Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhairle i dtaobh Seachtmhaine na gCrann

Title
Comhairle i dtaobh Seachtmhaine na gCrann
Author(s)
Ua Nualláin, Tomás P.,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Comhairle i dtaobh Seacht-
mhaine na gCrann.



1. Dá thúisce a chuirtear an crann
tar éis thógaint ó'n síol-lann is
amhlaidh is fearr é. Dá mba rud é
nárbh fhéidir é chur gan mhoill, coiméad
i scailpín ó'n ngréin é.



2. Ní fhuil aon am is oireamhnaighe
chun crainn do chur ná Seachtmhain na
gCrann .i. deireadh an fhoghmhair agus
tosach an gheimhridh. Aimsir bhog
scamallach an aimsir is fearr. Seachain
an sioc, an tiormacht, agus na gaoithe
cruadha.



3. Infhiuch na préamhacha go cruinn.
Níor mhór dóibh bheith folláin agus a lán
ribeanna nó féitheanna bheith aca.



4. Bíodh an poll nó an chlais 'n-a
gcuirfear an crainnín níos leithne,
níos fairsinge ná leithead na bpréamh-
acha.



5. Romhartar an poll tamall maith
roimh rae, sa treo go bhfuigheadh an
t-aer agus an ghrian a gcuid féin
d'oibriughadh ar an dtalamh.



6. Le linn an chrainnín do chur, ná
lúb agus ná cas a phréamhacha acht leath
amach iad ar a seascaireacht.



7. Tar éis a bheith curtha do'n
chrainnín, ná múch le screathannaibh ro-
chomhgarach dá chois é.



8. Ná fág fiadhaile agus luibheanna
díoghbhálacha i ngiorracht do'n chrainnín.



9. Ná bain leis na mion-chlochaibh.
Ní dhéanfaid-san aon díoghbháil.



10. Bíodh an chré atá ag baint leis
na préamhachaibh an-mhín ar fad. Ná
bíodh sí i n-a cnapaibh ná i n-a fódaibh.



11. Cuir an crainnín díreach agus na
préamhacha is láidre ar thaobh na
gaoithe.



12. Ná cuir ar thurtógaibh maran
rud é go bhfuil an áit i n-a currach
fluich ísiol.



13. Ná teipeadh ort uisce do
sholáthar dos na chrannaibh óga má's
gábhadh dóibh le linn aimsir thirim do
bheith ann. Annsoin fliuch go maith ar
maidin nó um thráthnóna iad féin agus
go mór-mhór an áit mar a bhfuilid.



Tairbhe na gCoillte.



Ins na coilltibh gheibhtear adhmad,
conadh agus a lán toradh.



2. Is oireamhnach agus caoitheamhail na
coillte chun bun-airgead do chur i
dtaisce agus i dtoradh ionnta.



3. Ní féidir coillte bheith ann gan
lucht saothair bheith ann leis chun iad
do shaothrughadh, agus na céirde a bhain-
eann leo do thabhairt chun chinn. Gheibh-
tear adhbhar do mhórán céard ins na
coilltibh.



4. Laghduigheann siad teas an aeir agus
an tailimh roinnt beag ionnus ná
bíonn ró-theas ná ró-fhuacht ann.



5. Is buige an t-aer agus is lugha an
gailiughadh (evaporation) os cionn
coille.



6. Dá mhéid na coillte is eadh is
mó an fhearthainn. B'fhéidir ná
bainneann so le h--oileán mar Éire
atá suidhte san aigéan mór Atlantic.



7. Coimeádann siad an fíor-uisce
sa chóir cheat, méaduigheann siad na
tobaireacha, coscann siad na tuiltí
móra obann, déanann siad an t-uisce
do rith níos ciúine ins na h-aibhnibh.



8. Ní leigeann siad do'n talamh
bheith ag sleamhnughadh anuas ar taobh
chnuic, ná do'n gaineamh is do'n chré
bheith ag bogadh leo is ag líonadh na
n-abhann is na bpáirc.



9. Cuireann siad cosc agus moill ar
an ngaoith. Díonuigheann siad na
páirceanna i n-aghaidh gaoithe fuaire


L. 04


nó tirme. Agus i bhfuithin na gcoill
bíonn na beithidhigh agus na h-éanlaithe go
seascair cluthmhar.



10. Sóláthruigheann siad oxigen agus
ódrón.



11. Má cuirtear agus má coimeádtar
i gceart iad, déanann siad tír bheith
níos folláine.



12. Mar bharr ar gach nídh, do réir
méid coillte na tíre is amhlaidh is
aoibhne 's is áilne an tír.



Tomás P. Ua Nualláin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services