Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Bás
Title
An Bás
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, An tAthair S. (Bailitheoir
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Bás Badh é Mícheál Ó Tighearnáin ó Chnoc an Choillín d'aithris dhom an dán so. Dubhairt sé liom gur bh'é an Dochtúir Ó Gallchobhair (Easpog Ráth Bhotha, 1725-36) do chum é. Ó'n lá a rinneadh sagart dhe throisg an t-easpog le go bhfeicfeadh sé an bás ocht lá déag seal a bhfuigheadh sé bás. Oidhche amháin bhí sé ag brionnglóididhe agus fac- thas dó go bhfaca sé é — seifideach mór gránda. Chuir sé sónnraidhe mhaith ann agus nuair d'éirigh sé ar maidin sgríobh sé síos gach a bhfaca sé agus d'ollmhuigh é fhéin faoi 'n-a chomhair. Ar mo shuan aréir do bhí mé 'smaointeadh, Brígh mo sgéil-se má fhéadaim a chríochnughadh, Go dtáinig fó mo dhéin-se an créatúir fiadhmhach, Ba ghranda gné 'gus ní hé bhí síoth- amhail, Ba fuaire a shéid 'ná na céide gaoithe. Bhí a leasca gan sgéimh 'gus bhí a éadan míofar, Bhí a iongna géara agus iad righin sgríobhtha, Bhí a ghuailneacha ag éirghe mar bheith crann píce, Bhí béal a chléibh' mar bheith tor fraoigh ann. Do chuir mé fhéin i n-éiric Íosa Paidir 's cré gan é theacht do mo ghaobhar.
Mheas mé i n-a dhéidh sin go mba céim ró-chlaoidhtheamhail Gan fios fhágháil ó'n gcréatúir cé dhár díobh é. “An de thréibh na hÉireann thú, nó ó Éabh do shíolruighis? Nó tabhair dhom scéal, a phéiste, cé dhár díobh thú?” “Gaisgidheach mé do ghnídh éag ar mhílte? Beirim an sean, an t-óg, an mór 's an críon liom, As sin go dtí naoidheanáin na cíche An cailín bheith ag baitsiléiríbh an réidhte Dá bhfanfainn léi seal dá bréagadh Bhéarfainn liom í d'indeoin síl Éabha,” “Ní thuigim go fóil, a phéiste, gur cóir an méid sin Ná go bhfuil leath do threorach gabhail a chomhair an éacht' sin.” “Má léigh tusa tada de'n sgrioptúir naomhtha Is annsin gheobhas tú dearbhtha na sgéala. Gluais go tapaidh agus aithris do'n tsaoghal Gur 'b é an bás casadh dhuit — fear smachtuigh síol Éabh'.” An tAthair S. Ó Donnchadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services