Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Árd-Rí na nGaedheal

Title
Árd-Rí na nGaedheal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth Cliath, Meitheamh 30, 1906.



Árd-Rí na nGaedheal.



Coigcrigheach do bheadh ag siubhal
sráideanna Chorcaighe tráthnóna Dia
Sathairn seo ghabh tharainn nó sráid-
eanna Bhaile Átha Cliath tráthnóna Dia
Domhnaigh, ní fuláir nó bheadh iongnadh
air. Chífead sé na céadta agus na mílte
duine ag gluaiseacht go mórdhálach i
n-a mbuidhnibh cóirighthe ar fuaid na
cathrach; chífeadh sé bratacha agus meirgí
sgaoilte go huaibhreach le gaoith;
chluinfeadh sé na gártha áthais ó chéad
míle guth. Níor mhilleán ar a leithéid
sin de dhuine dá gceapfadh sé gur Rí
éigin do bhí ag teacht a bhaile thar éis
bheith i bhfad dó i gcéin ó n-a mhuinntir
i dtír choimhighthigh. Agus cia déarfaidh
nach mbeadh a lán de'n cheart ag an
té cheapfadh mar sin? Mar nach é
Árd-Rí Gaedheal na tíre seo do bhí ag
teacht chum baile, agus nach bhfuil ómós
Ríogh ag dul do'n Chraoibhín i ngach áit
fá'n domhan i n-a bhfuil Gaedhil le
fágháil?



Buidheachas le Dia mór na bhfeart
do sheol a bhaile thú fá shláinte agus fá
shaoghal! Agus do chéad míle fáilte,
a Árd-Rí Ghaedheal!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services