Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Don Iuan Del Aguila
Title
Don Iuan Del Aguila
Author(s)
An Madadh Ruadh,
Pen Name
An Madadh Ruadh
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Don Iuan Del Aguila. Táim tar éis aiste a léigheamh ag cur síos ar an dtaoiseach Spáinneach úd Don Iuan Del Aguila.* Aiste do thaithn go liom b'eadh í, agus aiste fós a bh'eadh í a chuir mé ag smaoineamh mar seo:— Ní aontóchainn ar fad le “hUachtar Árd.” Ní chreidim gur thuill Don Iuan an t-árd-mholadh a fuair sé — agus dá bhrígh sin b'fhéidir nár mhisde dhom focal nó dhó eile a chur síos air. Tá súil agam ná ceapfaidh “Uachtar Árd” go bhfuil fonn troda leis orm-sa, mar níl; acht, ní abróchainn féin gur dhein Don Iuan mar badh cheart dó a dhéanamh. Ní hionann mo thuairim-se agus tuairim “Uachtair Áird,” agus badh mhaith liom a fheicsin an bhfuil daoine eile mar mé. B'fhéidir go bhfuil agus b'fhéidir fós ná fuil. Tosnóchaimíd tamall roimh cath Chionn tSáile. Bhí Aodh Ua Néill agus Aodh Ruadh Ua Domhnaill ag síor- throid i n-aghaidh na Sacsan an uair sin. Do bhagair Mountioi am ar chaisleán Uí Néill ag Beinn Buirb do ghabháil acht do chuireadh 'n-a aghaidh chomh cródha soin gur fhill sé thar n-ais go Baile Átha Claith gan nídh ar bith do dhéanamh ná amháin lucht cosanta d'fhágháil i n-aon bhaile annso ná annsúd. 'Sí an chomhairle ar ar chinn Ua Néill agus Ua Domhnaill eatortha féin anois, Ua Domhnaill do dhul i n-aghaidh na ndaingean bhí ar bhruach Locha Feabhail agus Ua Néill do ghluaiseacht fá dhéin an Fhir-Ionaid. Is minic do lean Ua Domhnaill ar buidheanaibh beaga do bhuail leis, agus do mharbh sé mórán aca. Tháinig Ua Néill mar an gcéadna de phreib ar chúig céad déag Gall agus mharbh iad. Acht bhí an lámh uachtair ag an namhaid ar an bhfairrge. Bhíodar ag seoladh fear isteach gach lá gan puinn bac mar ná raibh cabhlach ar bith ag na Gaedhealaibh. Má bhí an sgéal go dona i nUltaibh, bhí sé go mór níos measa ins an Mumhain mar a rabhadar ag troid chomh nimhneach eatortha féin agus bhí aon dream aca i n-aghaidh na namhad Gallda. Bhí Ua Néill 'gá ullmhughadh féin i gcomhair Docra nuair fóguigheadh dó féin agus d'Ua Domhnaill gluaiseacht go Mumhain gan mhoill, mar bhí congnamh ó Rígh na Spáinne tar éis seolta isteach go Cionn tSáile. D'imthigh an bheirt go tapaidh, acht cad a bhí san Mumhain rómpa? Cabhlach beag suarach — trí mhíle agus ceithre céad fear fá stiúrughadh Don Iuan Del Aguile. 'Sé mo thuairim nach bréag a rádh gur chaill Éire an lá an uair sin i dtaobh droch- órduighthe a lucht cabhartha ó'n Spáinn. Bhíodar mall ar dtúis ag cur an chongnaimh a ghealladar anall. San dara háit do sgríobh Ua Néill chúcha ag rádh dá dtiocfaidís i dtír san Mumhain go mbeadh deich míle far ar an gcuid ba lugha dhe riachtanach dóibh, ó bhí an roinnt sin de'n tír deighilte ó n-a chéile. Acht níor ghlacadar a chomhairle. Mar bhárr ar gach donas bhíodar fá stiúrughadh fir lasánta gan mhaith go raibh deabhadh mór air ag dul i ngrásgar agus deabhadh níos mó 'ná soin chum socruighthe 'n-a dhiaidh sin air. Bhí sé ar buile i dtaobh bheith dúnta suas istigh i gCionn tSáile agus sluagh Sacsan ag faire air. D'éirigh fearg air mar gheall ar easaontacht na Mumhan agus dubhairt sé “Ar cuireadh Críost chum báis ar son a leithéidí seo de