An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Meadhon Foghmhair, 01, 1906
Sean-bhraon na nGaedheal.
Tá sé mar phaidir capaill againn
le tamaill gur “dual dúinn an
braon a bheith ionainn,” “go raibh riamh
agus nár bhaoghal nár thugamar linn é,”
&rl., dá saghas san. An té bhíonn gan
sean-bhraon a shinnsir, ní misde
duit a rádh ar an mbarra buadhbhaill
gur duine gan bhrígh é. Níl nídh níos
táire ar dhruim talmhan agus bolanna an
Life chur san áireamh.
Táimid le ós cionn deich mbliadhna
ar ár ndícheall bháis ad' iarraidh a
ceart féin do bhaint amach do'n
nGaedhilg; táimíd taréis a lán do
rádh agus do sgríobhadh; táimíd taréis
mórán fothrom do dhéanamh; táimíd
taréis dian-mhachtnamh do dhéanamh ar
an tslighe ab fhearr chum an teanga
do chasadh agus badh ghnáth linn ag tabhairt
toradh na maranna sin do mhuinntir
na hÉireann go huile — agus an bórd
mar mhagaidh an oideachais do chóimh-
reamh.
An bhfuil an Ghaedhilg san alt ar
chóir di fós de dheasgaibh an méid seo
cainte agus machtnamh, ceol agus fothruim?
Bíodh ar mhalainn nach bhfuil, agus nach
mbeidh go ceann tamaill eile; agus ní
bheidh go bráth muna ngléasfam sinn
féin agus dul isteach san gcoimheasgar.
An Ghaedhilg ag dul i ndiaidh a
deireadh, í i ndoghrainn a múchta ag
paca tuatálaidhthe nach fios d'éinne
acht do mhuinntir mhí-adhmharach na
hÉireann, ciaca ann nó as iad;
dream nach bhfuil luadh ortha leath-
smuigh de theorainn na hÉireann.
Nach greannmhar na daoine sinn agus
a rádh go leogfaimís dá leithéid
siúd buille na tubaiste do thabhairt
do'n nGaedhilg! Agus tá an
tsean-bhraon ionainn 'na dhiaidh so
is eile! Cá bhfuil braon Aodh Uí
Néill, misneach Aodh Ruadh agus meanma
an Céitinnigh? Dream “nár diúl-
taigh cúinse i ngleo” ab eadh iad
súd; níor chasadar a gcúl le haon
dream dá mhéid a gcáil le n-a linn;
agus dá sáineochadh do'n triúr so
d'áirigheamar a bheith beo anois agus an
Ghaedhilg dá ruagairt ós comhair a
súl cad is dóigh libh a dhéanfaidís?
Suidhe síos ar an gclaidhe? Nó iad
féin do chaitheamh isteach fá'n leabaidh?
Nó uamhan do ghlacadh agus sgrios leó
tar bóchna anonn? Nó a lámha do
shádh 'n-a bpócaí a gcinn do chrochadh
go fáidheamhail agus a rádh nach bhfuil Dia
buidheach dínn, go bhfuil sé 'nár
gcoinne, gur cinneamhain é, agus nach
bhfuil aon fhagháil ar a sheachaint?
Sinne faoi dhíbh go ndéanfaidís
siúd a mhalairt. Ní bhíonn Dia
buidheach do dhaoinibh a abrann gurab
É is fáth le gach díth dá mbaineann
dóibh; óir is fios dúinn nach dtug sé
riamh a thoil chum olc do dhéanamh.
Nach náir an sgéal againn mar sin é
bheith 'ghá chur 'na leith againn? Agus
tá an tsean-bhraon ionainn 'na dhiaidh
so go léir! Dá mbeadh, bheadh a
mhalairt de cheól le cloisint ar
mhachairí mhíne, agus ar cnocaibh árda na
hÉireann seachas búireadh na mbó,
siotraighil an gcapall, crónán na
gcat agus amhastrach na gcon; seadh agus
caointeachán agus ólagóntacht a bhfuil
de shliocht Gaedheal 'n-a ndúchchas!
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11