Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eoghainín na nÉan IV
Title
Eoghainín na nÉan IV
Author(s)
Colm Ó Conaire,
Pen Name
Colm Ó Conaire
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eoghainín na nÉan. IV. D'imthigh an Lughnasa agus an Meadhon Foghmhair. Bhí an Deireadh Foghmhair leath-chaithte. Do réir mar bhí na laetheannta ag dul i ngiorracht bhí Eoghainín ag éirghe ní ba bhrónaighe. B'annamh labhruigheadh sé le n-a mháthair anois, acht gach oidhche roimh dhul a chodladh dhó phógadh sé go dil agus go díochrach í agus deireadh sé: — “Glaoidh orm go moch ar maidin, a mháithrín. Is beag an spás atá agam anois. Beidh siad ag imtheacht gan mórán moille.” Ghealuigh lá áluinn i lár na míosa. Go luath ar maidin thug Eoghainín fá deara go raibh na fáinleoga ag cruinniughadh le chéile ar bhárr an tighe. Níor chorruigh sé ó n-a shuidh- eachán ar feadh an lae sin. Ag teacht isteach dó san tráthnóna, ar seisean le n-a mháthair: — “Béidh siad ag imtheacht i mbárach.” “Cá bhfios duit, a ghrádh ghil?” “Dubhairt siad liom indiu é.... A mháithrín,” ar seisean arís, tar éis sgaithte dhó i n-a thost. “Cér'd é fhéin, a leainbhín?” “Ní fhéadfaidh mé fanacht annso nuair bhéas siad imthighthe. Caithfidh mé imtheacht i n-a bhfochair.... go dtí an tír i n-a mbíonn sé i n-a shamhradh i gcomhnaidhe. Ní bheitheá uaigneach dá n-imtheochainn?” “Ó! a stórach, a mhíle stórach, ná labhair mar sin liom!” ars' an mháthair ag breith air agus 'ghá fhásgadh le n-a croidhe. “Níl tú le éalódh uaim! ar ndó', ní bhfágfá do mháithrín le imtheacht i ndiaidh na bhfáinleog?” Ní dubhairt Eoghainín focal acht í phógadh arís is arís. Ghealuigh lá eile. Bhí an buachaillín beag i n-a shuidhe go moch. Ó thús lae bhí na céadta fáinleog bailighthe le chéile ar mhullach an tighe. Ó am go ham d'imthigheadh ceann nó péire aca agus d'fhilleadh arís, mar badh ag breath- nughadh ar an aimsir do bhídis. Fá dheireadh d'imthigh péire is níor fhill siad. D'imthigh péire eile. D'imthigh
an tríomhadh péire. Bhí siad ag im- theacht i ndiaidh a chéile annsin go dtí nár fhan acht aon sgata beag amháin ar stuaic an tighe. Bhí an péire a tháinig ar dtús an tráthnóna earraigh úd sé mhí roimhe sin ar an sgata beag so. Is cosmhail go raibh leisge ortha an áit d'fhágáil. Bhí Eoghainín 'gá bhfaire ó'n gcar- raig. Bhí a mháthair i n-a seasamh len' ais. D'éirigh an sgata beag éinín san aer agus thug a n-aighthe ar an Domhan Theas. Ag imtheacht dóibh thar bárr na coille d'fhill péire thar ais, — an péire a raibh a nead os cionn na fuinneoige. Anuas leo ó'n spéir ag déanamh ar Eoghainín. Thart leo annsin, iad ag eiteall i n-aice leis an talamh. Chuimil a sgiatháin do ghruaidh an ghasúirín agus iad ag sguabadh leo thairis. Suas leo san aer arís, iad ag labhairt go brónach, agus as go bráth leo i ndiaidh na coda eile. “A mháthair” arsa Eoghainín, “tá siad ag glaodhach orm. ‘Teara uait go dtí an tír i n-a mbíonn an ghrian ag soillsiughadh i gcomhnaidhe, — teara uait, a Eoghainín, thar na fairrgíbh fraochda go dtí tír an tsoluis, — teara uait a Eoghainín na nÉan!’ Ní fhéadaim iad a eiteach, Beannacht agat, a mháithrín, — mo mhíle mhíle beannacht agat, a mháithrín mo chroidhe. Táim ag imteacht uait .... thar na fairrgíbh fraochda .... go dtí an tír i n-a mbíonn sé i n-a shamhradh i gcomhnaidhe.” Leig sé a cheann siar ar ghualainn a mháthar agus chuir sé osnadh as. Cluineadh gol mná ins an áit uaignigh úd — gol máthar ag caoineadh a páiste. Bhí Eoghainín imthighthe i bhfochair na bhfáinleog. Chuaidh an foghmhar agus an geimhreadh thart agus bhí an t-earrach ar fágháil arís. Bhí na coillte fá bhláth, agus na huain ag méidhligh, agus an ghrian ag deallradh ar na bántaibh. Tráthnóna glórmhar san Aibreán tháinig na fáinleoga. Bhí solus iongantach ag bun na spéire san iarthar mar bhí bliadhain roimhe sin. Bhí séis cheoil ag an éanlaith san gcoill. Bhí duan dá chanadh ag na tonntrachaibh ar an tráigh. Acht ní raibh aon gasúirín fionn-bhán i n-a shuidhe ar mhullach na carraige fá sgáth na bhfuinnseog. Istigh ins an teach bhí bean aonraic ag caoi cois teineadh. “A mhaicín mhúirnigh,” ar sise, “feicim na fáinleoga chugam arís, acht ní fheicfidh mé tusa chugam go deo.” Chuala na fáinleoga í agus iad ag dul thar an dorus. Níl a fhios agam an gcuala Eoghainín í, mar bhí sé na mílte míle i gcéin.... ins an tír i n-a mbíonn sé i n-a shamhradh i gcomhnaidhe. (Críoch) Colm Ó Conaire
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services