Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Seisear Fear as Conndae Mhuinneacháín ba mhó i Stair na hÉireann IV
Title
An Seisear Fear as Conndae Mhuinneacháín ba mhó i Stair na hÉireann IV
Author(s)
Ní Thuathaláin, Bríghid,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Seisear Fear as Conn- dae Mhuinneacháin ba mhó i Stair na hÉireann. IV. Ag críochnughadh mo sheisir fear téidhim thar ainmneachaibh móráin d'fhearaibh móra. I n-a measg tá ainm Phádraig Mac Giolla Mhuire as Cluain Eois, fear léighinn i Muigh Nuadhat, an t-ollamh diadha a b'fheárr a bhí i nÉirinn le dhá chéad bliadhain. An fear a bhfuil mé ag tabhairt na seiseadh háite dó, tá dithbhir mhór idir é féin agus an cúigear eile. B'fhir mhóra iad uilig i n-a n-am agus fir fhéidhmeamhla. Tá siad uilig ar shlighe na fírinne. Ins an seiseadh áit, tá mé ag cur fir nár chualaidh cuid de mhuinntir Mhuineacháin iomrádh 'n-a thaobh ariamh — mo náire iad! — fear nach bhfuil marbh, buidheachas le Dia, acht beo bíodhgamhail. Má bheireann aithbheodhacht na Teangadh Gaedhealaighe náisiún Gaedh- ealach 'un tosaigh, agus má's bás náisiún Ghaedhealaigh milleadh agus bás na teangadh, má chaitheann an náisiún a bheith níos láidre, níos buaine agus níos breaghtha i ndiaidh aithbheodhachta na teangadh 'ná mar a bhí sí am ar bith eile; dá mbeadh an bás sin, dá dtigeadh sé, 'n-a mhí-rath comh mór 's tháinic ar náisiún ariamh — annsin is fiú an ainm deireannach so agam, ainm Énrí Uí Mhuirgheasa, a chur i measg na n-ainmneacha uasal a chuaidh roimhe. Ins an obair bhreagh seo tá Connradh na Gaedhilge a dhéanamh leis an náisiún do chur 'un cinn ar ais, thuit Ulaidh ar deireadh go mór le taobh mar a bhíodh sí. Dálta sluaighte Chonchubhair i ngeimh- readh na Tána, tá sí beagnach 'n-a codladh go seadh, gidh go bhfuil roinnt d'oibridhthibh maithe i nUltaibh le náisiún do choinneált beo. Thug Ulaidh d'Éirinn an rígh-intinn a chuir bun ar Chonnradh na Gaedhilge, agus a threoruigh í thríd mhórán baoghail agus contabhairte. Gidh go dtearn mórán fear agus ban
d'Ultaibh obair mhór do'n chúis, ní shílim go bhfuil mé ag déanamh éagcóra ar dhuine ar bith aca nuair a chuirim ainm Énrí Uí Mhuirgheasa i n-aice ainme Eoin Mhic Néill mar an fhear i nUltaibh a rinne an obair a b'fhearr, agus an obair ba mhó toradh. Rinneadh an obair seo comh socair agus comh suaimhneach nár mhothuigh an sluagh í ag dul ar aghaidh, acht rinneadh í comh maith agus comh críonna go bhfuil a toradh ó'n tSráid-Bhaile go Bun Dobhráin, agus i bhfad ó'n taobh thuaidh go dtí an taobh theas d'Éirinn. Ní dhearn aon fhear beo ariamh oiread oibre is rinne Énrí Ua Muirgheasa chum Uladh a mhúsgladh. Rinne sé obair mhór eile, agus, b'fhéidir obair níos tairbhighe agus níos fearr n'ár cluineadh aon iomrádh air go seadh. Rinne sé níos mó 'ná rinne fear ar bith eile le dhá chéad bliadhain ag cruinniughadh agus ag sábháil na hoibre bréagh a rinne filí Oirghiall ins an seiseadh agus an seachtmhadh