Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Seisear Fear as Conndae Mhuinneacháín ba mhó i Stair na hÉireann III
Title
An Seisear Fear as Conndae Mhuinneacháín ba mhó i Stair na hÉireann III
Author(s)
Ní Tuathaláing, Bríghid,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Seisear Fear as Conn- dae Mhuinneacháin ba mhó i Stair na hÉireann. III. Ó'n lá a sáitheadh ceann Éibhir Mhic Mhathghamhna ar bhior iarainn os cionn geata charcair Inis Ceithleann ní raibh fear i Muineachán a raibh réim aige ar mhuinntir na hÉireann go ham Chathail Uí Dhubhthaigh. Níor oibir aon fhear d'Éirinn ariamh i gcruadhtan níos mó. Nuair a bheirimid isteach i gcunntas comh han-mhór agus comh díogh- bhálach, go furmhór, is bhí réim Dhomhnaill Uí Chonaill ar chroidhthibh agus intinnibh muinntire na hÉireann, a n-ainbhfios agus a nGalldacht, daoitheamhlacht agus dalltacht fhurmhóir Easbog na hÉireann (níor bhain Easbog an Chlochair ná Easbog Dhoire leis an dream so, agus fuair an bheirt aca a n-oideachas i mbaile Mhuineacháin) agus an úsáid thíoránta a rinne siad dá gcumhacht Eaglaise os chionn na sagart n-óg nach raibh chomh dall ná chomh daoitheamhail leobhtha féin, feall- bheart an “Brass Band,” agus an dóigh ar sheas na heaglaisigh b'aoirde ins an tír leis na bhfeall-bheart sin, gorta '47-'48, an millteanas a rinne na tighearnaí talmhan ar na daoinibh 'n-a dhiaidh, caithfimíd aidbheáil nár throid taoiseach Éireannach ariamh i n-aghaidh cruadhtain ní ba mhó, ó sheas Cúchulainn i n-a aonar i gcoinne na gCeithre gCúigeadh. Sin 's uilig rinneadh obair mhór d'Éirinn ins an am úd agus tá mórán de thoradh na hoibre sin le feicsint go fóill, agus cia ar bith obair mhaith a rinneadh, má dhearcamuid ar gcúl 'sé an Dubhthach ba bhun-ughdar di. Má b'fhéidhmeamhail uasal Tomás Dáibhis, is dóiche nach gcluinfeadh Éire focal 'n-a thaobh a choidhche muna mbeadh an Dubhthach. Muna mbeadh é, bheadh Dáibhis, b'fhéidir, 'n-a dlightheoir i mBaile Átha Cliath Seaghán Mistéal 'n-a atúrnae i gConndae an Dúin, Toirdhealbhach Mac Mághnusa 'n-a éaduightheoir ar chaoi mhaith, Tomás Mac Aoidh 'n-a fhear cliste páipéir nuaidheachta ins an Oileán Úr agus Séamus Ua Mongáin agus Somhairle Mac Fearghusa ag déanamh bhéarsaí breághtha acht gan tír dhúthchais aca le grádhughadh nó le riar. Muna mbeadh an Dubhthach, ní bheadh “Cumann Éireann Óige” roimhe 'n ngorta nó “Cumann Éireann Óige” i ndiaidh an ghorta, Connradh Thuaidh 's Theas, “Nation Newspaper” nó “Library of Ireland,” agus is dóiche nach mbeadh Parnell Move- ment nó Parnell Policy i bhFeis Shasana, agus b'fhéidir, muna mbeadh an Dubhthach agus na compánaigh a chruinnigh
