Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teacht an Chraoibhín

Title
Teacht an Chraoibhín
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth Cliath, Meitheamh 16, 1906.



Teacht an Chraoibhín.



Nuair shroicheas an uimhir seo de'n
CHLAIDHEAMH an pobal béidh an
Craoibhín ag treabhadh na dtonn ag tar-
raing go tréan ar Éirinn. Is gearr go
seasfaidh sé arís “i gceart-lár a
mhuinntire.” Ní bréag a rádh go
mbéidh na mílte agus na múrtha fáilte
roimhe. Tá sé tuilleadh agus leath-
bhliadhain ó bhíomar ag cur ár mbeann-
acht leis siar “thar dromchladh na
díleann.” Ní dheachaidh thar lear ó
Éirinn riamh teachtaire a raibh níos mó
ag seasamh air ná a raibh níos mó
muinghine ag Gaedhealaibh as. Agus
ní tháinig a bhaile riamh teachtaire a
shaothruigh ar son Éireann thar lear
mar tá saothruighthe aige-sean ó d'fhág
sé san bhfóghmhar sinn. Ní hé amháin
gur bhailigh sé deich míle punnt i
gcomhair ciste na teangan, cé gur
mór an gníomh é sin, acht tharraing
sé súile an domhain ar Chonnradh na
Gaedhilge agus ar a obair, agus is mó fá dhó
an gníomh é sin. Ní hiongnadh gur
binn le Gaedhealaibh sgéala a theachta:



“Measaim gur subhach do'n Mhumhain
an ceol,
'S dá maireann go dubhach de
chrú na ndtreon,
Torann na dtonn le sleasaibh na
long,
Ag tarraingt le sleasaibh 'n-ár
gceann fé sheol!”



Má oireann an giota soin ó Phiaras
Mac Gearailt do'n ócáid ní lugha
oireann an giota eile seo: —



“Fáilte a phréimh de bhláth na gcraobh,
i dtráth go hÉirinn aoibhinn;
Fáilte, a scéimh atá gan bhéim, mar
ghnáth-ghnaoi déithe chítear;
Fáilte, a chléirigh dáimhe is éigse, —
fuair ó bhéithibh fíor-ghean;
Fáilte is céad, le páirt uaim
féin, ....” —
duit-se a Chraoibhín Aoibhinn!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services