionary of National Biography,
Lee, vol. XLI., p. 342. Vide C.S.P., May
1573.



11 Vide C.S.P. 21st Sept., 1578, Vide Duffy's
Hibernian Magazine, p. 32, vol. I.



12 Vide C.S.P., 23rd Sep., 1578.



13 Vide Hist. Cathol. Iber., P. O'Sullivan
Beara, tom. 3, lebers, c. x., fol. 145.



14 Vide C.S.P., April, 1580.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services