An Seisear Fear as Conn-
dae Mhuinneacháin ba mhó i
Stair na hÉireann.
IV.
Ag críochnughadh mo sheisir fear
téidhim thar ainmneachaibh móráin
d'fhearaibh móra. I n-a measg tá
ainm Phádraig Mac Giolla Mhuire as
Cluain Eois, fear léighinn i Muigh
Nuadhat, an t-ollamh diadha a b'fheárr
a bhí i nÉirinn le dhá chéad bliadhain.
An fear a bhfuil mé ag tabhairt na
seiseadh háite dó, tá dithbhir mhór idir
é féin agus an cúigear eile. B'fhir mhóra
iad uilig i n-a n-am agus fir fhéidhmeamhla.
Tá siad uilig ar shlighe na fírinne.
Ins an seiseadh áit, tá mé ag cur
fir nár chualaidh cuid de mhuinntir
Mhuineacháin iomrádh 'n-a thaobh ariamh
— mo náire iad! — fear nach bhfuil
marbh, buidheachas le Dia, acht beo
bíodhgamhail.
Má bheireann aithbheodhacht na
Teangadh Gaedhealaighe náisiún Gaedh-
ealach 'un tosaigh, agus má's bás náisiún
Ghaedhealaigh milleadh agus bás na teangadh,
má chaitheann an náisiún a bheith níos
láidre, níos buaine agus níos breaghtha i
ndiaidh aithbheodhachta na teangadh 'ná
mar a bhí sí am ar bith eile; dá mbeadh
an bás sin, dá dtigeadh sé, 'n-a mhí-rath
comh mór 's tháinic ar náisiún ariamh —
annsin is fiú an ainm deireannach so
agam, ainm Énrí Uí Mhuirgheasa, a chur i
measg na n-ainmneacha uasal a chuaidh
roimhe.
Ins an obair bhreagh seo tá Connradh
na Gaedhilge a dhéanamh leis an náisiún
do chur 'un cinn ar ais, thuit Ulaidh ar
deireadh go mór le taobh mar a bhíodh
sí.
Dálta sluaighte Chonchubhair i ngeimh-
readh na Tána, tá sí beagnach 'n-a
codladh go seadh, gidh go bhfuil roinnt
d'oibridhthibh maithe i nUltaibh le
náisiún do choinneált beo.
Thug Ulaidh d'Éirinn an rígh-intinn a
chuir bun ar Chonnradh na Gaedhilge, agus
a threoruigh í thríd mhórán baoghail agus
contabhairte.
Gidh go dtearn mórán fear agus ban
d'Ultaibh obair mhór do'n chúis, ní shílim
go bhfuil mé ag déanamh éagcóra ar
dhuine ar bith aca nuair a chuirim ainm
Énrí Uí Mhuirgheasa i n-aice ainme
Eoin Mhic Néill mar an fhear i nUltaibh
a rinne an obair a b'fhearr, agus an obair
ba mhó toradh. Rinneadh an obair seo
comh socair agus comh suaimhneach nár
mhothuigh an sluagh í ag dul ar aghaidh,
acht rinneadh í comh maith agus comh críonna
go bhfuil a toradh ó'n tSráid-Bhaile
go Bun Dobhráin, agus i bhfad ó'n taobh
thuaidh go dtí an taobh theas d'Éirinn.
Ní dhearn aon fhear beo ariamh oiread
oibre is rinne Énrí Ua Muirgheasa
chum Uladh a mhúsgladh.
Rinne sé obair mhór eile, agus, b'fhéidir
obair níos tairbhighe agus níos fearr n'ár
cluineadh aon iomrádh air go seadh.
Rinne sé níos mó 'ná rinne fear ar
bith eile le dhá chéad bliadhain ag
cruinniughadh agus ag sábháil na hoibre
bréagh a rinne filí Oirghiall ins an
seiseadh agus an seachtmhadh aois déag.
