Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Seisear Fear as Conndae Mhuinneacháín ba mhó i Stair na hÉireann III

Title
An Seisear Fear as Conndae Mhuinneacháín ba mhó i Stair na hÉireann III
Author(s)
Ní Tuathaláing, Bríghid,
Composition Date
1906
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Seisear Fear as Conn-
dae Mhuinneacháin ba mhó i
Stair na hÉireann.



III.



Ó'n lá a sáitheadh ceann Éibhir
Mhic Mhathghamhna ar bhior iarainn os
cionn geata charcair Inis Ceithleann
ní raibh fear i Muineachán a raibh réim
aige ar mhuinntir na hÉireann go
ham Chathail Uí Dhubhthaigh. Níor oibir
aon fhear d'Éirinn ariamh i gcruadhtan
níos mó. Nuair a bheirimid isteach i
gcunntas comh han-mhór agus comh díogh-
bhálach, go furmhór, is bhí réim Dhomhnaill
Uí Chonaill ar chroidhthibh agus intinnibh
muinntire na hÉireann, a n-ainbhfios
agus a nGalldacht, daoitheamhlacht agus
dalltacht fhurmhóir Easbog na
hÉireann (níor bhain Easbog an
Chlochair ná Easbog Dhoire leis an
dream so, agus fuair an bheirt aca a
n-oideachas i mbaile Mhuineacháin) agus
an úsáid thíoránta a rinne siad dá
gcumhacht Eaglaise os chionn na
sagart n-óg nach raibh chomh dall ná
chomh daoitheamhail leobhtha féin, feall-
bheart an “Brass Band,” agus an dóigh ar
sheas na heaglaisigh b'aoirde ins an
tír leis na bhfeall-bheart sin, gorta
'47-'48, an millteanas a rinne na
tighearnaí talmhan ar na daoinibh 'n-a
dhiaidh, caithfimíd aidbheáil nár throid
taoiseach Éireannach ariamh i n-aghaidh
cruadhtain ní ba mhó, ó sheas Cúchulainn
i n-a aonar i gcoinne na gCeithre
gCúigeadh. Sin 's uilig rinneadh
obair mhór d'Éirinn ins an am úd agus tá
mórán de thoradh na hoibre sin le
feicsint go fóill, agus cia ar bith obair
mhaith a rinneadh, má dhearcamuid ar
gcúl 'sé an Dubhthach ba bhun-ughdar di.



Má b'fhéidhmeamhail uasal Tomás
Dáibhis, is dóiche nach gcluinfeadh Éire
focal 'n-a thaobh a choidhche muna mbeadh
an Dubhthach. Muna mbeadh é, bheadh
Dáibhis, b'fhéidir, 'n-a dlightheoir i
mBaile Átha Cliath Seaghán Mistéal
'n-a atúrnae i gConndae an Dúin,
Toirdhealbhach Mac Mághnusa 'n-a
éaduightheoir ar chaoi mhaith, Tomás
Mac Aoidh 'n-a fhear cliste páipéir
nuaidheachta ins an Oileán Úr agus
Séamus Ua Mongáin agus Somhairle Mac
Fearghusa ag déanamh bhéarsaí breághtha
acht gan tír dhúthchais aca le grádhughadh
nó le riar. Muna mbeadh an
Dubhthach, ní bheadh “Cumann Éireann
Óige” roimhe 'n ngorta nó “Cumann
Éireann Óige” i ndiaidh an ghorta,
Connradh Thuaidh 's Theas, “Nation
Newspaper” nó “Library of Ireland,”
agus is dóiche nach mbeadh Parnell Move-
ment nó Parnell Policy i bhFeis
Shasana, agus b'fhéidir, muna mbeadh an
Dubhthach agus na compánaigh a chruinnigh


L. 05


sé 'n-a thimcheall, nach gcuirfidhe bun
ar Chonnradh na Gaedhilge choidhche.



