Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Bás

Title
An Bás
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, An tAthair S. (Bailitheoir
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Bás



Badh é Mícheál Ó Tighearnáin ó
Chnoc an Choillín d'aithris dhom an dán
so. Dubhairt sé liom gur bh'é an
Dochtúir Ó Gallchobhair (Easpog Ráth
Bhotha, 1725-36) do chum é. Ó'n lá a
rinneadh sagart dhe throisg an t-easpog
le go bhfeicfeadh sé an bás ocht lá
déag seal a bhfuigheadh sé bás. Oidhche
amháin bhí sé ag brionnglóididhe agus fac-
thas dó go bhfaca sé é — seifideach
mór gránda. Chuir sé sónnraidhe
mhaith ann agus nuair d'éirigh sé ar maidin
sgríobh sé síos gach a bhfaca sé agus
d'ollmhuigh é fhéin faoi 'n-a chomhair.



Ar mo shuan aréir do bhí mé
'smaointeadh,
Brígh mo sgéil-se má fhéadaim a
chríochnughadh,
Go dtáinig fó mo dhéin-se an
créatúir fiadhmhach,
Ba ghranda gné 'gus ní hé bhí síoth-
amhail,
Ba fuaire a shéid 'ná na céide
gaoithe.
Bhí a leasca gan sgéimh 'gus bhí a
éadan míofar,
Bhí a iongna géara agus iad righin
sgríobhtha,
Bhí a ghuailneacha ag éirghe mar bheith
crann píce,
Bhí béal a chléibh' mar bheith tor
fraoigh ann.
Do chuir mé fhéin i n-éiric Íosa
Paidir 's cré gan é theacht do mo
ghaobhar.


L. 05


Mheas mé i n-a dhéidh sin go mba
céim ró-chlaoidhtheamhail
Gan fios fhágháil ó'n gcréatúir cé
dhár díobh é.
“An de thréibh na hÉireann thú, nó ó
Éabh do shíolruighis?
Nó tabhair dhom scéal, a phéiste, cé
dhár díobh thú?”
“Gaisgidheach mé do ghnídh éag ar
mhílte?
Beirim an sean, an t-óg, an mór 's
an críon liom,
As sin go dtí naoidheanáin na cíche
An cailín bheith ag baitsiléiríbh an
réidhte
Dá bhfanfainn léi seal dá bréagadh
Bhéarfainn liom í d'indeoin síl
Éabha,”
“Ní thuigim go fóil, a phéiste, gur
cóir an méid sin
Ná go bhfuil leath do threorach gabhail
a chomhair an éacht' sin.”
“Má léigh tusa tada de'n sgrioptúir
naomhtha
Is annsin gheobhas tú dearbhtha na
sgéala.
Gluais go tapaidh agus aithris do'n
tsaoghal
Gur 'b é an bás casadh dhuit — fear
smachtuigh síol Éabh'.”



An tAthair S. Ó Donnchadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services