Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fiacha Mac Aodha
Title
Fiacha Mac Aodha
Author(s)
An Seabhac,
Pen Name
An Seabhac
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fiacha Mac Aodha. An Seabhac, do sgríobh. Fiacha Mac Aodha an tsléibhe, Fiacha Mac Aodha na ngleann, 'Bfhuil aon nach gcual' a ghníomhartha tréan' Nó cáil is cródhacht a mharcshluagh teann. Atá sé le léigheamh againn i ngach stair dár scríobhadh riamh ag cur síos ar neithibh na hÉireann gur lean ceall- réabadh, dortadh fola agus lot lorg na nGall i ngach turas dá dtugadar ar ár dtír. Go deimhin, taisbeántar i ngach leathanach ar gach ar fulaing na Gaedhil tré aoisibh anródha agus ghéir-leanmhna fá chosaibh namhad gan trócaire, gan truaighmhéil. Tá sean- fhocal ann a dheireanns nach bhfuil aon dream níos measa 'ná síol feill agus fonomhaide, agus, mo léan géar! bhí fírinne an tsean-ráidhte so dearbhtha go soiléir ar feadh an ama a bhí Eibhlís agus a lorgairidhe loit-bheartacha colacha fá réim i Sasana. Go dtí an bhliadhain 1558, ní raibh an iomarca chinseil agus ionnracais ar fad ag Sasana 'ghá thógbhaint uirthi féin i neithibh na hÉireann — gidh nach raibh gach éin-ní dá mbaineann le fíor-náisiúntacht na tíre aici fós gan teimheal i ndiaidh an scriosadóra cholaigh sin, an t-ochtmhadh Eanraí. Anois bhí gadhair gaoithe Eibhlíse ag imtheacht de bhun-tullaigh ar fuid na tíre ag mealladh le sleam- aireacht cainnte agus le gliocas gach taoiseach dár bhuail umpa, agus, dar fiadh, is brónach agus náireach an scéal é d'innsint gur ghéill cuid mhaith dos na taoiseachaibh do na fearaibh-ionaid cuireadh i leith go hÉirinn ar feadh ríghe Eibhlíse. 1 Bhí rud níos measa, ar chaoi ar bith, ag gabháil d'ár dtír bhocht chráidhte, agus b'é sin an t-achrann fada a bhí anois is arís idir thaoiseachaibh na hÉireann, — gach fear aca ag iarraidh ceannas a threibhe d'fhagháil dó féin ionnas nach raibh “tigh ná treabh” aca 'san deireadh. De bhárr an imreasáin so do-chítear eochair an mhéid duaidh agus duibheacháin ar thuit orainn ó'n chéad lá dubhach shroicheadar na Gaill imill na hÉireann iath-ghlaise. Bhí na taoisigh i mullaighibh a chéile agus buaidhirt agus anró i ngach roinn de'n tír. Níor thuig siad go raibh gach buille a bhuaileadar ar a chéile ag lagughadh a dtíre. Níor chuimhnigheadar go raibh an fhuil do b'fhearr 'san tír 'ghá dortadh ar pháirc an bhuailte gan aon tairbhe — go raibh an fhuil agus an mhisneach agus an chródhacht sin ar fad ag teastáil uatha i n-aghaidh na námhad neamh-thrócairighe a bhí ag teacht anall ó Shasana gach aon lá. Acht, níor bh'fhada, mo bhrón, go bhfuaireadar eólas i gceart ar an mbutún a dhéanadar le n-a ndíth-chéille — gidh gur dheacair ciall a mhúnadh dóibh. Tá ainm amháin, ar chaoi ar bith, saor ó locht 'sa tslighe sin, ag seasamh amach go gléigeal neamh-thruaillidhe, agus dar liom-sa, ní móide go bhfuil i stair an taca sin fear eile chómh meisneamhail cumhachtach agus fós chómh dearmadtha ag Clainn na nGaedheal 'ná an laoch mór calma — leomhan mí-ádhmharach Ghlinne Mhaoilúghra, Fiacha Mac Aodha Ua Broin. 