aois déag. I ndiaidh tamaill eile má bhíonn ins a' taobh theas d'Ultaibh, i gConndae na Midhe agus i gConndae Chabháin, ceoltóirí comh binn is bhí i nÉirinn ariamh, 'sé obair Énrí Uí Mhuirgheasa do shábháil na hamhráin ó bheith caillte go deoidh. Acht an rud is fearr uilig, tá sé beo go fóill, — i mbláth a óige — agus tá súil againn nach bhfuil ins an obair atá déanta aige acht bláth a éireochas apaidh agus a leathfas amach 'n-a thoradh luachmhar. Anois — for-fhocal. — Ag dearcadh ar cháilíbh an tseisir seo, chímid nach raibh ins an chonndae smuaintightheoirí móra cosamhail le Duns Scotus nó Johannes Erigena, seanchaidthe mar Seathrún Céitinn agus Seaghán O Colgáin agus na Ceithre Mháighistrí, sgoláirí Gaedhealacha ar bith cosamhail le Cormac Mac Cuileannáin, Eoghan Ua Comhraidhe agus Seaghán Ua Donnabháin. 'Sé an rud do thug Muineachán d'Éirinn go flúirseach, oibridhthe. Fir a b'iad d'oibrigh, ní le réim nó clú nó féidhm d'fhágháil daobhtha féin, acht ar son mhuinntire na hÉireann go huile. Fir a b'iad d'oibrigh ní do chonndae nó do chúigeadh acht i gcomhnaidhe d'Éirinn. I seanchus na conndae le dhá mhíle bliadhain ní fheicimid aon fhear amháin as Conndae Mhuineacháin ar chuir na daoine muinighin ann, ag déanamh feall-bheart. Thug Muineachán d'Éirinn taoisigh a bhí críonna i gcomhairle agus dána i gcontabhairt, agus rud ní b'fhearr, bhí siad i gcomhnaidhe fíor. B'fhiú na daoine taoisigh mar seo a bheith aca. In gach uile throid i n-aghaidh riaghla na Sasana bhí fir Mhuineacháin ar na chéad daoinibh a thóg an claidheamh agus ar na daoinibh deireannach' a d'fhág síos é. Ins an gcath déidheannach so ar son beathadh na náisiúin .i. a Teanga Dhúthchais, tá súil againn go dtroidfidh sí an cath mar ba ghnáthach léithi do dhéanamh. Fá cheist bheathadh nó báis na teangadh, is ionann sin agus beatha agus bás an náisiúin Ghaedhealaigh, tá mórán daoine i Muineachán 'n-a gcodladh go trom, tuilleadh aca ag cuimilt na codlata as a súilibh go mall, beagán aca 'n-a ndúiseacht, agus tá cuid aca so féin nach bhfuil ag obair comh maith is badh chóir daobhtha. Mar sin féin, tá oiread daoine ag obair i Muineacháin agus ag obair go maith, go bhfuil súil againn go dtiocfaidh daoine Chonndae Mhuineacháin go léir 'un tosaigh gan mórán moille. Tá ár muinighin againn-ne, cosamh- ail le mórán áiteacha eile, ins na sgoltachaibh. Cuirimíd na páistí ar sgoil agus fághadh siad eolas ar Theanga agus Sheanchus na hÉireann, agus annsoin ní baoghal do dhaoinibh Mhuineacháin a sinnsir do náiriughadh, óir 'sé cuimhne a sinnsear an rud is mó a bhéarfas ar na daoinibh obair uasal do dhéanamh ins an am atá le teacht. Déantar so agus déantar é go tapaidh agus tuillfidh Muineacháin ins an am atá le teacht, mar thuil a sinnsir ins an am do chuaidh thart, an tiodal uasal sin do fuair na “Géanna Fiadháine” — .i. “Semper et ubique fidelis.” Bríghid Ní Thuathaláin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services