Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Ceanntracha Gaedhilge

Title
Na Ceanntracha Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth Cliath, Lughnasa, 25, 1906



Léigheann nó Léan



Ba bhreagh bhríoghmhar an óráid a
dhein ár gcara agus ár gcomh-Ghaedheal,
Pádraig Mac Suibhne, istoidhche Dia
Luain, an séamhadh lá, san Rotunda.
Níor mhisde dhó sgaoileadh le n-a
theangain, mar ní baoghal go mbain-
fidh tuisle as.



Is fada sinne ag spalpadh na
sgoileanna tosaigh agus an dream atá
ghá seoladh. Is fada sinn ad' iarraidh
muinntir na hÉireann do dhúiseacht as
an taom a ghabh iad; is fada sinn ad'
iarraidh misneach a chur 'na gcroidhthe,
ciall 'na gcinn, smior 'na gcnámhaibh agus
fuil 'na bhféithíbh. Is fada sin ghá rádh
de ghuth chomh láidir is bhí ionainn gur
móide a rath acht a bheith mar ba dhual
agus mar ba dúthchas dóibh, mar a bhí a
sinnsear agus a seacht sinnsir rómpa,
mar bhí an sliocht siar go ceann a
gcinidh. Agus meabhruighidh gur nuair
a bhí an Gaedheal Gaedhealach a bhí sé
faoi réim; cuimhnighidh gur nuair a bhí
sé mar ba dhúthchas do a bhí cáil is clú
air, reachtmas is rath; agus cuimhnighidh
gur nuair a thug sé a dhrom le n-a
oighreacht uasal, gur annsan d'imthigh
a cháil léighinn agus daondachta agus céille,
go dtáinig breall ar a inchinn, púicín
ar a shúilibh agus canncar 'na chroidhe.



Nach náir an scéal go bhféadfaidhe
a chasadh linn anois ag fearaibh an
domhain mhóir gurab amhlaidh atáimid
gan tásg gan tuairisg, gan luadh ná
iomrádh; gan cháil gan chlú, gan toirt
gan téagar, agus gur sinne, nó ár
sliocht, mar ba cheart dúinn a rádh, a
chuaidh ar dtús as an oileán aoibhinn
so a bhí ag brúchtadh le léighinn anall
tar bóchna d'fhonn a raibh againn
d'eólas ar gach nídh do chraobhsgaoil-
eadh do gach cineadh a bhí i n-ainbhfios
ar thalamh an domhain. Cé rug buadh
gaisge agus léighinn, daondachta agus féile,
i n-aimsir i n-allóid? Cé chuaidh chum
an creidimh do sgaipeadh ar dtúis?



Cé an dream a rug buadh ealadhan agus
tlachtaireachta agus réaltóireachta? Cia
an t-oileán dá ngairmtí de ghnáth
“Inis na nOllsgoil,” “Oileán na
naomh agus na n-ollamh”?



Ár bhfreagra gurbh'í ÉIRE. Agus
dá suidhfimís síos go ceann uaire
chluig chum marann do dhéanamh ar
Shean-Éirinn uill níl amhras ná gurbh'
fhearrde sinn é. Óir is tairbheach an
rud machtnamh ar thréithibh an tsinnsir
a chuaidh romhainn, mar ní fuláir nó
gur móide ár sprioc agus ár misneach, agus
dar Donn go dteastóchadh an dá nídh
sin uainn go géar i gcomhair an chatha
déin atá romhainn. Dá mhéad d'eolas
is chuirfimíd ar ár sean is ár sinn-
sear 'sé ár leas é.



Faghaimís greim ar na sgoileanna
tosaigh; beirimís i dtráth ar na
leanbhaíbh óga ar eagla go mbéarfadh
an canncar nimhneach Ghallda ar a
nádúir. Tugaimís fogha agus fogha eile
faoi an mBórd mar mhagadh so againn,
agus sguaibimís de dhruim talmhan é
muna sheinnfidh sé a mhalairt de phort
is tá aige anois gá sheinm.



Is iomdha inntleacht bhreagh a thug
an bórd so marbh, gan bhrígh gan
bhíodhgadh. Acht cuirimís cosg leis
feasda. Tá sé ar chumas ag muinntir
na hÉireann an chóip seo na tiub-
aiste do chur gan treóir. Má lean-
ann an bórd so de'n fhuadar atá
faoi, chítear dúinn go gcuirfidh deire
le sliocht Gaedheal go bráth na breithe.
Léastar iad gan spás gan truagh gan
taise. Tuillid a bhfuighfid.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services