Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Bhaile Mhistéala
Title
Feis Bhaile Mhistéala
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Feis Bhaile Mhistéala. Thíos i mBaile Mhistéala Dó bhí againn lá breagh aerach Do chonncamair ann an séimh-fhir Do b'fhearra gníomhartha is tréithe Ar chlanna-mhaicne Gaedhil Ghluis. Thug Rí na Rann dá naomh-thoil Dúinn an lá geal gréine Do chuir misneach is dian-fhonn scléipe Go hárd i gcroidhe gach éinne Dá raibh i láthair rith an lae ann, 'Slighe is dá gcasfaidhe orainn méir- leach Nó bodach de threibh thar tréan-mhuir I gcaitheamh uaine an tsaothair Go mbrisfimís go héascaidh Gach ball dhá chorp le chéile; Do chuirfimís ruaig is léir-scrios A fearann aoibhinn Éilge Ar gach brocais bhuidhe de'n tréad soin, Is dar Feanachan na féile Níor pheacadh dhúinn an méid sin. Fan go ndéanfadh áireamh dhuit Ar a raibh ann de sna Pádraigíbh: Bhí an Cadhlach ó Phórtláirge ann 'S an Suibhneach fúinte fáiscithe, Gan amhras bhí an Cathanach ann Agus “Feis na Mumhan” mo bhráthair- se. Do chonnac an tAthair Dáithí ann Agus creididh uaim — is ní ráfla é — Gurab é do bhí go gáiritheach. Bhí an Fear Mór i n-áirde ar stáitse aca Agus faobhar air is é ag breacadh páir go tiugh. Do chuala ann guth mo bháille suilt, An Treodhach ó Mhór-Lios Chárthaigh thoir, Is do chuir fé dhó dubh-shlán cumais Fé Ghaedhealaibh teacht dhár láthair-na Is buadhchaint air i dtnáthadh chirt Staigíní sugaidh is táthairí. Ó bhaile na Martra tháinig ann, Scéalaidhthe is amhránaidhthe, Bhí Baile Mhac Códa go láidir ann Is ní beag de sheódh acht ar sholáthruigh siad, Bhí an Paróiste Thuaidh go ceásrach mear Is Críost i bhfeighil mná mánla ann; Bhí Domhnall na Gruaige ar árd- chapall aige 'S gach léim ar fuid na páirce aige Nó ag stróireacht seal le mná' deasa; Bhí fuadar fé Shiobhán so againn 'S í ag phortuigheal ar fuid na mbánta dúinn Bhí Éamonn an Chnuic ar a shástacht ann Agus Franncaigh dhiail á gcáibleadh aige. Dearbhaim díbh ó chroidhe nár theip Ar Ghaedhealaibh groidhe na hÉireann so Obair mhór, scoraidheacht ná feis Do thabhairt chun críche go buacach glic. Go bhfana choidhche an scéal mar sin Go bhfeiceam Éire saor ó bhroid Ár dteanga féin fé réim againn Clanna Gaedheal ag áireamh a stuic Is bodaigh an Bhéarla bhréin gan luid! Má charair-se béasa céille is teanga na ndruadh 'S gur thaithneamh leat séimh-fhir thréana á leathadh go suairc Ná dearmaid glaodhach uair éigin tamall ar cuaird Go Baile Mhistéala an tséin 's an aitis go buan. TÓRNA
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services