Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sean-bhraon na nGaedheal
Title
Sean-bhraon na nGaedheal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Meadhon Foghmhair, 01, 1906 Sean-bhraon na nGaedheal. Tá sé mar phaidir capaill againn le tamaill gur “dual dúinn an braon a bheith ionainn,” “go raibh riamh agus nár bhaoghal nár thugamar linn é,” &rl., dá saghas san. An té bhíonn gan sean-bhraon a shinnsir, ní misde duit a rádh ar an mbarra buadhbhaill gur duine gan bhrígh é. Níl nídh níos táire ar dhruim talmhan agus bolanna an Life chur san áireamh. Táimid le ós cionn deich mbliadhna ar ár ndícheall bháis ad' iarraidh a ceart féin do bhaint amach do'n nGaedhilg; táimíd taréis a lán do rádh agus do sgríobhadh; táimíd taréis mórán fothrom do dhéanamh; táimíd taréis dian-mhachtnamh do dhéanamh ar an tslighe ab fhearr chum an teanga do chasadh agus badh ghnáth linn ag tabhairt toradh na maranna sin do mhuinntir na hÉireann go huile — agus an bórd mar mhagaidh an oideachais do chóimh- reamh. An bhfuil an Ghaedhilg san alt ar chóir di fós de dheasgaibh an méid seo cainte agus machtnamh, ceol agus fothruim? Bíodh ar mhalainn nach bhfuil, agus nach mbeidh go ceann tamaill eile; agus ní bheidh go bráth muna ngléasfam sinn féin agus dul isteach san gcoimheasgar. An Ghaedhilg ag dul i ndiaidh a deireadh, í i ndoghrainn a múchta ag paca tuatálaidhthe nach fios d'éinne acht do mhuinntir mhí-adhmharach na hÉireann, ciaca ann nó as iad; dream nach bhfuil luadh ortha leath- smuigh de theorainn na hÉireann. Nach greannmhar na daoine sinn agus a rádh go leogfaimís dá leithéid siúd buille na tubaiste do thabhairt do'n nGaedhilg! Agus tá an tsean-bhraon ionainn 'na dhiaidh so is eile! Cá bhfuil braon Aodh Uí Néill, misneach Aodh Ruadh agus meanma an Céitinnigh? Dream “nár diúl- taigh cúinse i ngleo” ab eadh iad súd; níor chasadar a gcúl le haon dream dá mhéid a gcáil le n-a linn; agus dá sáineochadh do'n triúr so d'áirigheamar a bheith beo anois agus an Ghaedhilg dá ruagairt ós comhair a súl cad is dóigh libh a dhéanfaidís? Suidhe síos ar an gclaidhe? Nó iad féin do chaitheamh isteach fá'n leabaidh? Nó uamhan do ghlacadh agus sgrios leó tar bóchna anonn? Nó a lámha do shádh 'n-a bpócaí a gcinn do chrochadh go fáidheamhail agus a rádh nach bhfuil Dia buidheach dínn, go bhfuil sé 'nár gcoinne, gur cinneamhain é, agus nach bhfuil aon fhagháil ar a sheachaint? Sinne faoi dhíbh go ndéanfaidís siúd a mhalairt. Ní bhíonn Dia buidheach do dhaoinibh a abrann gurab É is fáth le gach díth dá mbaineann dóibh; óir is fios dúinn nach dtug sé riamh a thoil chum olc do dhéanamh. Nach náir an sgéal againn mar sin é bheith 'ghá chur 'na leith againn? Agus tá an tsean-bhraon ionainn 'na dhiaidh so go léir! Dá mbeadh, bheadh a mhalairt de cheól le cloisint ar mhachairí mhíne, agus ar cnocaibh árda na hÉireann seachas búireadh na mbó, siotraighil an gcapall, crónán na gcat agus amhastrach na gcon; seadh agus caointeachán agus ólagóntacht a bhfuil de shliocht Gaedheal 'n-a ndúchchas!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services