Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Riaghaltas Suarach

Title
An Riaghaltas Suarach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth Cliath, Iúl 07, 1906.



An Riaghaltas Suarach.



An té dhéanfadh a mhuinighin as
Riaghaltas Shasana, is baoghalach gur
lag an baránta do bheadh aige. Mí
ó shoin dubhairt an Riaghaltas so le
Bord an Oideachais Mheadhonaigh go
gcaithfidhe atharrughadh do dhéanamh ar
a riaghlachaibh. D'eitigh muinntir an
Bhuird go dána. Dubhradar nach
mbacfaidís leis na riaghlachaibh.
Munar mhaith le Riaghaltas Shasana
iad do chur i bhfeidhm mar bhí siad
nach mbeadh aon sgrúdughadh ann an
bhliadhain seo chugainn. Go gcuirfidhe
obair na sgol tré n-a chéile. Go
stadfaidhe de'n mhúineadh. Agus
gurab ar Riaghaltas Shasana bheadh
a mhilleán soin ar fad. Cad do rinne an
Riaghaltas? 'Sé dhéanfadh aon Riagh-
altas eile a “pháipéir bhóthair” do
thabhairt do'n Bhord mí-urramach. An
ndearna Riaghaltas Shasana soin?
Ní dhearna. Cad do rinne sé? Ghéill
sé do'n Bhord! Tharraing sé siar gach
a ndubhairt sé. D'iarr sé párdún ar
na Coimsinéiríbh neamh-urramacha.
Dubhairt sé go raibh dearmad déanta
aige, agus go raibh brón mór air faoi, agus
nach ndéanfadh a léithéid choidhche
arís!



Tá an lámh i n-uachtar fágtha
ag Bord an Oideachais Mheadhonaigh ar
Riaghaltas Shasana. Agus tá an
Ghaedhilg ar lár, dá satailt fá chosaibh
na beirte.



Cad déanfaidh Gaedhil?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services