Gidh nach raibh baramhail ar bith ag an
Dubhthach nó ag a chompánachaibh, acht
amháin ag Dáibhis, ar luachmhaireacht
theangadh dhúthchais, 'siad “Cumann
Éireann Óige” an cuidiughadh do
b'fheárr ag lasadh teine tír-ghrádha ins
na daoinibh a chuir bun ar Chonnradh na
Gaedhilge. Acht amháin Dáibhis, b'é an
Dubhthach an fear ba chlúitighe agus
b'fhearr i nÉirinn i n-a am. Mar
thaoiseach ar a thír béidh sé i gcomh-
naidhe ins an rang chéadna le Ruaidhrí
Ua Mórdha, Uolfe Tone agus Parnell.
Sílim go seasfaidh Cathal Ua Dubhthaigh
i n-aice Aoidh Uí Néill ins an dóigh ar
chruinnigh sé 'n-a thimcheall na fir do
b'fhearr i nÉirinn agus ins an dóigh a raibh
muinighin aca ann i gcomhnaidhe agus gean
aca air, agus caithfimíd a dhul tamall
maith ar gcúl i seanchus na hÉireann
go bhfuighmid fear eile i n-innmhe
seasamh le n-a thaobh-san.



Féadann sinn a rádh, i n-éinfheacht le
Cicham, “bhí an Dubhthach 'n-a athair
orainn uilig.”



I n-aice Chathail Uí Dhubhthaigh cuirim
Seaghán Ua hAodha, Árd-Easbog Nua-
Eabhrog.



D'fhág Mac Uí Aodha a pharáiste
dhúthchais, An Triúcha, 'n-a ghasúr óg, agus
chuaidh sé le n-a thúismightheoiribh do'n
Oileán Úr. Fuair sé seirbhís i nÁrd-
Sgoil Chatoilice, ag obair cuid de'n
am sa ngarrdha agus cuid de'n am istigh
sa teach. Mar bhí cead aige a dhul
do'n leabharlainn, chaitheadh sé gach a'n
tamall a gheibheadh sé ag iarraidh
tuilleadh léighinn d'fhágháil. Shonnruigh
sagairt na hÁrd-Sgoile seo gan
mórán moille agus chonnaic siad go raibh
grádh mór aige ar léigheann agus cumas
mór aige 'un eolas a chruinniughadh.
Dá bhrígh seo tugadh Seaghán óg ó'n
ngarrdha agus cuireadh i measg na mac
léighinn é. Rinneadh sagart de agus i
ndiaidh tamaill, bhí sé 'n-a Árd-Easbog
i Nua-Ebhrog.



Roimh am Easbuig Uí Aodha bhí na
deoraidhthe Gaedhealacha sgabtha ann-
súd 's annso agus sgartha ó n-a chéile, gan
sgoil, gan sagart, gan séipéal dá
gcuid féin aca, agus cailleadh furmhór na
ndaoine seo agus a tsleachta a tháinic 'n-a
ndiaidh ar chreideamh agus ar thír a sinnsear.
Chruinnigh an tEasbog maith seo na
Catoilicigh a bhí san Oileán Úr i gcionn
a chéile agus chuir sé suas séiple agus scol-
tacha daobhtha comh tréanmhar agus comh
toraidheach nár dearnadh a leithéid
d'obair ins na tír sin ariamh roimhe.
Nuair a chonnaic sé go raibh na
hÉireannaigh comh bocht 's nach dtioc-
fadh leobhtha airgead go leor a thabhairt
dó chum an obair riachtanach do chur
'un tosaigh, shiubhail sé do'n Fhrainnc,
do'n Iodáil agus do'n Austria ag cruinn-
iughadh airgid. An dóigh a shiubhail sé,
a d'oibrigh sé agus a d'fhulaing sé, bheadh
sé 'n-a sgéal ró-fhada le cur síos
annso, gidh gur chóir do mhuinntir
Mhuineacháin spéis mhór a bheith aca ins
an sgéal. Is leor a rádh, agus tig linn
sin do rádh, nár oibrigh Éireannach ar
bith nó fiche Éireannach ar bith san
Oileán Úr, comh dian le Seaghán Ua
hAodha le muinntir na hÉireann a
shábháil ó bheith caillte ar thír agus ar
chreideamh a sinnsear.



Má tá an Gaedhil ins an Oileán Úr
fá láthair Gaedhealach i gcroidhe agus i
ngníomh agus má's roinnt iad de na
daoinibh atá ag cuidiughadh Éire do
chur 'un tosaigh, agus í a dhéanamh séanmhar,
is ag an Easbog Ua hAodha tá an
onóir sin.



(Tuilleadh)



Bríghid Ní Tuathaláing

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services