Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Ceanntracha Gaedhilge
Title
Na Ceanntracha Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Lughnasa, 25, 1906 Léigheann nó Léan Ba bhreagh bhríoghmhar an óráid a dhein ár gcara agus ár gcomh-Ghaedheal, Pádraig Mac Suibhne, istoidhche Dia Luain, an séamhadh lá, san Rotunda. Níor mhisde dhó sgaoileadh le n-a theangain, mar ní baoghal go mbain- fidh tuisle as. Is fada sinne ag spalpadh na sgoileanna tosaigh agus an dream atá ghá seoladh. Is fada sinn ad' iarraidh muinntir na hÉireann do dhúiseacht as an taom a ghabh iad; is fada sinn ad' iarraidh misneach a chur 'na gcroidhthe, ciall 'na gcinn, smior 'na gcnámhaibh agus fuil 'na bhféithíbh. Is fada sin ghá rádh de ghuth chomh láidir is bhí ionainn gur móide a rath acht a bheith mar ba dhual agus mar ba dúthchas dóibh, mar a bhí a sinnsear agus a seacht sinnsir rómpa, mar bhí an sliocht siar go ceann a gcinidh. Agus meabhruighidh gur nuair a bhí an Gaedheal Gaedhealach a bhí sé faoi réim; cuimhnighidh gur nuair a bhí sé mar ba dhúthchas do a bhí cáil is clú air, reachtmas is rath; agus cuimhnighidh gur nuair a thug sé a dhrom le n-a oighreacht uasal, gur annsan d'imthigh a cháil léighinn agus daondachta agus céille, go dtáinig breall ar a inchinn, púicín ar a shúilibh agus canncar 'na chroidhe. Nach náir an scéal go bhféadfaidhe a chasadh linn anois ag fearaibh an domhain mhóir gurab amhlaidh atáimid gan tásg gan tuairisg, gan luadh ná iomrádh; gan cháil gan chlú, gan toirt gan téagar, agus gur sinne, nó ár sliocht, mar ba cheart dúinn a rádh, a chuaidh ar dtús as an oileán aoibhinn so a bhí ag brúchtadh le léighinn anall tar bóchna d'fhonn a raibh againn d'eólas ar gach nídh do chraobhsgaoil- eadh do gach cineadh a bhí i n-ainbhfios ar thalamh an domhain. Cé rug buadh gaisge agus léighinn, daondachta agus féile, i n-aimsir i n-allóid? Cé chuaidh chum an creidimh do sgaipeadh ar dtúis? Cé an dream a rug buadh ealadhan agus tlachtaireachta agus réaltóireachta? Cia an t-oileán dá ngairmtí de ghnáth “Inis na nOllsgoil,” “Oileán na naomh agus na n-ollamh”? Ár bhfreagra gurbh'í ÉIRE. Agus dá suidhfimís síos go ceann uaire chluig chum marann do dhéanamh ar Shean-Éirinn uill níl amhras ná gurbh' fhearrde sinn é. Óir is tairbheach an rud machtnamh ar thréithibh an tsinnsir a chuaidh romhainn, mar ní fuláir nó gur móide ár sprioc agus ár misneach, agus dar Donn go dteastóchadh an dá nídh sin uainn go géar i gcomhair an chatha déin atá romhainn. Dá mhéad d'eolas is chuirfimíd ar ár sean is ár sinn- sear 'sé ár leas é. Faghaimís greim ar na sgoileanna tosaigh; beirimís i dtráth ar na leanbhaíbh óga ar eagla go mbéarfadh an canncar nimhneach Ghallda ar a nádúir. Tugaimís fogha agus fogha eile faoi an mBórd mar mhagadh so againn, agus sguaibimís de dhruim talmhan é muna sheinnfidh sé a mhalairt de phort is tá aige anois gá sheinm. Is iomdha inntleacht bhreagh a thug an bórd so marbh, gan bhrígh gan bhíodhgadh. Acht cuirimís cosg leis feasda. Tá sé ar chumas ag muinntir na hÉireann an chóip seo na tiub- aiste do chur gan treóir. Má lean- ann an bórd so de'n fhuadar atá faoi, chítear dúinn go gcuirfidh deire le sliocht Gaedheal go bráth na breithe. Léastar iad gan spás gan truagh gan taise. Tuillid a bhfuighfid.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services