Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Riaghaltas Suarach
Title
An Riaghaltas Suarach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Iúl 07, 1906. An Riaghaltas Suarach. An té dhéanfadh a mhuinighin as Riaghaltas Shasana, is baoghalach gur lag an baránta do bheadh aige. Mí ó shoin dubhairt an Riaghaltas so le Bord an Oideachais Mheadhonaigh go gcaithfidhe atharrughadh do dhéanamh ar a riaghlachaibh. D'eitigh muinntir an Bhuird go dána. Dubhradar nach mbacfaidís leis na riaghlachaibh. Munar mhaith le Riaghaltas Shasana iad do chur i bhfeidhm mar bhí siad nach mbeadh aon sgrúdughadh ann an bhliadhain seo chugainn. Go gcuirfidhe obair na sgol tré n-a chéile. Go stadfaidhe de'n mhúineadh. Agus gurab ar Riaghaltas Shasana bheadh a mhilleán soin ar fad. Cad do rinne an Riaghaltas? 'Sé dhéanfadh aon Riagh- altas eile a “pháipéir bhóthair” do thabhairt do'n Bhord mí-urramach. An ndearna Riaghaltas Shasana soin? Ní dhearna. Cad do rinne sé? Ghéill sé do'n Bhord! Tharraing sé siar gach a ndubhairt sé. D'iarr sé párdún ar na Coimsinéiríbh neamh-urramacha. Dubhairt sé go raibh dearmad déanta aige, agus go raibh brón mór air faoi, agus nach ndéanfadh a léithéid choidhche arís! Tá an lámh i n-uachtar fágtha ag Bord an Oideachais Mheadhonaigh ar Riaghaltas Shasana. Agus tá an Ghaedhilg ar lár, dá satailt fá chosaibh na beirte. Cad déanfaidh Gaedhil?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services