Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eoghainín na nÉan IV

Title
Eoghainín na nÉan IV
Author(s)
Colm Ó Conaire,
Pen Name
Colm Ó Conaire
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Eoghainín na nÉan.



IV.



D'imthigh an Lughnasa agus an Meadhon
Foghmhair. Bhí an Deireadh Foghmhair
leath-chaithte. Do réir mar bhí na
laetheannta ag dul i ngiorracht bhí
Eoghainín ag éirghe ní ba bhrónaighe.
B'annamh labhruigheadh sé le n-a mháthair
anois, acht gach oidhche roimh dhul a
chodladh dhó phógadh sé go dil agus go
díochrach í agus deireadh sé: —



“Glaoidh orm go moch ar maidin, a
mháithrín. Is beag an spás atá agam
anois. Beidh siad ag imtheacht gan
mórán moille.”



Ghealuigh lá áluinn i lár na míosa.
Go luath ar maidin thug Eoghainín fá
deara go raibh na fáinleoga ag
cruinniughadh le chéile ar bhárr an
tighe. Níor chorruigh sé ó n-a shuidh-
eachán ar feadh an lae sin. Ag teacht
isteach dó san tráthnóna, ar seisean
le n-a mháthair: —



“Béidh siad ag imtheacht i mbárach.”



“Cá bhfios duit, a ghrádh ghil?”



“Dubhairt siad liom indiu é....
A mháithrín,” ar seisean arís, tar éis
sgaithte dhó i n-a thost.



“Cér'd é fhéin, a leainbhín?”



“Ní fhéadfaidh mé fanacht annso
nuair bhéas siad imthighthe. Caithfidh
mé imtheacht i n-a bhfochair.... go
dtí an tír i n-a mbíonn sé i n-a
shamhradh i gcomhnaidhe. Ní bheitheá
uaigneach dá n-imtheochainn?”



“Ó! a stórach, a mhíle stórach, ná
labhair mar sin liom!” ars' an mháthair
ag breith air agus 'ghá fhásgadh le n-a
croidhe. “Níl tú le éalódh uaim! ar
ndó', ní bhfágfá do mháithrín le imtheacht
i ndiaidh na bhfáinleog?”



Ní dubhairt Eoghainín focal acht í
phógadh arís is arís.



Ghealuigh lá eile. Bhí an buachaillín
beag i n-a shuidhe go moch. Ó thús lae
bhí na céadta fáinleog bailighthe le
chéile ar mhullach an tighe. Ó am go
ham d'imthigheadh ceann nó péire aca
agus d'fhilleadh arís, mar badh ag breath-
nughadh ar an aimsir do bhídis. Fá
dheireadh d'imthigh péire is níor fhill
siad. D'imthigh péire eile. D'imthigh


L. 06


an tríomhadh péire. Bhí siad ag im-
theacht i ndiaidh a chéile annsin go dtí
nár fhan acht aon sgata beag amháin ar
stuaic an tighe. Bhí an péire a tháinig
ar dtús an tráthnóna earraigh úd sé
mhí roimhe sin ar an sgata beag so.
Is cosmhail go raibh leisge ortha an
áit d'fhágáil.



Bhí Eoghainín 'gá bhfaire ó'n gcar-
raig. Bhí a mháthair i n-a seasamh len'
ais.



D'éirigh an sgata beag éinín san
aer agus thug a n-aighthe ar an Domhan
Theas. Ag imtheacht dóibh thar bárr na
coille d'fhill péire thar ais, — an péire
a raibh a nead os cionn na fuinneoige.
Anuas leo ó'n spéir ag déanamh ar
Eoghainín. Thart leo annsin, iad ag
eiteall i n-aice leis an talamh.
Chuimil a sgiatháin do ghruaidh an
ghasúirín agus iad ag sguabadh leo thairis.
Suas leo san aer arís, iad ag labhairt
go brónach, agus as go bráth leo i ndiaidh
na coda eile.



“A mháthair” arsa Eoghainín, “tá
siad ag glaodhach orm. ‘Teara
uait go dtí an tír i n-a mbíonn an
ghrian ag soillsiughadh i gcomhnaidhe, —
teara uait, a Eoghainín, thar na
fairrgíbh fraochda go dtí tír an
tsoluis, — teara uait a Eoghainín na
nÉan!’ Ní fhéadaim iad a eiteach,
Beannacht agat, a mháithrín, — mo mhíle
mhíle beannacht agat, a mháithrín mo
chroidhe. Táim ag imteacht uait
.... thar na fairrgíbh fraochda
.... go dtí an tír i n-a mbíonn
sé i n-a shamhradh i gcomhnaidhe.”



Leig sé a cheann siar ar ghualainn
a mháthar agus chuir sé osnadh as.
Cluineadh gol mná ins an áit uaignigh
úd — gol máthar ag caoineadh a
páiste. Bhí Eoghainín imthighthe i
bhfochair na bhfáinleog.



Chuaidh an foghmhar agus an geimhreadh
thart agus bhí an t-earrach ar fágháil arís.
Bhí na coillte fá bhláth, agus na huain ag
méidhligh, agus an ghrian ag deallradh ar
na bántaibh. Tráthnóna glórmhar san
Aibreán tháinig na fáinleoga. Bhí
solus iongantach ag bun na spéire san
iarthar mar bhí bliadhain roimhe
sin. Bhí séis cheoil ag an éanlaith
san gcoill. Bhí duan dá chanadh ag na
tonntrachaibh ar an tráigh. Acht ní
raibh aon gasúirín fionn-bhán i n-a
shuidhe ar mhullach na carraige fá
sgáth na bhfuinnseog. Istigh ins an
teach bhí bean aonraic ag caoi cois
teineadh.



“A mhaicín mhúirnigh,” ar sise,
“feicim na fáinleoga chugam arís, acht
ní fheicfidh mé tusa chugam go deo.”



Chuala na fáinleoga í agus iad ag dul
thar an dorus. Níl a fhios agam an
gcuala Eoghainín í, mar bhí sé na mílte
míle i gcéin.... ins an tír i n-a
mbíonn sé i n-a shamhradh i gcomhnaidhe.



(Críoch)



Colm Ó Conaire

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services