Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis Bhaile Mhistéala

Title
Feis Bhaile Mhistéala
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Feis Bhaile Mhistéala.



Thíos i mBaile Mhistéala
Dó bhí againn lá breagh aerach
Do chonncamair ann an séimh-fhir
Do b'fhearra gníomhartha is tréithe
Ar chlanna-mhaicne Gaedhil Ghluis.
Thug Rí na Rann dá naomh-thoil
Dúinn an lá geal gréine
Do chuir misneach is dian-fhonn scléipe
Go hárd i gcroidhe gach éinne
Dá raibh i láthair rith an lae ann,
'Slighe is dá gcasfaidhe orainn méir-
leach
Nó bodach de threibh thar tréan-mhuir
I gcaitheamh uaine an tsaothair
Go mbrisfimís go héascaidh
Gach ball dhá chorp le chéile;
Do chuirfimís ruaig is léir-scrios
A fearann aoibhinn Éilge
Ar gach brocais bhuidhe de'n tréad
soin,
Is dar Feanachan na féile
Níor pheacadh dhúinn an méid sin.



Fan go ndéanfadh áireamh dhuit
Ar a raibh ann de sna Pádraigíbh:
Bhí an Cadhlach ó Phórtláirge ann
'S an Suibhneach fúinte fáiscithe,
Gan amhras bhí an Cathanach ann
Agus “Feis na Mumhan” mo bhráthair-
se.
Do chonnac an tAthair Dáithí ann
Agus creididh uaim — is ní ráfla é —
Gurab é do bhí go gáiritheach.
Bhí an Fear Mór i n-áirde ar stáitse
aca
Agus faobhar air is é ag breacadh
páir go tiugh.
Do chuala ann guth mo bháille suilt,
An Treodhach ó Mhór-Lios Chárthaigh thoir,
Is do chuir fé dhó dubh-shlán cumais
Fé Ghaedhealaibh teacht dhár láthair-na
Is buadhchaint air i dtnáthadh chirt
Staigíní sugaidh is táthairí.
Ó bhaile na Martra tháinig ann,
Scéalaidhthe is amhránaidhthe,
Bhí Baile Mhac Códa go láidir ann
Is ní beag de sheódh acht ar sholáthruigh
siad,
Bhí an Paróiste Thuaidh go ceásrach
mear
Is Críost i bhfeighil mná mánla ann;
Bhí Domhnall na Gruaige ar árd-
chapall aige
'S gach léim ar fuid na páirce aige
Nó ag stróireacht seal le mná'
deasa;
Bhí fuadar fé Shiobhán so againn
'S í ag phortuigheal ar fuid na
mbánta dúinn
Bhí Éamonn an Chnuic ar a shástacht ann
Agus Franncaigh dhiail á gcáibleadh
aige.



Dearbhaim díbh ó chroidhe nár theip
Ar Ghaedhealaibh groidhe na hÉireann so
Obair mhór, scoraidheacht ná feis
Do thabhairt chun críche go buacach glic.
Go bhfana choidhche an scéal mar sin
Go bhfeiceam Éire saor ó bhroid
Ár dteanga féin fé réim againn
Clanna Gaedheal ag áireamh a stuic
Is bodaigh an Bhéarla bhréin gan luid!



Má charair-se béasa céille is teanga
na ndruadh
'S gur thaithneamh leat séimh-fhir thréana
á leathadh go suairc
Ná dearmaid glaodhach uair éigin
tamall ar cuaird
Go Baile Mhistéala an tséin 's an
aitis go buan.



TÓRNA

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services