Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Árd-Rí na nGaedheal
Title
Árd-Rí na nGaedheal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Meitheamh 30, 1906. Árd-Rí na nGaedheal. Coigcrigheach do bheadh ag siubhal sráideanna Chorcaighe tráthnóna Dia Sathairn seo ghabh tharainn nó sráid- eanna Bhaile Átha Cliath tráthnóna Dia Domhnaigh, ní fuláir nó bheadh iongnadh air. Chífead sé na céadta agus na mílte duine ag gluaiseacht go mórdhálach i n-a mbuidhnibh cóirighthe ar fuaid na cathrach; chífeadh sé bratacha agus meirgí sgaoilte go huaibhreach le gaoith; chluinfeadh sé na gártha áthais ó chéad míle guth. Níor mhilleán ar a leithéid sin de dhuine dá gceapfadh sé gur Rí éigin do bhí ag teacht a bhaile thar éis bheith i bhfad dó i gcéin ó n-a mhuinntir i dtír choimhighthigh. Agus cia déarfaidh nach mbeadh a lán de'n cheart ag an té cheapfadh mar sin? Mar nach é Árd-Rí Gaedheal na tíre seo do bhí ag teacht chum baile, agus nach bhfuil ómós Ríogh ag dul do'n Chraoibhín i ngach áit fá'n domhan i n-a bhfuil Gaedhil le fágháil? Buidheachas le Dia mór na bhfeart do sheol a bhaile thú fá shláinte agus fá shaoghal! Agus do chéad míle fáilte, a Árd-Rí Ghaedheal!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services