dhaoinibh?” Acht b'fhuras dó fios d'fhágháil go rabhadar briste brúighte san Mumhain, go rabhadar ar crith roimh an namhaid áidh- bhéalaigh, agus gan dúil i gcomhrac níos sia aca. Seo mar labhrann Ua Súilleabháin, an staraidhe ar chath mhío-ádhmharach Chionn tSáile. “Bhí na Gaill cúluighthe isteach idir na Gaedhil agus na Spáinnigh. Bhí a seasamh ar na saighdiúríbh Éireannacha a bhí 'n-a n-arm, acht chuireadar so teachtaire ag triall ar Ua Domhnaill ag geallamhaint dó go n-iompóchaidís chuige i gcionn trí lá. Thosnuigheadar cheana ag déanamh maith dá ngeall- amhaint, ag imtheacht chuige 'n-a mbeirt, agus 'n-a dtriúr, agus 'n-a deichneabhar. Dá n-iompóchaidís uile bheadh deireadh le buidhin na nGall, mar mharbh fhuacht agus ocras agus galar ocht míle de'n chúig mhíle déag fear a bhí aca ann, agus bhí timcheall le cúig mhíle Gaedhael agus sean-Ghall san bhfuighleach.” Acht ar a shon soin cad do dhein Del Aguila? D'iarr sé ar Ua Néill agus ar Ua Domhnaill teacht agus troid gan mhoill má ba mhaith leo a chabhair féin a bheith aca. B'olc le hUa Néill sin mar chonnaic sé na céadta ag tréig- ean na namhad agus ag teacht chuige féin; agus bhí a fhios aige go raibh na céadta eile aca ag fulang gorta agus ag tuitim le galar. 'N-a theannta soin ní raibh fá n-a stiúrughadh acht timcheall le sé mhíle fear agus d'aithin sé go mb'fhearr dóibh aimsir a ghlacadh. Do chuir an Spáinneach fá na taois- eachaibh go léir acht fá Ua Néill agus Ua Súilleabháin cath d'fhuagairt, agus b'éigean dóibh seo aontughadh leis an gcuid eile san deireadh. Do socruigheadh ar oidhche an 23adh lá de mhí Nodlag san mbliadhain 1601 chum tabhairt fá na Sacsanachaibh. Do ghluais sluagh na nGaedheal 'n-a dtrí rannaibh fá stiúr- ughadh Uí Néill agus Uí Domhnaill agus an Triallaigh. Bhí an oidhche fliuch dorcha agus chuadar ar seachrán. Bhí fealltóir éigin 'n-a measg leis a chuir sgéala go Mountioi go raibh na Gaedhil ar tí é ionnsaidhe. Bhí Mountioi ullamh 'n-a gcomhair dá bhrígh sin, acht ní rabhadar féin ullamh acht sgartha ó n-a chéile nuair a phleannc an namhaid iad. Chailleadar an cath soin. Dá mbeadh sé de'n rath ortha comhairle Uí Néill a ghlacadh agus fanamhaint 'n-a suaimhneas lá nó dhó eile bheadh
malairt sgéil aca, acht ní raibh sin i ndán dóibh. D'imthigh Ua Domhnaill arís fá dhein Ríogh na Spáinne, acht, faraoir! bhuail sé breoidhte go hobann ann, agus fuair bás i gcionn dá lá. Tá amhras mór gur nimh a mharbh é agus gur le feill- ghliocas Cairiú tugadh dó í. Do shocruigh Del Aguila agus Mountioi. Tugadh suas Cionn tSáile agus gealladh Dún Buidhe agus áiteanna eile a thabhairt suas mar an gcéadna do na Sacsan- achaibh agus do leigheadh do Del Aguila féin agus dá gcuid fear seoladh tar n-ais fá dhéin na Spáinne. Nuair chonnaic na Gaedhil an fheill-bheart do bhí déanta ag Del Aguila — mar feall do b'eadh é im' thuairim-se — ghlac fearg mhór iad. D'ath-thóg an taoiseach Ua Súilleabháin a chaisleán féin i nDún Buidhe agus cosanadh go crodha 'n-a dhiaidh sin é ar feadh i bhfad i n-aghaidh ionnsaidhthe na Sasanach thuit san deireadh é. Sin iad mo smaointe i dtaobh Del Aguila. 'Sé mo thuairim go mbeadh Ua Néill agus Ua Domhnaill i bhfad níos fearr dá bhfanfadh a leithéid sa bhaile uatha. An Madadh Ruadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services