Don Iuan Del Aguila.
Táim tar éis aiste a léigheamh ag
cur síos ar an dtaoiseach Spáinneach
úd Don Iuan Del Aguila.* Aiste
do thaithn go liom b'eadh í, agus aiste
fós a bh'eadh í a chuir mé ag smaoineamh
mar seo:— Ní aontóchainn ar fad
le “hUachtar Árd.” Ní chreidim gur
thuill Don Iuan an t-árd-mholadh a
fuair sé — agus dá bhrígh sin b'fhéidir nár
mhisde dhom focal nó dhó eile a chur
síos air. Tá súil agam ná ceapfaidh
“Uachtar Árd” go bhfuil fonn troda
leis orm-sa, mar níl; acht, ní
abróchainn féin gur dhein Don Iuan
mar badh cheart dó a dhéanamh. Ní
hionann mo thuairim-se agus tuairim
“Uachtair Áird,” agus badh mhaith liom a
fheicsin an bhfuil daoine eile mar mé.
B'fhéidir go bhfuil agus b'fhéidir fós ná
fuil.
Tosnóchaimíd tamall roimh cath
Chionn tSáile. Bhí Aodh Ua Néill
agus Aodh Ruadh Ua Domhnaill ag síor-
throid i n-aghaidh na Sacsan an uair sin.
Do bhagair Mountioi am ar chaisleán
Uí Néill ag Beinn Buirb do ghabháil
acht do chuireadh 'n-a aghaidh chomh cródha
soin gur fhill sé thar n-ais go Baile
Átha Claith gan nídh ar bith do dhéanamh
ná amháin lucht cosanta d'fhágháil i
n-aon bhaile annso ná annsúd.
'Sí an chomhairle ar ar chinn Ua
Néill agus Ua Domhnaill eatortha féin
anois, Ua Domhnaill do dhul i n-aghaidh
na ndaingean bhí ar bhruach Locha
Feabhail agus Ua Néill do ghluaiseacht fá
dhéin an Fhir-Ionaid.
Is minic do lean Ua Domhnaill ar
buidheanaibh beaga do bhuail leis, agus do
mharbh sé mórán aca. Tháinig Ua
Néill mar an gcéadna de phreib ar
chúig céad déag Gall agus mharbh iad.
Acht bhí an lámh uachtair ag an namhaid
ar an bhfairrge. Bhíodar ag seoladh
fear isteach gach lá gan puinn bac
mar ná raibh cabhlach ar bith ag na
Gaedhealaibh. Má bhí an sgéal go
dona i nUltaibh, bhí sé go mór níos
measa ins an Mumhain mar a rabhadar
ag troid chomh nimhneach eatortha féin
agus bhí aon dream aca i n-aghaidh na
namhad Gallda. Bhí Ua Néill 'gá
ullmhughadh féin i gcomhair Docra
nuair fóguigheadh dó féin agus d'Ua
Domhnaill gluaiseacht go Mumhain
gan mhoill, mar bhí congnamh ó Rígh na
Spáinne tar éis seolta isteach
go Cionn tSáile. D'imthigh an bheirt
go tapaidh, acht cad a bhí san Mumhain
rómpa? Cabhlach beag suarach — trí
mhíle agus ceithre céad fear fá stiúrughadh
Don Iuan Del Aguile. 'Sé mo
thuairim nach bréag a rádh gur chaill
Éire an lá an uair sin i dtaobh droch-
órduighthe a lucht cabhartha ó'n Spáinn.
Bhíodar mall ar dtúis ag cur an
chongnaimh a ghealladar anall. San
dara háit do sgríobh Ua Néill chúcha
ag rádh dá dtiocfaidís i dtír san
Mumhain go mbeadh deich míle far ar
an gcuid ba lugha dhe riachtanach dóibh,
ó bhí an roinnt sin de'n tír deighilte ó
n-a chéile. Acht níor ghlacadar a
chomhairle. Mar bhárr ar gach donas
bhíodar fá stiúrughadh fir lasánta gan
mhaith go raibh deabhadh mór air ag dul
i ngrásgar agus deabhadh níos mó 'ná soin
chum socruighthe 'n-a dhiaidh sin air.
Bhí sé ar buile i dtaobh bheith dúnta
suas istigh i gCionn tSáile agus sluagh
Sacsan ag faire air. D'éirigh fearg
air mar gheall ar easaontacht na
Mumhan agus dubhairt sé “Ar cuireadh
Críost chum báis ar son a leithéidí
seo de dhaoinibh?” Acht b'fhuras
dó fios d'fhágháil go rabhadar
briste brúighte san Mumhain, go
rabhadar ar crith roimh an namhaid áidh-
bhéalaigh, agus gan dúil i gcomhrac níos
sia aca. Seo mar labhrann Ua
Súilleabháin, an staraidhe ar chath
mhío-ádhmharach Chionn tSáile.
