Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Daille

Title
An Daille
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth Cliath, Meadhon Foghmhair, 08, 1906



An Daille



Nach ait le rádh é go bhfuil síor-
throid agus dian-throid ar siubhal i nÉirinn
idir drongaibh daoinibh agus gan de chúis
leis acht ná tuigid a chéile. Gach
drong agus obair fá leith aca, ní thuigid
go bhfuil aon tuisgint ag éinne eile,
acht aca féin; agus thabharfaidís an leabhar
nach bhfuil i n-obair gach druinge eile
acht fiadhantas agus saoibhe.



Tá a lán fírinne sa' chaint seo acht é
thagairt do dhaoinibh cnag-aosta; mar
annsan ní ghéillid do chomhairle ná do
theagasg acht leanaid a gcomhairle agus
a slighe féin. Nach iongantach an
éirim a bhí 'nár sinnsear? Féach
cionnus mar bhí sé siúd aca. “An
tslat nuair a chruadhann le h-aois is
deacair í shníomh 'na gad.” Ní fhéad-
fá an duine cnag-aosta “do shníomh”
dála na slaite nuair a chruadhann sé;
ní dheargann caint ná comhairle air agus
ní binn leis acht a ghlór féin.



Níltear ghá sgríobhadh so gan fáth.
Níl lá dá dtagann nach mbíonn
bruighean éigin nó argúinteacht éigin
nó aighneas éigin ar siubhal idir na
drongaibh seo ar ar thráchtamar agus ní
bhíonn de chúis ná adhbhar leis acht gan
iad a thuisgint a chéile. Is gnáth iad
do bheith ar éan-fhonn agus ar éan-aigne,
acht tá teangtha ciotacha aca agus nuair
a chuirid chum a smaointe do nochtadh,
is minic ná déanaid le cruinneas é
agus ní luaithe an chaint amuigh ná go
sgrúduighthear go mion í agus go mbain-
tear atharrach brigh aisti seachas mar
ceap an té chuir as í. Agus annsan
bíonn an gleó 'na sheasamh!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services