Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Daille
Title
An Daille
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Meadhon Foghmhair, 08, 1906 An Daille Nach ait le rádh é go bhfuil síor- throid agus dian-throid ar siubhal i nÉirinn idir drongaibh daoinibh agus gan de chúis leis acht ná tuigid a chéile. Gach drong agus obair fá leith aca, ní thuigid go bhfuil aon tuisgint ag éinne eile, acht aca féin; agus thabharfaidís an leabhar nach bhfuil i n-obair gach druinge eile acht fiadhantas agus saoibhe. Tá a lán fírinne sa' chaint seo acht é thagairt do dhaoinibh cnag-aosta; mar annsan ní ghéillid do chomhairle ná do theagasg acht leanaid a gcomhairle agus a slighe féin. Nach iongantach an éirim a bhí 'nár sinnsear? Féach cionnus mar bhí sé siúd aca. “An tslat nuair a chruadhann le h-aois is deacair í shníomh 'na gad.” Ní fhéad- fá an duine cnag-aosta “do shníomh” dála na slaite nuair a chruadhann sé; ní dheargann caint ná comhairle air agus ní binn leis acht a ghlór féin. Níltear ghá sgríobhadh so gan fáth. Níl lá dá dtagann nach mbíonn bruighean éigin nó argúinteacht éigin nó aighneas éigin ar siubhal idir na drongaibh seo ar ar thráchtamar agus ní bhíonn de chúis ná adhbhar leis acht gan iad a thuisgint a chéile. Is gnáth iad do bheith ar éan-fhonn agus ar éan-aigne, acht tá teangtha ciotacha aca agus nuair a chuirid chum a smaointe do nochtadh, is minic ná déanaid le cruinneas é agus ní luaithe an chaint amuigh ná go sgrúduighthear go mion í agus go mbain- tear atharrach brigh aisti seachas mar ceap an té chuir as í. Agus annsan bíonn an gleó 'na sheasamh!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services