Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhairle i dtaobh Seachtmhaine na gCrann
Title
Comhairle i dtaobh Seachtmhaine na gCrann
Author(s)
Ua Nualláin, Tomás P.,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Comhairle i dtaobh Seacht- mhaine na gCrann. 1. Dá thúisce a chuirtear an crann tar éis thógaint ó'n síol-lann is amhlaidh is fearr é. Dá mba rud é nárbh fhéidir é chur gan mhoill, coiméad i scailpín ó'n ngréin é. 2. Ní fhuil aon am is oireamhnaighe chun crainn do chur ná Seachtmhain na gCrann .i. deireadh an fhoghmhair agus tosach an gheimhridh. Aimsir bhog scamallach an aimsir is fearr. Seachain an sioc, an tiormacht, agus na gaoithe cruadha. 3. Infhiuch na préamhacha go cruinn. Níor mhór dóibh bheith folláin agus a lán ribeanna nó féitheanna bheith aca. 4. Bíodh an poll nó an chlais 'n-a gcuirfear an crainnín níos leithne, níos fairsinge ná leithead na bpréamh- acha. 5. Romhartar an poll tamall maith roimh rae, sa treo go bhfuigheadh an t-aer agus an ghrian a gcuid féin d'oibriughadh ar an dtalamh. 6. Le linn an chrainnín do chur, ná lúb agus ná cas a phréamhacha acht leath amach iad ar a seascaireacht. 7. Tar éis a bheith curtha do'n chrainnín, ná múch le screathannaibh ro- chomhgarach dá chois é. 8. Ná fág fiadhaile agus luibheanna díoghbhálacha i ngiorracht do'n chrainnín. 9. Ná bain leis na mion-chlochaibh. Ní dhéanfaid-san aon díoghbháil. 10. Bíodh an chré atá ag baint leis na préamhachaibh an-mhín ar fad. Ná bíodh sí i n-a cnapaibh ná i n-a fódaibh. 11. Cuir an crainnín díreach agus na préamhacha is láidre ar thaobh na gaoithe. 12. Ná cuir ar thurtógaibh maran rud é go bhfuil an áit i n-a currach fluich ísiol. 13. Ná teipeadh ort uisce do sholáthar dos na chrannaibh óga má's gábhadh dóibh le linn aimsir thirim do bheith ann. Annsoin fliuch go maith ar maidin nó um thráthnóna iad féin agus go mór-mhór an áit mar a bhfuilid. Tairbhe na gCoillte. Ins na coilltibh gheibhtear adhmad, conadh agus a lán toradh. 2. Is oireamhnach agus caoitheamhail na coillte chun bun-airgead do chur i dtaisce agus i dtoradh ionnta. 3. Ní féidir coillte bheith ann gan lucht saothair bheith ann leis chun iad do shaothrughadh, agus na céirde a bhain- eann leo do thabhairt chun chinn. Gheibh- tear adhbhar do mhórán céard ins na coilltibh. 4. Laghduigheann siad teas an aeir agus an tailimh roinnt beag ionnus ná bíonn ró-theas ná ró-fhuacht ann. 5. Is buige an t-aer agus is lugha an gailiughadh (evaporation) os cionn coille. 6. Dá mhéid na coillte is eadh is mó an fhearthainn. B'fhéidir ná bainneann so le h--oileán mar Éire atá suidhte san aigéan mór Atlantic. 7. Coimeádann siad an fíor-uisce sa chóir cheat, méaduigheann siad na tobaireacha, coscann siad na tuiltí móra obann, déanann siad an t-uisce do rith níos ciúine ins na h-aibhnibh. 8. Ní leigeann siad do'n talamh bheith ag sleamhnughadh anuas ar taobh chnuic, ná do'n gaineamh is do'n chré bheith ag bogadh leo is ag líonadh na n-abhann is na bpáirc. 9. Cuireann siad cosc agus moill ar an ngaoith. Díonuigheann siad na páirceanna i n-aghaidh gaoithe fuaire
nó tirme. Agus i bhfuithin na gcoill bíonn na beithidhigh agus na h-éanlaithe go seascair cluthmhar. 10. Sóláthruigheann siad oxigen agus ódrón. 11. Má cuirtear agus má coimeádtar i gceart iad, déanann siad tír bheith níos folláine. 12. Mar bharr ar gach nídh, do réir méid coillte na tíre is amhlaidh is aoibhne 's is áilne an tír. Tomás P. Ua Nualláin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services