Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aisling

Title
Aisling
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Pen Name
Colm Ó Conaire
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Aisling



Do shiudheas os cionn na fairrge agus
mé go dubhach. Dhá chéad troigh síos
uaim bhí tonn ag briseadh go fuaim-
neach ar an dúirling. An choite i n-a
dtángas go dtí an ball uaigneach úd,
bhí sí dhá luasgadh ar bhárr na tuinne
san áit a raibh sí ceangailte agam.
Ní raibh an daonnaidhe 'mo ghoire.



Bhí an deireadh lae ann. Bhí an
ghrian ag dul faoi san iarthar, acht ní
raibh amharc uirthi le fágháil. Bhí ceo
glas ar an muir. Bhí an spéir fá
smúid.



Tháinig torann na tuinne aníos
chugam mar éagcaoine an duine do
bheadh dhá phianadh ag deamhnaibh. Labhair
faoileán san doimhneacht. Ba chos-
mhail a ghlór le sgread truaighméileach
an anma do bheadh ar fán ó Dhia.



Sgaip na néalta go hobann agus
shoillsigh an ghrian. Do dhearcas thar
an muir amach, agus féach! bhí bóthar
fada fairsing — é chomh mín le gloine,
é chomh solusmhar, dar liom, le hurlár
na bhFlaitheas — ag síneadh romham amach
— amach — amach — thar dhromchla na
bóchna, ó bhun na haille go dtí an
ghrian!



D'éirigh an faoileán ar eiteoig agus
d'imthigh leis siar an bóthar úd, an
ghrian ag deallradh go glórmhar ar a
sgiathánaibh. D'fhaireas é ar feadh i
bhfad. Siar, siar leis i gcomhnaidhe go
ndeachaidh sé, mar facthas dom, isteach
i gcroidhe na gréine.



“A fhaoileáin áluinn,” arsa mise,
“rachaidh mé i mo choite go triallaidh mé
an bealach soillseach údan in do dhiaidh.”



D'éirigheas 'mo sheasamh, acht ar an
móiméad chuaidh an ghrian fá bhun na
spéire, d'imthigh solus iongantach an
deiridh lae as, agus leath dorchadas ar an
dílinn.



Colm Ó Conaire.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services