2 So é an gaiscidheach a sheas seacht mbliadhna is fiche gan claonadh ar son a thíre agus conairt Eibhlíse ag tafann agus ag amhastrach le greim d'fhagháil ar an mbé ríoghamhail, — Éire na séad. So é an laoch a chaith a shaoghal ag déanamh a dhíchill leis na Sacsanaibh do ruagadh, agus a chosc gach uile iarracht thug na hallmhuraigh ar a chumhacht do bhriseadh nó a réim do lagughadh. So é an taoiseach a chuir cosc le lom-bhuille ar smacht na nGall i gconntae Chille Mhantáin an lá glórmhar úd briseadh agus buaileadh fá chois arm na námhad agus cuireadh scaip- eadh ar na bodaighibh claona de chlannaibh Londuinn i gcath mhór Ghlinne Mhaoilúghra 'san mbliadhain 1580. So é an chara thug foscadh agus tearmann cinnte do'n mhéirleach agus do'n deoraidhe a bhí ar a theicheadh ó ghadhraibh an dlighe agus a chosain iad 'san gcosaint ba ghlice agus ba ghaoismhire bhí i nÉirinn riamh i n-aghaidh airm na bainríoghna. 3 Is minic freisin tugadh díon a thighe do'n tsagart bhocht ar a thí ó bhrathadóiridhibh Shasana nuair nach ndearbhóchadh sé nár bh'é an Pápa acht “ban-dóirseoir ifrinn” ceann an chreidimh. Go deimhin níor bhuaidheadh riamh ar mhuinn- tir an Bhranaigh ar fairsinge is ar féile:— “ní raibh a n-dóirse dúnta dian i n-aghaidh neach ariamh; bhí fáilte roimh an astránach, bhí fáilte cheannsa chaoimh. Budh chuma árd nó ísiol é budh ionann fáilte dhó — ní mar fháilte fhuar na laetheadh 'nois do bhí an fháilte so.” Go deimhin, nuair léightear ar a ghníomh- arthaibh gaisceamhla agus ar a oibreachaibh oirdhearca, agus nuair cuimhnightear ar an bpáirt thóg sé i stiar a thíre i n-aghaidh an strainséir buaileann sé isteach 'n-a aigne nach aisteach an nídh é nach bhfuil a cháil is a chlú leathnuighthe níos feárr i measg na nGaedheal; acht, deirtear go mbíonn fáth le gach rud a thuiteann amach 'san domhan so, agus ó's ion-loirgthe do'n Ghall gur bh'é ádhbhar 'chuile mí-áidh agus trioblóide ar thuit orainn ar feadh na n-ocht g-céad bliadhain so ghabh tharainn, tuige nach mbéidheadh a rian le feicsint annso freisin. 'San aois trioblóideach 'n-ar mhair an laoch so, is fír-bheagán ama a bhí ag scríbhneoiríbh na hÉireann do chur síos go beacht ar ar thuit amach le linn na huaire sin. Fairíor! bhí aimsear na saoi is na suadh i bhfad imthighthe. Ar an ádhbhar sin, ní'l cunntas cruinn ar bheathaidh an taoisigh seo againn acht an méid is féidir do chnusach ó thoibreachaibh éagsamhla, agus go mór-mhór ó linntidhibh Shasana. Anois atá 'fhios ag gach Éireannach nach bhfuil dearbhughadh ar bith againn i dtacaidh- eacht an chunntais Ghallda mar scathán fírinneach. Tá 'fhios againn go raibh na Sasanaigh i gcomhnuidhe chómh diabhalta glic sin 's gur mhaith leobhtha cáil agus clú a námhad do mhilleadh agus go háirithe clú na dtaoiseach ba fhéidheamhla 's ba cháileamhla. Agus, a léightheoir, nach bhfuil a ndúthchas ag briseadh tré n-a súilibh go laetheamhail anois féin gidh go bhfuil deireadh curtha le géar-bhruid agus géar-leanamhaint na hÉireann? Tá, gan amhras, acht buidheachas do Dhia, níl uachtaránacht ag na Gall-phuic ann indiu chómh láidir is bhí sí 'san aimsir i n-allód, agus gan spleádhachas dóibh atá níos mó eolais ar stair-bheathaidh is gníomharthaibh gaisceamhla thaoisigh Ghlinne Mhaoilúghra againn ná budh mhaith leo. Níl agam anois acht mo dhícheall a dhéanamh chum a bheathadh do scríobhadh, agus má's féidir liom na néalta a scaipeadh tá 'ár gcongbháil i ndorch- adas d'á thaobh. 1 Gan amhras, sheas taoiseacha cródha, calma ar son a dtíre ar feadh an ama so; mar Eoin Ó Néill 'san mbliadhain 1560. Iarla Dheas- Mhumhan 'san mbliadhain 1580; agus Aodh O Néill is O Domhnaill idir na bliadhantaibh 1594 agus 1603. Acht níor chuidigh na taoiseacha eile leo mar ba cheart dóibh. 3 teicheadh Aodha O Domhnaill, Hanraoi is Airt O Néill ó'n gcaisleán, — Joyce. Hist. pp. 155, 159.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services