Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seaghán Pléimeann
Title
Seaghán Pléimeann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Iúl 28, 1906. Seaghán Pléimeann. Ní dócha gur oibrigh éinne níos dícheallaighe ar son na Gaedhilge riamh 'ná mar d'oibrigh Seaghán Pléimeann le n-a ló. Do b'é chonbhuigh “Irisleabhar na Gaedhilge” ar bun ó'n am thuit Complacht na Gaedhilge ar lár go dtí gur ghlac an tAthair Eoghan Ó Gramhna cúram an pháipéir sin air féin; agus is eol do'n tsaoghal gurbh' é an tIrisleabhar sgiath chosanta na Gaedhilge ar feadh na mbliadhan úd — an t-aon sgiath chosanta amháin do bhí aici. Tá beirt inghean leis an bPléim- eannach i ngéar-chall anois. Tá siad as a sláinte, agus dá dheasgaibh sin chaill siad an tslighe mhaireachtála do bhí aca. Tá a ndaoine muinnteardha i nDúthaigh Dhéise ag déanamh iarracht ar rud beag airgid do bhailiughadh dhóibh. 'Sé an tAthair M. Ua Cearbhaill, sagart óg Ráth Ó Chormaic — an áit i n-a raibh Seaghán Pléimeann i n-a mhaighis- tir sgoile tráth — atá i mbun na hoibre. Támuid ag éileamh ar ár léigh- theoiríbh lámh chonganta do thabhairt leis an obair sin. Aon airgead cuirfear go dtí an CLAIDHEAMH, glacfar go buidheach beannachtach é. Tá súil againn nach gcaillfidh Gaedhil ar chlainn an té nár chaill ortha-san.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services