Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fiacha Mac Aodha

Title
Fiacha Mac Aodha
Author(s)
An Seabhac,
Pen Name
An Seabhac
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Fiacha Mac Aodha.



An Seabhac, do sgríobh.



Fiacha Mac Aodha an tsléibhe,
Fiacha Mac Aodha na ngleann,
'Bfhuil aon nach gcual' a ghníomhartha tréan'
Nó cáil is cródhacht a mharcshluagh teann.



Atá sé le léigheamh againn i ngach
stair dár scríobhadh riamh ag cur síos
ar neithibh na hÉireann gur lean ceall-
réabadh, dortadh fola agus lot lorg
na nGall i ngach turas dá dtugadar
ar ár dtír. Go deimhin, taisbeántar
i ngach leathanach ar gach ar fulaing na
Gaedhil tré aoisibh anródha agus
ghéir-leanmhna fá chosaibh namhad gan
trócaire, gan truaighmhéil. Tá sean-
fhocal ann a dheireanns nach bhfuil aon
dream níos measa 'ná síol feill agus
fonomhaide, agus, mo léan géar! bhí
fírinne an tsean-ráidhte so dearbhtha go
soiléir ar feadh an ama a bhí Eibhlís agus a
lorgairidhe loit-bheartacha colacha fá
réim i Sasana. Go dtí an bhliadhain
1558, ní raibh an iomarca chinseil agus
ionnracais ar fad ag Sasana 'ghá
thógbhaint uirthi féin i neithibh na
hÉireann — gidh nach raibh gach éin-ní
dá mbaineann le fíor-náisiúntacht na
tíre aici fós gan teimheal i ndiaidh an
scriosadóra cholaigh sin, an t-ochtmhadh
Eanraí. Anois bhí gadhair gaoithe
Eibhlíse ag imtheacht de bhun-tullaigh ar
fuid na tíre ag mealladh le sleam-
aireacht cainnte agus le gliocas gach
taoiseach dár bhuail umpa, agus, dar fiadh,
is brónach agus náireach an scéal é
d'innsint gur ghéill cuid mhaith dos
na taoiseachaibh do na fearaibh-ionaid
cuireadh i leith go hÉirinn ar feadh
ríghe Eibhlíse. 1



Bhí rud níos measa, ar chaoi ar bith,
ag gabháil d'ár dtír bhocht chráidhte, agus
b'é sin an t-achrann fada a bhí anois is
arís idir thaoiseachaibh na hÉireann, —
gach fear aca ag iarraidh ceannas a
threibhe d'fhagháil dó féin ionnas nach
raibh “tigh ná treabh” aca 'san deireadh.
De bhárr an imreasáin so do-chítear
eochair an mhéid duaidh agus duibheacháin
ar thuit orainn ó'n chéad lá dubhach
shroicheadar na Gaill imill na hÉireann
iath-ghlaise. Bhí na taoisigh i mullaighibh
a chéile agus buaidhirt agus anró i ngach roinn
de'n tír. Níor thuig siad go raibh gach
buille a bhuaileadar ar a chéile ag
lagughadh a dtíre. Níor chuimhnigheadar
go raibh an fhuil do b'fhearr 'san tír
'ghá dortadh ar pháirc an bhuailte gan
aon tairbhe — go raibh an fhuil agus an
mhisneach agus an chródhacht sin ar fad ag
teastáil uatha i n-aghaidh na námhad
neamh-thrócairighe a bhí ag teacht anall
ó Shasana gach aon lá. Acht, níor bh'fhada,
mo bhrón, go bhfuaireadar eólas i
gceart ar an mbutún a dhéanadar le
n-a ndíth-chéille — gidh gur dheacair
ciall a mhúnadh dóibh.



