Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teacht an Chraoibhín
Title
Teacht an Chraoibhín
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Meitheamh 16, 1906. Teacht an Chraoibhín. Nuair shroicheas an uimhir seo de'n CHLAIDHEAMH an pobal béidh an Craoibhín ag treabhadh na dtonn ag tar- raing go tréan ar Éirinn. Is gearr go seasfaidh sé arís “i gceart-lár a mhuinntire.” Ní bréag a rádh go mbéidh na mílte agus na múrtha fáilte roimhe. Tá sé tuilleadh agus leath- bhliadhain ó bhíomar ag cur ár mbeann- acht leis siar “thar dromchladh na díleann.” Ní dheachaidh thar lear ó Éirinn riamh teachtaire a raibh níos mó ag seasamh air ná a raibh níos mó muinghine ag Gaedhealaibh as. Agus ní tháinig a bhaile riamh teachtaire a shaothruigh ar son Éireann thar lear mar tá saothruighthe aige-sean ó d'fhág sé san bhfóghmhar sinn. Ní hé amháin gur bhailigh sé deich míle punnt i gcomhair ciste na teangan, cé gur mór an gníomh é sin, acht tharraing sé súile an domhain ar Chonnradh na Gaedhilge agus ar a obair, agus is mó fá dhó an gníomh é sin. Ní hiongnadh gur binn le Gaedhealaibh sgéala a theachta: “Measaim gur subhach do'n Mhumhain an ceol, 'S dá maireann go dubhach de chrú na ndtreon, Torann na dtonn le sleasaibh na long, Ag tarraingt le sleasaibh 'n-ár gceann fé sheol!” Má oireann an giota soin ó Phiaras Mac Gearailt do'n ócáid ní lugha oireann an giota eile seo: — “Fáilte a phréimh de bhláth na gcraobh, i dtráth go hÉirinn aoibhinn; Fáilte, a scéimh atá gan bhéim, mar ghnáth-ghnaoi déithe chítear; Fáilte, a chléirigh dáimhe is éigse, — fuair ó bhéithibh fíor-ghean; Fáilte is céad, le páirt uaim féin, ....” — duit-se a Chraoibhín Aoibhinn!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services