Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tá an Craoibhín 'teacht thar sáile!

Title
Tá an Craoibhín 'teacht thar sáile!
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth Cliath, Meitheamh 23, 1906.



“Tá an Craoibhín 'teacht
thar sáile!”



“Tá an Craoibhín 'teacht thar sáile,
Ars' an tSean-Bhean Bhocht;
“Tá an Craoibhín 'teacht thar sáile,
Ars' an tSean-Bhean Bhocht;
Tá an Craoibhín 'teacht thar sáile,
Beidh sé annso le fáinne an lae,
'S béidh ár námhaid go cráidhte tréith,
Ars' an tSean-Bhean Bhocht!“



Sin é an port atá dhá chasadh ag
Gaedhealaibh na laetheannta so, agus cé
nach mór le rádh é mar fhilidheacht, cia
déarfaidh nach croidheamhail misneamh-
ail an port é?



Buailfidh sé tír ag an gCóbh i
ndeireadh na seachtmhaine seo; caith-
fidh sé lá nó dhó i gcathair Chorcaighe,
mar a bhfearfar fíor-chaoin fáilte
roimhe; agus béidh sé chugainn-ne i
mBaile Átha Cliath fá thráthnóna an
Domhnaigh. Muna ndúisighthear an mac-
alla le gárthaibh Gaedheal nuair thioc-
fas sé, ní lá fós é!



'Sé do bheatha a bhaile chugainn, a
Chraoibhín Aoibhinn! Is tráthamhail a tha-
gann tú, mar tá cath agus coimheasgar
romhainn amach, agus is móide ár neart agus
ár misneach thú bheith i n-ár measg.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services