Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tá an Craoibhín 'teacht thar sáile!
Title
Tá an Craoibhín 'teacht thar sáile!
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Meitheamh 23, 1906. “Tá an Craoibhín 'teacht thar sáile!” “Tá an Craoibhín 'teacht thar sáile, Ars' an tSean-Bhean Bhocht; “Tá an Craoibhín 'teacht thar sáile, Ars' an tSean-Bhean Bhocht; Tá an Craoibhín 'teacht thar sáile, Beidh sé annso le fáinne an lae, 'S béidh ár námhaid go cráidhte tréith, Ars' an tSean-Bhean Bhocht!“ Sin é an port atá dhá chasadh ag Gaedhealaibh na laetheannta so, agus cé nach mór le rádh é mar fhilidheacht, cia déarfaidh nach croidheamhail misneamh- ail an port é? Buailfidh sé tír ag an gCóbh i ndeireadh na seachtmhaine seo; caith- fidh sé lá nó dhó i gcathair Chorcaighe, mar a bhfearfar fíor-chaoin fáilte roimhe; agus béidh sé chugainn-ne i mBaile Átha Cliath fá thráthnóna an Domhnaigh. Muna ndúisighthear an mac- alla le gárthaibh Gaedheal nuair thioc- fas sé, ní lá fós é! 'Sé do bheatha a bhaile chugainn, a Chraoibhín Aoibhinn! Is tráthamhail a tha- gann tú, mar tá cath agus coimheasgar romhainn amach, agus is móide ár neart agus ár misneach thú bheith i n-ár measg.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services