Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seaghán Pléimeann

Title
Seaghán Pléimeann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth Cliath, Iúl 28, 1906.



Seaghán Pléimeann.



Ní dócha gur oibrigh éinne níos
dícheallaighe ar son na Gaedhilge riamh
'ná mar d'oibrigh Seaghán Pléimeann
le n-a ló. Do b'é chonbhuigh “Irisleabhar
na Gaedhilge” ar bun ó'n am thuit
Complacht na Gaedhilge ar lár go
dtí gur ghlac an tAthair Eoghan Ó
Gramhna cúram an pháipéir sin air
féin; agus is eol do'n tsaoghal gurbh' é
an tIrisleabhar sgiath chosanta na
Gaedhilge ar feadh na mbliadhan úd
— an t-aon sgiath chosanta amháin do
bhí aici.



Tá beirt inghean leis an bPléim-
eannach i ngéar-chall anois. Tá siad
as a sláinte, agus dá dheasgaibh sin chaill
siad an tslighe mhaireachtála do bhí aca.
Tá a ndaoine muinnteardha i nDúthaigh
Dhéise ag déanamh iarracht ar rud
beag airgid do bhailiughadh dhóibh. 'Sé
an tAthair M. Ua Cearbhaill, sagart
óg Ráth Ó Chormaic — an áit i n-a
raibh Seaghán Pléimeann i n-a mhaighis-
tir sgoile tráth — atá i mbun na
hoibre. Támuid ag éileamh ar ár léigh-
theoiríbh lámh chonganta do thabhairt leis
an obair sin. Aon airgead cuirfear
go dtí an CLAIDHEAMH, glacfar go
buidheach beannachtach é. Tá súil againn
nach gcaillfidh Gaedhil ar chlainn an té
nár chaill ortha-san.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services