I ndiaidh tamaill eile má bhíonn ins a'
taobh theas d'Ultaibh, i gConndae na
Midhe agus i gConndae Chabháin, ceoltóirí
comh binn is bhí i nÉirinn ariamh, 'sé
obair Énrí Uí Mhuirgheasa do shábháil
na hamhráin ó bheith caillte go deoidh.
Acht an rud is fearr uilig, tá sé
beo go fóill, — i mbláth a óige — agus tá
súil againn nach bhfuil ins an obair atá
déanta aige acht bláth a éireochas
apaidh agus a leathfas amach 'n-a thoradh
luachmhar.
Anois — for-fhocal. — Ag dearcadh
ar cháilíbh an tseisir seo, chímid nach
raibh ins an chonndae smuaintightheoirí
móra cosamhail le Duns Scotus nó
Johannes Erigena, seanchaidthe mar
Seathrún Céitinn agus Seaghán O Colgáin
agus na Ceithre Mháighistrí, sgoláirí
Gaedhealacha ar bith cosamhail le
Cormac Mac Cuileannáin, Eoghan Ua
Comhraidhe agus Seaghán Ua Donnabháin.
'Sé an rud do thug Muineachán d'Éirinn
go flúirseach, oibridhthe. Fir a b'iad
d'oibrigh, ní le réim nó clú nó féidhm
d'fhágháil daobhtha féin, acht ar son
mhuinntire na hÉireann go huile. Fir
a b'iad d'oibrigh ní do chonndae nó do
chúigeadh acht i gcomhnaidhe d'Éirinn.
I seanchus na conndae le dhá mhíle
bliadhain ní fheicimid aon fhear amháin
as Conndae Mhuineacháin ar chuir na
daoine muinighin ann, ag déanamh
feall-bheart. Thug Muineachán d'Éirinn
taoisigh a bhí críonna i gcomhairle agus
dána i gcontabhairt, agus rud ní b'fhearr,
bhí siad i gcomhnaidhe fíor. B'fhiú na
daoine taoisigh mar seo a bheith aca.
In gach uile throid i n-aghaidh riaghla
na Sasana bhí fir Mhuineacháin ar na
chéad daoinibh a thóg an claidheamh agus ar
na daoinibh deireannach' a d'fhág síos
é. Ins an gcath déidheannach so ar
son beathadh na náisiúin .i. a Teanga
Dhúthchais, tá súil againn go dtroidfidh
sí an cath mar ba ghnáthach léithi do
dhéanamh.
Fá cheist bheathadh nó báis na teangadh,
is ionann sin agus beatha agus bás an náisiúin
Ghaedhealaigh, tá mórán daoine i
Muineachán 'n-a gcodladh go trom,
tuilleadh aca ag cuimilt na codlata
as a súilibh go mall, beagán aca 'n-a
ndúiseacht, agus tá cuid aca so féin
nach bhfuil ag obair comh maith is badh
chóir daobhtha. Mar sin féin, tá
oiread daoine ag obair i Muineacháin
agus ag obair go maith, go bhfuil súil
againn go dtiocfaidh daoine Chonndae
Mhuineacháin go léir 'un tosaigh gan
mórán moille.
Tá ár muinighin againn-ne, cosamh-
ail le mórán áiteacha eile, ins na
sgoltachaibh. Cuirimíd na páistí ar
sgoil agus fághadh siad eolas ar Theanga
agus Sheanchus na hÉireann, agus annsoin ní
baoghal do dhaoinibh Mhuineacháin a
sinnsir do náiriughadh, óir 'sé cuimhne
a sinnsear an rud is mó a bhéarfas
ar na daoinibh obair uasal do dhéanamh
ins an am atá le teacht.
Déantar so agus déantar é go tapaidh
agus tuillfidh Muineacháin ins an am atá
le teacht, mar thuil a sinnsir ins an
am do chuaidh thart, an tiodal uasal
sin do fuair na “Géanna Fiadháine”
— .i. “Semper et ubique fidelis.”
Bríghid Ní Thuathaláin.