sé 'n-a thimcheall, nach gcuirfidhe bun ar Chonnradh na Gaedhilge choidhche. Gidh nach raibh baramhail ar bith ag an Dubhthach nó ag a chompánachaibh, acht amháin ag Dáibhis, ar luachmhaireacht theangadh dhúthchais, 'siad “Cumann Éireann Óige” an cuidiughadh do b'fheárr ag lasadh teine tír-ghrádha ins na daoinibh a chuir bun ar Chonnradh na Gaedhilge. Acht amháin Dáibhis, b'é an Dubhthach an fear ba chlúitighe agus b'fhearr i nÉirinn i n-a am. Mar thaoiseach ar a thír béidh sé i gcomh- naidhe ins an rang chéadna le Ruaidhrí Ua Mórdha, Uolfe Tone agus Parnell. Sílim go seasfaidh Cathal Ua Dubhthaigh i n-aice Aoidh Uí Néill ins an dóigh ar chruinnigh sé 'n-a thimcheall na fir do b'fhearr i nÉirinn agus ins an dóigh a raibh muinighin aca ann i gcomhnaidhe agus gean aca air, agus caithfimíd a dhul tamall maith ar gcúl i seanchus na hÉireann go bhfuighmid fear eile i n-innmhe seasamh le n-a thaobh-san. Féadann sinn a rádh, i n-éinfheacht le Cicham, “bhí an Dubhthach 'n-a athair orainn uilig.” I n-aice Chathail Uí Dhubhthaigh cuirim Seaghán Ua hAodha, Árd-Easbog Nua- Eabhrog. D'fhág Mac Uí Aodha a pharáiste dhúthchais, An Triúcha, 'n-a ghasúr óg, agus chuaidh sé le n-a thúismightheoiribh do'n Oileán Úr. Fuair sé seirbhís i nÁrd- Sgoil Chatoilice, ag obair cuid de'n am sa ngarrdha agus cuid de'n am istigh sa teach. Mar bhí cead aige a dhul do'n leabharlainn, chaitheadh sé gach a'n tamall a gheibheadh sé ag iarraidh tuilleadh léighinn d'fhágháil. Shonnruigh sagairt na hÁrd-Sgoile seo gan mórán moille agus chonnaic siad go raibh grádh mór aige ar léigheann agus cumas mór aige 'un eolas a chruinniughadh. Dá bhrígh seo tugadh Seaghán óg ó'n ngarrdha agus cuireadh i measg na mac léighinn é. Rinneadh sagart de agus i ndiaidh tamaill, bhí sé 'n-a Árd-Easbog i Nua-Ebhrog. Roimh am Easbuig Uí Aodha bhí na deoraidhthe Gaedhealacha sgabtha ann- súd 's annso agus sgartha ó n-a chéile, gan sgoil, gan sagart, gan séipéal dá gcuid féin aca, agus cailleadh furmhór na ndaoine seo agus a tsleachta a tháinic 'n-a ndiaidh ar chreideamh agus ar thír a sinnsear. Chruinnigh an tEasbog maith seo na Catoilicigh a bhí san Oileán Úr i gcionn a chéile agus chuir sé suas séiple agus scol- tacha daobhtha comh tréanmhar agus comh toraidheach nár dearnadh a leithéid d'obair ins na tír sin ariamh roimhe. Nuair a chonnaic sé go raibh na hÉireannaigh comh bocht 's nach dtioc- fadh leobhtha airgead go leor a thabhairt dó chum an obair riachtanach do chur 'un tosaigh, shiubhail sé do'n Fhrainnc, do'n Iodáil agus do'n Austria ag cruinn- iughadh airgid. An dóigh a shiubhail sé, a d'oibrigh sé agus a d'fhulaing sé, bheadh sé 'n-a sgéal ró-fhada le cur síos annso, gidh gur chóir do mhuinntir Mhuineacháin spéis mhór a bheith aca ins an sgéal. Is leor a rádh, agus tig linn sin do rádh, nár oibrigh Éireannach ar bith nó fiche Éireannach ar bith san Oileán Úr, comh dian le Seaghán Ua hAodha le muinntir na hÉireann a shábháil ó bheith caillte ar thír agus ar chreideamh a sinnsear. Má tá an Gaedhil ins an Oileán Úr fá láthair Gaedhealach i gcroidhe agus i ngníomh agus má's roinnt iad de na daoinibh atá ag cuidiughadh Éire do chur 'un tosaigh, agus í a dhéanamh séanmhar, is ag an Easbog Ua hAodha tá an onóir sin. (Tuilleadh) Bríghid Ní Tuathaláing
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services