Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aisling
Title
Aisling
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Pen Name
Colm Ó Conaire
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aisling Do shiudheas os cionn na fairrge agus mé go dubhach. Dhá chéad troigh síos uaim bhí tonn ag briseadh go fuaim- neach ar an dúirling. An choite i n-a dtángas go dtí an ball uaigneach úd, bhí sí dhá luasgadh ar bhárr na tuinne san áit a raibh sí ceangailte agam. Ní raibh an daonnaidhe 'mo ghoire. Bhí an deireadh lae ann. Bhí an ghrian ag dul faoi san iarthar, acht ní raibh amharc uirthi le fágháil. Bhí ceo glas ar an muir. Bhí an spéir fá smúid. Tháinig torann na tuinne aníos chugam mar éagcaoine an duine do bheadh dhá phianadh ag deamhnaibh. Labhair faoileán san doimhneacht. Ba chos- mhail a ghlór le sgread truaighméileach an anma do bheadh ar fán ó Dhia. Sgaip na néalta go hobann agus shoillsigh an ghrian. Do dhearcas thar an muir amach, agus féach! bhí bóthar fada fairsing — é chomh mín le gloine, é chomh solusmhar, dar liom, le hurlár na bhFlaitheas — ag síneadh romham amach — amach — amach — thar dhromchla na bóchna, ó bhun na haille go dtí an ghrian! D'éirigh an faoileán ar eiteoig agus d'imthigh leis siar an bóthar úd, an ghrian ag deallradh go glórmhar ar a sgiathánaibh. D'fhaireas é ar feadh i bhfad. Siar, siar leis i gcomhnaidhe go ndeachaidh sé, mar facthas dom, isteach i gcroidhe na gréine. “A fhaoileáin áluinn,” arsa mise, “rachaidh mé i mo choite go triallaidh mé an bealach soillseach údan in do dhiaidh.” D'éirigheas 'mo sheasamh, acht ar an móiméad chuaidh an ghrian fá bhun na spéire, d'imthigh solus iongantach an deiridh lae as, agus leath dorchadas ar an dílinn. Colm Ó Conaire.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services