“Bhí na Gaill cúluighthe isteach idir
na Gaedhil agus na Spáinnigh. Bhí a
seasamh ar na saighdiúríbh Éireannacha
a bhí 'n-a n-arm, acht chuireadar so
teachtaire ag triall ar Ua Domhnaill
ag geallamhaint dó go n-iompóchaidís
chuige i gcionn trí lá. Thosnuigheadar
cheana ag déanamh maith dá ngeall-
amhaint, ag imtheacht chuige 'n-a mbeirt,
agus 'n-a dtriúr, agus 'n-a deichneabhar.
Dá n-iompóchaidís uile bheadh deireadh
le buidhin na nGall, mar mharbh fhuacht
agus ocras agus galar ocht míle de'n chúig
mhíle déag fear a bhí aca ann, agus bhí
timcheall le cúig mhíle Gaedhael agus
sean-Ghall san bhfuighleach.”
Acht ar a shon soin cad do dhein
Del Aguila? D'iarr sé ar Ua Néill
agus ar Ua Domhnaill teacht agus troid gan
mhoill má ba mhaith leo a chabhair féin a
bheith aca. B'olc le hUa Néill sin
mar chonnaic sé na céadta ag tréig-
ean na namhad agus ag teacht chuige féin;
agus bhí a fhios aige go raibh na céadta
eile aca ag fulang gorta agus ag tuitim
le galar. 'N-a theannta soin ní raibh
fá n-a stiúrughadh acht timcheall le sé
mhíle fear agus d'aithin sé go mb'fhearr
dóibh aimsir a ghlacadh.
Do chuir an Spáinneach fá na taois-
eachaibh go léir acht fá Ua Néill agus Ua
Súilleabháin cath d'fhuagairt, agus b'éigean
dóibh seo aontughadh leis an gcuid eile
san deireadh. Do socruigheadh ar oidhche
an 23adh lá de mhí Nodlag san
mbliadhain 1601 chum tabhairt fá na
Sacsanachaibh. Do ghluais sluagh na
nGaedheal 'n-a dtrí rannaibh fá stiúr-
ughadh Uí Néill agus Uí Domhnaill agus an
Triallaigh. Bhí an oidhche fliuch dorcha
agus chuadar ar seachrán. Bhí fealltóir
éigin 'n-a measg leis a chuir sgéala
go Mountioi go raibh na Gaedhil ar tí
é ionnsaidhe. Bhí Mountioi ullamh 'n-a
gcomhair dá bhrígh sin, acht ní rabhadar
féin ullamh acht sgartha ó n-a chéile
nuair a phleannc an namhaid iad.
Chailleadar an cath soin. Dá
mbeadh sé de'n rath ortha comhairle Uí
Néill a ghlacadh agus fanamhaint 'n-a
suaimhneas lá nó dhó eile bheadh
malairt sgéil aca, acht ní raibh sin
i ndán dóibh.
D'imthigh Ua Domhnaill arís fá dhein
Ríogh na Spáinne, acht, faraoir! bhuail
sé breoidhte go hobann ann, agus fuair
bás i gcionn dá lá. Tá amhras mór
gur nimh a mharbh é agus gur le feill-
ghliocas Cairiú tugadh dó í.
Do shocruigh Del Aguila agus Mountioi.
Tugadh suas Cionn tSáile agus gealladh
Dún Buidhe agus áiteanna eile a thabhairt
suas mar an gcéadna do na Sacsan-
achaibh agus do leigheadh do Del Aguila
féin agus dá gcuid fear seoladh tar
n-ais fá dhéin na Spáinne. Nuair
chonnaic na Gaedhil an fheill-bheart
do bhí déanta ag Del Aguila — mar
feall do b'eadh é im' thuairim-se — ghlac
fearg mhór iad. D'ath-thóg an taoiseach
Ua Súilleabháin a chaisleán féin i
nDún Buidhe agus cosanadh go crodha 'n-a
dhiaidh sin é ar feadh i bhfad i n-aghaidh
ionnsaidhthe na Sasanach thuit san
deireadh é.
Sin iad mo smaointe i dtaobh Del
Aguila. 'Sé mo thuairim go mbeadh
Ua Néill agus Ua Domhnaill i bhfad níos
fearr dá bhfanfadh a leithéid sa bhaile
uatha.
An Madadh Ruadh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11