Tá ainm amháin, ar chaoi ar bith, saor
ó locht 'sa tslighe sin, ag seasamh amach
go gléigeal neamh-thruaillidhe, agus dar
liom-sa, ní móide go bhfuil i stair an
taca sin fear eile chómh meisneamhail
cumhachtach agus fós chómh dearmadtha ag
Clainn na nGaedheal 'ná an laoch
mór calma — leomhan mí-ádhmharach
Ghlinne Mhaoilúghra, Fiacha Mac Aodha
Ua Broin. 2 So é an gaiscidheach a
sheas seacht mbliadhna is fiche gan
claonadh ar son a thíre agus conairt
Eibhlíse ag tafann agus ag amhastrach le
greim d'fhagháil ar an mbé ríoghamhail, —
Éire na séad. So é an laoch a chaith
a shaoghal ag déanamh a dhíchill leis na
Sacsanaibh do ruagadh, agus a chosc gach
uile iarracht thug na hallmhuraigh ar a
chumhacht do bhriseadh nó a réim do
lagughadh. So é an taoiseach a chuir
cosc le lom-bhuille ar smacht na nGall
i gconntae Chille Mhantáin an lá
glórmhar úd briseadh agus buaileadh fá
chois arm na námhad agus cuireadh scaip-
eadh ar na bodaighibh claona de
chlannaibh Londuinn i gcath mhór Ghlinne
Mhaoilúghra 'san mbliadhain 1580. So
é an chara thug foscadh agus tearmann
cinnte do'n mhéirleach agus do'n deoraidhe
a bhí ar a theicheadh ó ghadhraibh an dlighe
agus a chosain iad 'san gcosaint ba ghlice
agus ba ghaoismhire bhí i nÉirinn riamh
i n-aghaidh airm na bainríoghna. 3 Is
minic freisin tugadh díon a thighe do'n
tsagart bhocht ar a thí ó bhrathadóiridhibh
Shasana nuair nach ndearbhóchadh sé
nár bh'é an Pápa acht “ban-dóirseoir
ifrinn” ceann an chreidimh. Go
deimhin níor bhuaidheadh riamh ar mhuinn-
tir an Bhranaigh ar fairsinge is ar
féile:— “ní raibh a n-dóirse dúnta
dian i n-aghaidh neach ariamh; bhí fáilte
roimh an astránach, bhí fáilte cheannsa
chaoimh. Budh chuma árd nó ísiol é budh
ionann fáilte dhó — ní mar fháilte fhuar
na laetheadh 'nois do bhí an fháilte so.”
Go deimhin, nuair léightear ar a ghníomh-
arthaibh gaisceamhla agus ar a oibreachaibh
oirdhearca, agus nuair cuimhnightear ar an
bpáirt thóg sé i stiar a thíre i n-aghaidh
an strainséir buaileann sé isteach 'n-a
aigne nach aisteach an nídh é nach bhfuil
a cháil is a chlú leathnuighthe níos feárr
i measg na nGaedheal; acht, deirtear
go mbíonn fáth le gach rud a thuiteann
amach 'san domhan so, agus ó's ion-loirgthe
do'n Ghall gur bh'é ádhbhar 'chuile mí-áidh
agus trioblóide ar thuit orainn ar feadh
na n-ocht g-céad bliadhain so ghabh
tharainn, tuige nach mbéidheadh a rian
le feicsint annso freisin. 'San aois
trioblóideach 'n-ar mhair an laoch so, is
fír-bheagán ama a bhí ag scríbhneoiríbh
na hÉireann do chur síos go beacht ar
ar thuit amach le linn na huaire sin.
Fairíor! bhí aimsear na saoi is na suadh
i bhfad imthighthe. Ar an ádhbhar sin, ní'l
cunntas cruinn ar bheathaidh an taoisigh
seo againn acht an méid is féidir do
chnusach ó thoibreachaibh éagsamhla, agus go
mór-mhór ó linntidhibh Shasana. Anois
atá 'fhios ag gach Éireannach nach bhfuil
dearbhughadh ar bith againn i dtacaidh-
eacht an chunntais Ghallda mar scathán
fírinneach. Tá 'fhios againn go raibh
na Sasanaigh i gcomhnuidhe chómh diabhalta
glic sin 's gur mhaith leobhtha cáil agus clú
a námhad do mhilleadh agus go háirithe clú
na dtaoiseach ba fhéidheamhla 's ba
cháileamhla. Agus, a léightheoir, nach
bhfuil a ndúthchas ag briseadh tré n-a
súilibh go laetheamhail anois féin gidh
go bhfuil deireadh curtha le géar-bhruid
agus géar-leanamhaint na hÉireann? Tá,
gan amhras, acht buidheachas do Dhia, níl
uachtaránacht ag na Gall-phuic ann
indiu chómh láidir is bhí sí 'san aimsir
i n-allód, agus gan spleádhachas dóibh atá
níos mó eolais ar stair-bheathaidh is
gníomharthaibh gaisceamhla thaoisigh
Ghlinne Mhaoilúghra againn ná budh
mhaith leo. Níl agam anois acht mo
dhícheall a dhéanamh chum a bheathadh do
scríobhadh, agus má's féidir liom na néalta
a scaipeadh tá 'ár gcongbháil i ndorch-
adas d'á thaobh.



1 Gan amhras, sheas taoiseacha cródha, calma
ar son a dtíre ar feadh an ama so; mar Eoin
Ó Néill 'san mbliadhain 1560. Iarla Dheas-
Mhumhan 'san mbliadhain 1580; agus Aodh O Néill
is O Domhnaill idir na bliadhantaibh 1594 agus
1603. Acht níor chuidigh na taoiseacha eile leo
mar ba cheart dóibh.



3 teicheadh Aodha O Domhnaill, Hanraoi
is Airt O Néill ó'n gcaisleán, — Joyce. Hist.
pp. 155, 159.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services